Beidh Díseart, Institiúid Oideachais agus Chultúr Dúchais, Co Chiarraí, ag reáchtáil scoil samhraidh ceoil den chéad uair riamh i mí Iúil.
Beidh "Geantraí Chorca Dhuibhne: An Ceol Traidisiúnta in Iarthar Chiarraí" ar siúl idir Déardaoin 25ú Iúil agus Dé Dómhnaigh 28ú Iúil agus ranganna sa bhosca ceoil, sa veidhlín, san fhéadóg/flúit, sna píobaí uilleann agus in amhránaíocht sean-nóis ar an chlár nó, leoga, ar an gclár.
Cuirfidh teagascóirí na scoile béim ar leith ar cheol agus ar phoirt Iarthar Chiarraí agus is ar ghnéithe den cheol sin a bheidh na ranganna bunaithe. Beidh léachtaí gach tráthnóna a léireoidh an tábhacht ar leith a bhain le ceol agus ceoltóirí Chorca Dhuibhne tríd na blianta.
Dúirt duine de chomhairleoirí Dhíseart agus duine de na teagascóirí, Eilín Ní Bheaglaoich, go raibh saibhreas mór ceoil sa cheantar: "Tá sé in am é a chur os comhair an phobail agus deis a thabhairt do cheoltóirí eile go dteastaíonn uatha breis ceoil a fhoghlaim sa cheantar seo é sin a dhéanamh." Eolas: 066-9152476 nó ans@diseart.ie
- TÁ spriocdháta nua ann don iarchéim MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais atá á reáchtáil ag an aonad gnó lánGhaeilge, Fiontar, in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU). Ní mór d'iarrthóirí foirm iarratais chomhlánaithe a chur go dtí an Chlárlann san Ollscoil roimh 5 p.m. Dé hAoine, 7ú Meitheamh. Eolas: www.dcu.ie/fiontar nó 01- 7005614.