Gaeltacht Ros Goill - saotharlann nua teanga

Beagnach deich mbliana ó shin a thosaigh an colúnaí seo a thabhairt cuairt ar Ghaeltacht Ros Goill, Co Dhún na nGall, ceantar…

Beagnach deich mbliana ó shin a thosaigh an colúnaí seo a thabhairt cuairt ar Ghaeltacht Ros Goill, Co Dhún na nGall, ceantar Gaeltachta atá scoite amach ó cheantair mhóra Ghaeltachta eile an chontae.

Ar feadh na mblianta, níor chuala an colúnaí seo Gaeilge á labhairt ann; gí gur dúradh, arís agus arís eile, go raibh Gaeilge ag an duine seo nó siúd. Thug fianaise na gcluas le fios, ámh, nárbh fhíor an ráiteas - agus d'éirigh an cuairteoir seo searbh dá bharr. Níl rud ar bith níos ocraí ná cluas foghlaimeora i gceantar Gaeltachta.

De réir na bhfigiúirí a d'fhoilsigh Donncha Ó hÉallaithe ar Foinse le déanaí, ní bhaineann ach 34 faoin gcéad de phobal Ros Goill úsáid laethúil as an Ghaeilge. Léiríonn na figiúirí rud a bhí ar eolas ag na daoine féin - bhí an teanga ag meath. Ach ní raibh gach duine sásta géilleadh don mheath.

Bhunaigh daoine áitiúla Coiste Céim Aniar tá trí bliana ó shin. Iarracht a bhí sa choiste le ceist na Gaeilge a chur os comhair an phobail áitiúil agus iad a ghríosú chun gnímh.

READ MORE

Ar dtús, scríobh siad tuarascáil ar staid na teanga; thug suntas don oiread tithe samhraidh agus carbhán sa chomharsanacht, rud a chiallaigh gur lú seans ag an chuairteoir Gaeilge a chluinstin nó bíonn an ceantar dubh le turasóirí le linn an tsamhraidh. Thuairiscigh an colún seo ar a gcuid oibre an t-am sin.

Is é Aodh Mac Laifeartaigh cathaoirleach Chéim Aniar agus labhair an colún seo leis an tseachtain seo caite faoina raibh déanta ó shin agus a raibh le déanamh amach anseo: "Bhí rudaí imithe chun donais. Cha raibh sé chomh deacair sin an pobal a spreagadh le hathsmaoineamh a dhéanamh ar cá raibh muid ag dul. Bhí muid ag imeacht mar phobal Gaelach."

Is tástáil í obair an choiste agus is saotharlann í Ros Goill; léireoidh toradh na tástála a mbeidh i ndán don teanga agus, b'fhéidir, a mbeidh i ndán do gach ceantar imeallach eile Gaeltachta in Éirinn.

Shocraigh an coiste gur ghá meanma an phobail a ardú. Dá réir sin, chuir siad tús le hoícheanta caidrimh le cainteoirí a tharraingt le chéile agus thoiligh lucht gnó fógraí na siopaí ar an sráidbhaile, na Dúnaibh, a aistriú go Gaeilge. Lena chois sin, sheol siad nuachtlitir, Glór Ghoill, le fóram poiblí eolais a chruthú. Tá trí eagrán i gcló go dtí seo agus é ag dul i bhfeabhas ó eagrán go heagrán. Tuigeann an cuairteoir fánach féin gur ann anois do theanga dhúchais an cheantair.

Aithneoidh duine ar bith a phléigh le cúrsaí Gaeilge riamh cuspóir na bhfiontar áirithe seo: an teanga a dhéanamh feiceálach feidhmiúil.

D'aithin an coiste dóigh an-éifeachtach eile le daoine a thabhairt le chéile, a dúirt Mac Laifeartaigh, bhunaigh siad compántas drámaíochta, Aisteoirí Mhíobhaigh.

Léirigh siad an chéad dráma Gaeilge le fada an lá, Fear an Gheafta, i mí Aibreáin na bliana seo. Iarradh ar Phroinsias Ó Cuilinn an saothar a scríobh don ghrúpa agus 200 duine a tháinig an chéad oíche lena fheiceáil. Bhí tuairim is 160 i láthair an dara hoíche, a dúirt sé, iad uilig ag gáire leo agus ag baint suilt as an ócáid. Fíodh na daoine i ngréasán teanga.

Murab ionann agus ceantair eile, ní raibh cáil an cheoil ar an áit le tamall: "Ní raibh ceol traidisiúnta ar bith ar fáil. Anois, tá sin athraithe; tá forbairt déanta ar an ghné sin."

Agus san áit a mbíonn ceoltóirí, bíonn cainteoirí, a deir sé.

Tugann na hócáidí ceoil le fios do chuairteoirí go bhfuil cultúr ársa beo sa cheantar agus tá borradh faoin obair; tá bean óg a tógadh ann, Bríd Ní Mhaoileoin, i ndiaidh dlúthdhiosca amhrán, Ar Mhuin na Muice, a eisiúint. Tá a máthair, Caitlín, ag plé le Céim Aniar agus bhí aithne ag mórán daoine ar athair Bhríd, an scríbhneoir Brian Ó Maoileoin, nach maireann.

Tá an pobal ag tapú deiseanna eile le seilbh a ghlacadh ar a ndúchas. Cuireadh ceann ar ranganna dioplóma sa Ghaeilge tá dhá bhliain ó shin. Rinne 28 duine freastal ar an chúrsa an chéad bhliain agus bhain duine dhéag an dioplóma amach i mbliana.

Coláiste Mhig Aoidh, Ollscoil Uladh, atá i mbun an chúrsa agus tá rún ag cuid de lucht an dioplóma leanstan ar aghaidh agus céim a bhaint amach. Cuid de na daoine a bhí ar an chúrsa, ní dheachaigh siad thar an bhunscoil riamh. Tá an staidéar ag cothú bród nua iontu - as a gcumas léinn agus as saíocht na teanga.

Tá fadhbanna móra le sárú go fóill. Ní bheidh rath i ndán don obair gan an mhuintir óga bheith páirteach inti: "Níl maitheas ar bith ann mura ndíríonn muid ar an aos óg. Sin an dúshlán mór atá ann."

D'ullmhaigh siad iarratas - le cuidiú ó Mheitheal Forbartha na Gaeltachta - agus chuir faoi bhráid Údarás na Gaeltachta é féacháil le páirt a ghlacadh i scéim phíolotach, an Tionscnamh Teanga Pobail.

Tá práinn lena leithéid, a dúirt Mac Laifeartaigh. Tá Ros Goill ar an imeall ó thaobh stádas Gaeltachta de ach bhí súil aige go ndéanfadh an pobal iarracht an stádas a choinneáil.

Chuige sin, áfach, bheadh airgead i gceist; bhí déanta acu mar choiste deonach a dtiocfadh leo a dhéanamh: "Mura bhfuil an t-airgead ann, ní féidir an obair a dhéanamh." Tá maoiniú de dhíth le daoine óga a fhostú le hobair an choiste a fhorbairt.

Agus an rud atá fíor i Ros Goill, tá sé fíor ar an Daingean; ar na Forbacha, i mBaile Ghib agus in Acaill, ceantair eile atá i mbaol stádas Gaeltachta a chailleadh.

Táthar ann a thabharfadh "bréag-Ghaeltacht" ar Ros Goill ach tá daoine sa cheantar sin atá ar a míle ndícheall ag saothrú na teanga go deonach. Tá tacaíocht áirithe faighte acu go dtí seo ach tuilleann siad níos mó - agus ní bréag ar bith í sin.

Tá Ar Mhuin na Muice le Bríd Ní Mhaoileoin le hordú ó www.brid.at