Fadó fadó i dtír i bhfad i gcéin casadh fear ar fháinleog. Bhí an fear ag filleadh ar a chuibhreann agus bhí an fháinleog ag filleadh ar a nead. Bheannaigh siad dá chéile - mar ba den mhúineadh é - agus, mar a mhíníonn an seanfhocal, giorraíonn beirt bóthar.
"Cá bhfuil do thriall?" a d'fhiafraigh an fear den fháinleog.
"Ó dheas. Agus tú féin?"
"Ó thuaidh. Tá an Fómhar linn. Tá obair le déanamh."
"Tá nead bheag agamsa in íochtar na hAfraice agus tá agam le filleadh uirthi; tá oideachas le cur ar scallamáin."
"Is méanar duit," a dúirt an fear, "do shaol a chaitheamh in íochtar na hAfraice agus an ghrian ar do dhroim. Chaith mé féin seal samhraidh agus an ghrian ar mo dhroim féin agus tá drogall orm filleadh ar an obair."
"Caithfidh sé gur múinteoir thú," a dúirt an fháinleog, "ní bhíonn ag múinteoirí ach saoire."
"Ní múinteoir ná múinteoir mé. Tá cuibhreann beag agam agus is air sin a bheidh m'aird gach seachtain feasta go dtí go mbíonn síneadh sa laethanta arís eile."
"Feirmeoir atá ionat, mar sin."
"Feirmeoir focal," a dúirt an fear, "cuirim agus bainim agus cuirim agus bainim agus cuirim agus bainim seachtain ar sheachtain, mí ar mhí."
"Is méanar duit an deis bheith agat. Is beag duine a bhfuil cuibhreann dá chuid féin aige," a d'fhreagair an fháinleog.
"Á," arsa an fear agus lig sé osna a bhris croí na fáinleoige.
"Á," arsa an fháinleog, "tá tú faoi smúit."
"Tá mé faoi smúit mar go gcaithfidh mé cúram a dhéanamh den chuibhreann arís eile agus ní heol dom cad é a bhainfeas mé."
"Agus," a d'fhiafraigh an fháinleog, "nach eol duit cad é a thiocfas as na síolta a chuireann tú?"
"Ní heol, leoga. In amanna, fásann rósanna agus in amanna eile fásann fiailí. Ní heol dom ó sheachtain go seachtain cad é a thiocfas as an ithir aníos."
"Ní maith leat fiailí," arsa an fháinleog.
"B'fhearr liom rósanna agus lus an chromchinn agus lus na gréine agus sin an fáth go dtig daoine a bhreathnú an chuibhrinn bhig s'agamsa," a dúirt an fear agus lig an dara hosna. "Mura mbíonn fómhar maith bláthanna, níl a fhios agam cad é a dhéanfas mé."
"An bhfuil a fhios agatsa," a dúirt an fháinleog, "níl san fhiaile ach bláth fiáin."
"Bláth fiáin?"
"Bláth fiáin ach bláth mar sin féin."
Rinne an fear cogaint ar an eolas agus dúirt sa deireadh: "Is tú an fháinleog is éirimiúla dar casadh orm riamh" - agus níor luaigh sé gur nós leis roimhe seo na fáinleoga a scaoileadh anuas as an spéir lena ghránghunna.
"Tá muid uilig an-éirimiúil mar fháinleoga mar go gcaitheann muid an oiread sin ama ag eitilt sa spéir agus ag machnamh ar an domhan mór thíos," a dúirt an fháinleog.
Bhí sí ar tí a rá gur nós le cine an fhir a cuid deirfiúracha agus deartháireacha a scaoileadh as an spéir anuas ach níor luaigh; ní bheadh sé múinte.
Scar an fear agus an fháinleog agus d'imigh an ghruaim den fhear. Nach ag an fháinleog a bhí an ceart; bhí cuibhreann aige agus is beag duine eile a raibh cuibhreann aige.
Bhain sé a chuibhreann amach agus chuir a chuid síolta; d'fhan sé go dtí gur fhás na gais as an ithir aníos.
"Fiaile," a dúirt sé faoi dhíomá sular chuimhnigh sé ar chaint an éin. "Bláth fiáin."
Níor mhiste sin an tseachtain seo ach ba mhór leis rós an chéad seachtain eile.