Beocheist: I rith an tsamhraidh seo chugainn beidh 80 bliain ann ó chuaigh Countess Constance Gore-Booth Markiewicz ar an mórshlua agus naoi mbliana déag is dhá scór aici.
Thar aon bhean eile a raibh baint aici leis an ngluaiseacht neamhspleáchais in Éirinn ag tús na 20ú haoise is dócha gurb í Markiewicz is mó a bhfuil cur amach éigin ag muintir na hÉireann uirthi.
Tá a fhios againn go léir ó na ranganna staire gur phós sí Cunta Polannach agus gur tháinig sí chun fóirithinte ar chleithiúnaithe na n-oibrithe a ndearnadh frithdhúnadh orthu i 1913 agus cistin phoiblí á rith aici i Halla na Saoirse.
Fiú an té a bhí ag múitseáil ó na ranganna staire, beidh a fhios aige gur ghlac Markiewicz páirt in Éirí Amach na Cásca 1916 is gurbh ise an chéad bhean a toghadh go Dáil Shasana.
Ar ndóigh, beidh na héachtaí seo go léir á ríomh is á gcur i gcuimhne dúinn i mí Iúil agus gan mórán nuacht chrua le tuairisciú ag na meáin. Is cinnte gur beag focal diúltach a luafar i leith na Cuntaoise seo a bhfuil idir linnte snámha is pháirceanna imeartha baiste aisti agus dornán leabhar scríofa mar gheall uirthi.
Ach is bean í a bhfuil focal diúltach ag dul di. Pé crógacht a bhí inti, ba bhean díomasach mhórluachach í a rinne uasal le híseal.
Ar aon nós is é sin an cur síos a dhéantar uirthi sa leabhar Revolutionary Woman: My Fight for Ireland's Freedom le Kathleen Clarke a chuir O'Brien Press amach i 1991. Is í Helen Litton, garneacht le Kathleen Clarke, a chuir an dírbheathaisnéis seo in eagar. Ar ndóigh, bhí Kathleen Clarke pósta le Tomás Ó Cléirigh, duine de shínitheoirí Fhorógra na Poblachta a cuireadh chun báis i ndiaidh an Éirí Amach.
Lean Bean Uí Chléirigh ar aghaidh, áfach, ag gníomhú ar son neamhspleáchas na hÉireann agus d'éirigh sí ina piarda mór i Sinn Féin. In éineacht leis na céadta ball eile de Shinn Féin gabhadh í i 1918 de dheasca na Comhcheilge Gearmánaí, scéal a chum rialtas na Breataine chun an bonn a bhaint ó na heagraíochtaí náisiúnaíocha.
Carcraíodh baintreach Thomáis Uí Chléirigh i bpríosún Holloway i Sasana agus ar na mná eile a cimíodh san áit chéanna bhí an Chuntaois Markiewicz is Maud Gonne agus muna mbeadh i ndírbheathaisnéis na mná réabhlóidí ach a bhfuil le rá aici faoi Mharkiewicz, b'fhiú é a léamh.
Ligeadh do na príosúnaigh dul amach faoin aer go dtí clós an phríosúin ar feadh tamaill áirithe gach lá chun aclaíocht a dhéanamh agus ag tús na tréimhse a chaith na mná tírghrácha seo i gcarcair shiúladh Markiewicz is Gonne timpeall an chlóis i dteannta a chéile, na plugaí a raibh aithne acu orthu á lua acu is iad in iomaidh le chéile faoi cé acu a raibh an stádas sóisialta ab airde aici.
Choimeád Bean Uí Chléirigh amach ó na comhráite neafaiseacha seo is shiúladh sí suas síos an clós ina haonar agus páipéar Éireannach á léamh aici. Ba go maith a thuig sí nach raibh mórán cosúlachta idir í féin agus a comhchimí postúla a bhí os cionn na coitiantachta, dar leo féin.
Ach ar eagla nár léir é seo do bhaintreach Thomáis Uí Chléirigh, rinne an Chuntaois a dícheall cur i gcion ar Chaitlín a mhéad an difríocht eatarthu maidir lena gcéim sa saol.
Níor chuir an difríocht aicmeach seo lá buartha ar Bhean Uí Chléirigh ach rud a chuir dóiteacht uirthi ná uasal le híseal bheith á dhéanamh ag Markiewicz uirthi.
Chonacthas do Chaitlín go raibh sé ag déanamh imní do Mharkiewicz go raibh bean chomh neamhthábhachtach léi féin curtha i bpríosún le Cuntaois churata dá mianach.
"Ní fheadar ó thalamh an domhain cad ina thaobh ar gabhadh bean chomh ciúin beagthábhachtach leat féin?" is ea a deireadh Markiewicz lena comhphríosúnach.
Ní nach ionadh, bhris an fhoighne ar Chaitlín ar deireadh thiar thall is thug sí leadhb dá teanga don Chuntaois. Dúirt sí go raibh gá le duine éigin, fiú neamhdhuine cosúil léi féin, chun an obair a choimeád ar siúl nuair a bhí daoine mórchúiseacha ar nós na Cuntaoise faoi ghlas.
Pé ar domhan é, níor rug na póilíní ar Chaitlín toisc gur ghnách léi dul suas ar ardáin agus óráidí a thabhairt nach raibh iontu ach iarratais ar na húdaráis í a ghabháil. Chuir an freagra sin deireadh le goineogacht na Cuntaoise.
Agus éachtaí Mharkiewicz á gcomóradh againn sa todhchaí cuimhneoimis ar Bhean Uí Chléirigh agus ar chuir sí suas leis i Holloway i 1918.