Beocheist: Plus ça change... Ní athraíonn mórán i gCeanada: tagann páirtithe polaitíochta agus imíonn siad, ach fágtar an náisiún céanna leis na fadhbanna céanna.
Bhuaigh na Liobrálaithe arís in olltoghchán náisiúnta le deireanas - ach ar éigean. Ní bhfuaireadar ach 135 ionadaí parlaiminte, agus ní móramh é sin i bparlaimint na Cónaidhme.
Ach toisc nach bhfuil polaiteoirí Cheanada cleachtaithe le nóisean an chomhrialtais, bunóidh na Liobrálaithe rialtas mionlaigh agus iad ag súil le tacaíocht ó pháirtithe eile chun tairiscint ar bith a ghlacadh.
Bhí móramh láidir ag na Liobrálaithe le fada. Bhí rath ar Paul Martin, príomhaire nua na tíre ag tús na bliana, agus ainm agus sloinne rí-oiriúnach do pholaiteoir Ceanadach air, ó tharla gur féidir iad a fhuaimniú go héasca i gceachtar den dá theanga oifigiúla. Ach ansin d'éirigh scannal faoin méid airgid a bhí caite ag an rialtas ar son "aontacht an náisiúin" i Québec. D'iompaigh na daoine go tobann ina choinne. Ceapadh go mbrisfí na Liobrálaithe as oifig sa toghchán seo. Ach ní díreach mar sin a tharla.
Chaill na Liobrálaithe go tubaisteach i Québec, áit a bhfuil an Bloc Québécois, páirtí an neamhspleáchais, chomh tréan anois is a bhí riamh le 54 ionadaí. Thug muintir na Fraincise droim láimhe leis na Liobrálaithe an babhta seo.
An chúis leis sin ná an affaire des commandites, scannal na coimirce. Bhí rialtas Ottawa tar éis airgead a thabhairt do chomhlachtaí fógraíochta a raibh seanbhaint acu leis an Pháirtí Liobrálach chun bolscaireacht a dhéanamh ar son "aontacht an náisiúin" (.i. Ceanada).
Bhí cruinnithe spóirt agus ócáidí poiblí eile i Québec á gcur faoi choimirce rialtas na Cónaidhme acu agus bratacha Ceanadacha agus a leithéid á dtaispeáint go feiceálach ann. Bhí suimeanna ollmhóra á gcaitheamh ach is beag tairbhe a bhí ag teacht astu. Measadh fiú go raibh cuid mhaith den airgead ag dul ón rialtas go dtí na comhlachtaí agus á thabhairt acu siúd don Pháirtí Liobrálach féin.
Pé scéal é, nuair a nocht an scannal seo i dtuairisc ó Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste na Cónaidhme i mbliana, bhí déistin ar mhuintir na tíre uile mar thuig siad go raibh na Liobrálaithe rófhada i réimeas agus ceannach agus breabaireacht ar siúl ag cuid áirithe díobh. Ach bhí fearg an domhain ar mhuintir Québec. Mheasadar féin go raibh na Liobrálaithe ag iarraidh ceap magaidh a dhéanamh díobh agus an dallamullóg a chur orthu - iad ag tabhairt bratach Cheanadach bheag don ghnáthmhuintir agus ag maoiniú a gcairde féin ag an am céanna. Fuair an Bloc Québécois an lámh in uachtar go héasca i measc an phobail agus bhuadar go dearfa sa toghchán seo.
Bhuaigh na Coimeádaigh in Iarthar Cheanada mar is gnáthach, ach níor éirigh leo an bua a fháil in Ontario; mar sin fágadh i bhfad i ndiaidh na Liobrálaithe iad le 99 ionadaí parlaiminte.
Páirtithe lucht an Bhéarla agus an Iarthair ar an taobh amháin, agus páirtí Québec, páirtí lucht na Fraincise, ar an taobh eile. "Two solitudes", dhá uaigneas, a thug scríbhneoir Béarla ar an dá phobal teanga sa tír fadó. Dialogue des sourds, agallamh na mbodhar, is ea leagan na Fraincise ar bheirt nach mbíonn ag éisteacht lena chéile agus iad ag comhrá.
Cheapfá go raibh tíortha éagsúla i gceist go minic agus tú ag plé leis na meáin i Québec agus i gCeanada an Bhéarla. Éist leis an nuacht ar an raidió nó ar an teilifís sa dá theanga, nó léigh Le Devoir (Montréal) agus an Globe and Mail (Toronto) agus ní chreidfeá uaireanta go bhfuiltear ag trácht ar an tír chéanna.
Níl aon pháirtí i gCeanada faoi láthair atá ábalta an pobal iomlán idir lucht an Bhéarla agus lucht na Fraincise a aontú mar a rinne Brian Mulroney 20 bliain ó shin. B'shin ceannaire a raibh ar a chumas na vótaí a bhuachan i ngach áit sa tír: i Québec agus in Ontario, ó Thalamh an Éisc go dtí an Cholóimbe Bhreatnach. Sin toisc gur Québécois é a raibh an Béarla mar theanga dhúchais aige ach a raibh an dá theanga ar a thoil aige agus a thuig saol Québec agus meon lucht na Fraincise.
Don gcuid is mó, ní thuigeann lucht an Bhéarla - ach go háirithe - an éagsúlacht cultúir atá idir iad féin agus muintir Québec. Caithfear a admháil nach meastar gné an chultúir sa pholaitíocht i gcoitinne; ní thugtar aird ach ar chúrsaí eacnamaíochta. Ach is teorainn mhór í teorainn teanga, níos daingne agus níos doichte uaireanta ná Múr Bheirlín.
Is Ceanadach é Torlach Mac Con Midhe