‘Níor theastaigh uainn sorcas bheith againn arís," a dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seosamh Mac Donncha, agus é ag cur beirt stiúrthóirí nua de chuid an Fhorais i láthair ag preasócáid i mBaile Átha Cliath arú inné. Is ag tagairt a bhí sé dá cheapachán féin tá roinnt míonna ó shin. An t-am sin seoladh litir a cheapacháin chuig an duine contráilte.
Sheachain an Foras a leithéid d'aiféaltas a tharraingt anuas orthu féin an iarraidh seo.
Mar sin féin, bhí rian beag imní le sonrú ina gcur chuige. San áit a mbeifeá ag súil le muinín, bhí mothú inteacht amhrais agus iad i láthair na meán. Ní gan chúis an t-imní céanna.
Cháin Cathaoirleach an Fhorais, Maighréad Uí Mháirtín, tuairiscí nuachta a thug le fios go raibh an Roinn Cultúir, Ealaíne agus Fóillíochta i mBéal Feirste ag cur as d'fhorbairt an Fhorais. "Ní fíor," a dúirt sí níos mó ná uair amháin le linn di bheith ag caint. Chuir sí béim ar an dea-chaidreamh a bhí idir an Foras agus a máthair-ranna, an roinn sa Tuaisceart agus an Roinn Gnóithe Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta sa Phoblacht.
Bhí an príomhfheidhmeannach lán chomh maol ina chuid cainte. Dúirt sé go raibh níos mó dochair déanta ag tuairiscí nuachta don Fhoras ná mar a bhí déanta ag polaiteoirí. Chosain seisean fosta an dea-ghaol a bhí idir an Foras agus na daoine lena mbíonn siad ag plé.
Ba go tánaisteach a caitheadh le ceapadh an bheirt stiúrthóirí nua: Éamon Ó hArgáin, Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha agus Micheál Ó Ríordáin, Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha.
Ach má bhí sásamh ar an Fhoras an dá phost shinsearacha seo a fhógairt líonta mar chuid d'athstruchtúrú an eagrais, bhí drochscéal sa mhéid is gur theip orthu post an LeasPhríomhfheidhmeannaigh a líonadh.
Bhí an ceapachán sin le lonnú i mBéal Feirste agus bhí cúram oideachais le bheith ar an té a cheapfaí. De bharr na teipe sin, bhí rún ag an Fhoras gan LeasPhríomhfheidhmeannach a cheapadh san am i láthair. Ina áit sin, bhí rún acu Stiúrthóir agus Ceannaire Seirbhísí Oideachais a lorg, post níos sóisearaí.
Arís, bhí imní inteacht le mothú ar lucht an Fhorais agus iad ag cur an eolais seo i láthair. Bhí siad ar a ndícheall ag léiriú thábhacht Bhéal Feirste don Fhoras. Ní raibh éalú, ámh, ar an drochscéal nach raibh duine le haimsiú a chomhlíon na critéir agus gur ag tarraingt siar a bhí siad ón phost.
D'eascair roinnt nithe as an phreasócáid a mbeidh impleachtaí acu don Fhoras amach anseo. Chosain Uí Mháirtín an Foras go láidir, á rá go raibh cuid mhór bainte amach ó bunaíodh é an chéad lá riamh.
Dhírigh sí aird na n-iriseoirí (an ceathrar acu a bhí i láthair) ar cheapacháin an Phríomhfheidhmeannaigh agus na Stiúrthóirí; ar oifig Bhéal Feirste agus ar an phlean straitéiseach a bhí le foilsiú ar ball mar léiriú den obair a bhí ar siúl.
Ach - diomaite de Mhac Donncha - is ceapacháin inmheánacha a rinneadh. Tá Ó hArgáin agus Ó Ríordáin beirt ag obair le Bord na Gaeilge (mar a bhí) ó 1980 ar aghaidh. Dá fheabhas iad, níor léirigh an ócáid go raibh an cumas san Fhoras daoine nua a mhealladh isteach ón taobh amuigh. Thuigfeá go measann lucht an Fhorais tábhacht bheith leis an athstruchtúrú seo. Ach, do mhórán daoine, níl ann ach atheagar ar sheanBhord na Gaeilge - agus atheagar fadálach.
Agus san áit a mbeifeá ag súil le ceapachán nua sa Tuaisceart agus ábhar mórtais dá bharr, níor éirigh leo an sprioc sin a bhaint amach. Níos measa arís, tá gach cuma ar an scéal gur chuir siad a súil thar a gcuid leis na critéir a leag siad féin síos.
BHÍ éiginnteacht le mothú sa chaint a rinneadh ar an phlean straitéiseach fosta. Socróidh an plean seo cad é an cur chuige a bheidh ag an Fhoras - agus ag na heagrais dheonacha - agus iad ag cur na teanga chun cinn ar bhonn oileánda. Leis an phlean a chur i gcrích, bhí an t-eagras ar lorg ardú buiséid: ó €18 suas go €26.
An mbeifeá ag súil le hardú ó tharla go bhfuil an Rialtas ag gearradh siar ar chaiteachas, an cheist a cuireadh. Tá "cás maith déanta againn" a dúirt an príomhfheidhmeannach. Is mór idir sin agus dóchas gan srian, mheasfá.
I gcás airgid de, caithfear a rá gur teip bhunúsach í nár fhoilsigh an Foras tuarascáil bhliantúil nó cuntais sna trí bliana ó bunaíodh é. Ní féidir obair an eagrais a mheas go beacht muna mbíonn teacht ar chuntais agus ar na deontais a thugtar.
(Lena gceart a thabhairt don Fhoras, d'aithin siad sin agus thug le fios go raibh obair ar siúl leis na tuarascálacha agus cuntais chéanna a chur ar fáil. Is mithid.)
Tá ábhar eile amhrais i saol an Fhoras - polaitíocht an Tuaiscirt. Beidh toghchán ar siúl i mí na Bealtaine 2003 do Thionól Thuaisceart Éireann. Tá an feachtas toghchánaíochta ar siúl faoi láthair ag aontachtaithe agus náisiúntóirí.
Ní dócha gur den chéill pholaitiúil é ag Micheal McGimpsey, aire sa Roinn Cultúir i mBéal Feirste agus aontachtaí atá ar son an Chomhaontaithe, béim róphoiblí nó rómhór a chur ar chúrsaí Gaeilge idir seo agus siúd. Bheifeá ag súil go gcomhlíonfadh sé a chuid dualgas i leith na teanga go coinsiasach mar atá déanta aige go dtí seo, gan amhras. Ach thiocfadh dó go mbeadh air bheith cúramach le ceist na Gaeilge má tá sé féin agus a pháirtí le teacht slán ón DUP.
Tapóidh tacaithe teanga Shinn Féin an deis le brú a chur air ina ainneoin sin agus an talamh a ullmhú do bhall dá bpáirtí féin le seilbh a ghlacadh ar an roinn chéanna. Níor mhaith siad riamh dó é gur thóg sé an curadhmhír seo de Bhairbre de Brún.
Faoi chomhaltaí agus fheidhmeannaigh an Fhorais a bheidh sé cúrsa a stiúradh idir na taoidí éagsúla sin. Ní féidir ach práinn a gcáis a aithint. Má theipeann orthu, teipfidh ar gach eagras agus gach plean Gaeilge. Is ag an Fhoras atá an t-airgead agus is tríd an Fhoras a chaithfeas gach plean taisteal.
Ní raibh sorcas ar bith ann Dé Luain. Ach ní hionann sin agus a rá nach bhfuil cumas sorcais sa ghnó go fóill.
SHEOL an Foras aighneacht dhátheangach ar Bhille Cumarsáide de chuid na Ríochta Aontaithe Dé Luain. Socróidh an Bille Cumarsáide áit na dteangacha Ceilteacha ar sheirbhísí teilifíse na Breataine agus Thuaisceart Éireann san am atá le teacht. Luaitear Gàidhlig agus Breatnais sa reachtaíocht ach ní dhéantar trácht ar bith ar an Ghaeilge sa Tuaisceart.
Molann aighneacht an Fhorais gur cheart an Bille a leasú le Comhaontú Bhéal Feirste a "urramú". Mhol siad fosta gur cheart don Bhille TG4 a ainmniú mar seirbhís 'riachtanach le hiompar' ar gach ardán teilifíse digití agus gur cheart ciste oiliúna agus táirgthe a chur ar bun do chláir Ghaeilge a bheadh dírithe ar chainteoirí Gaeilge sa Tuaisceart.
Tugann an aighneacht le fios go gcabhródh "na bearta neamhchostasacha agus neamhthoirmeascacha sin chun leanúint den phróiseas cothaithe muiníne laistigh de Thuaisceart Éireann ar bhonn Chomhaontú Aoine an Chéasta".