Ní furasta an tasc a bhíonn ag lucht riartha Scoil Gheimhridh Merriman, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.
Is beag ócáid eile ag a mbíonn an oiread sin de shaineolaithe ar shaíocht na Gaeilge bailithe le chéile ann agus bítear ag iarraidh lón intleachta a chur ar fáil dóibh.
Ní mór dóibh fosta freastal ar na daoine sin a thagann gach bliain chun bualadh le seanchairde i dtimpeallacht Ghaeilge agus nach dteastaíonn uathu ach blaiseadh beag de léann na Gaeilge.
Meascán maith de throm agus éadrom a bhí sna cainteanna a tugadh ag an Scoil, a bhí ar siúl i mBun Raite, Co an Chláir, ag an deireadh seachtaine. Bhí an meascán sin le feiceáil i siompóisiam a bhí ar siúl maidin Dé Sathairn
Dhá chaint an-difriúil a chualathas ó Mháire Ní Annracháin agus Joe Steve Ó Neachtain.
Sa chaint scolártha a thug sí ar phrós na Gaeilge ag tús na mílaoise, rinne an Dochtúir Ní Annracháin cur síos ar dhóigheanna ina bhféadfadh an prós liteartha bheith contúirteach mar go bhfuil sé ar a chumas léitheoirí a mhealladh chun chomhbhá bheith acu le holc agus, dar léi, is contúirt í nach mór do scríbhneoirí próis na linne seo bheith ar an airdeall roimpi.
Ainneoin sin, bhí ardmholadh aici don phrós liteartha atá á scríobh i nGaeilge faoi láthair agus don chumas atá ag na scríbhneoirí "diamaint próis a fhaisceadh as suarachas an tsaoil".
"Éan bréan a mholas é féin" ba theideal do chaint Uí Neachtain agus cé gur bheag buaileam sciath a bhí ag an scríbhneoir seo, ar thug an cathaoirleach "fathach cultúrtha Chonamara" air, ba léir go raibh an lucht éisteachta faoi dhraíocht ag a chuid cainte.
Sa chur síos fileata a rinne se ar an dúiche inar tógadh é - dúiche a bhí "ag brúchtáil le saibhreas cultúir" - chuir sé an-bhéim ar thábhacht an asail sna garrántaí beaga thart ar an Spidéal: "An lá a tugadh droim láimhe don asal a tháinig meath ar chultúr na Gaeltachta."
Mar sin féin, cuireann sé fáilte roimh an fhorbairt a chuir deireadh leis an imirce ina cheantar dúchais agus a thug deis dó féin beagán airgid a shaothrú ón scríobh.