Beart de reir briathair

Beocheist: The killing of a Chinese student in Dublin is a wake-up call to all of us,writes Seán Ó Briain

Beocheist: The killing of a Chinese student in Dublin is a wake-up call to all of us,writes Seán Ó Briain

'Is náire shaolta í an fhoireann náisiúnta peile. Is inimiricigh iad a bhformhór agus níl fiú focail an amhráin náisiúnta ar eolas acu."

B'shin a dúirt Jean Marie le Pen, Ceannaire Front National na Fraince, faoi fhoireann náisiúnta peile na Fraince i Mí an Mheithimh 1998. Bhí port níos dearfa á sheinm aige, áfach, trí seachtaine níos déanaí nuair a bhuaigh an fhoireann chéanna Corn an Domhain le dhá chúl ó Zidane agus ceann eile ó Petit.

Tháinig milliún Francach amach ar an Champs Élysées chun an bua a cheiliúradh an oíche chéanna. Francaigh de gach dath agus de gach creideamh, go leor inimircigh ina measc, ag canadh agus ag damhsa le chéile ag ceiliúradh bua foirne a bhí ina macasamhail den tsochaí féin.

READ MORE

Tá sé de mhí-ádh ar Éirinn gurb oiléan iargúlta í nár tharraing mórán airde uirthi féin le fada go dtí gur tháinig borradh as cuimse ar an gheilleagar sna 1990í. Ach féach gur tháinig Ceiltigh, Lochlannaigh, Normannaigh agus Sasanaigh chun na tíre mar sin féin - agus gurbh inimirceach ab ea Aspal na nGael, Naomh Pádraig féin.

Ní raibh leisce riamh ar na Gaeil dul ar lorg tearmainn nó ar thóir oibre thar lear. Oileán na Naomh agus na nOllamh ag seoladh sagart, misinéirí agus mic léinn thar sáile.

Na Géanna Fiáine ag teitheadh roimh na Sasanaigh. Dhá mhilliún Éireannach ag cur faoi i Meiriceá idir an Gorta Mór agus tús an chéid. Gaeil ag obair ar an Lagán, Micí Mac Gabhann ar an Yukon, deoraithe ag obair i Sasana, Gaeil óga ag tabhairt a n-aghaidh ar an Astráil nó ag dul ag obair go neamhdhlíthiúil sna Stáit Aontaithe mar "chuairteoirí" sna 1980í.

Cuireann sé fearg agus déistin orm mar sin an chaoi a bhfáiltímid roimh inimircigh sa tír seo agus Polasaí Thadhg an Dá Thaobh a ghlacann an Rialtas agus an Roinn Dlí is Cirt ach go háirithe orthu féin.

Fearaimid fáilte roimh altraí ón iasacht ach cuirimid suas iad in árasáin suaracha lán de fhrancaigh. Cuirimid fáilte roimh oibrithe ón iasacht - ón Bhrasaíl, ón Romáin, ón Liotuáin nó ón Laitvia - agus cuirimid ag obair iad sa bhfuacht sna monarchana feola agus bia ag déanamh pé oibre nach mbíonn na Gaeil féin sásta a dhéanamh.

Tá na hoibrithe buíoch dínn agus ní bhíonn fonn gearáin orthu ar ndóigh. Mura dtaitníonn an cineál sin oibre leo, áfach, tá fadhb mhór ann. Tugann an Roinn an "ceadúnas oibre" don fhostóir seachas don fhostaí. Bí ag caint ar shaoirse taistil.

Cuirimid doicheall roimh dhaoine ar lorg tearmainn. Cuirimid suas i gcampaí saoire nó campaí airm iad ar feadh bliana. Tugaimid bia, lóistín agus £15 in aghaidh na seachtaine dóibh. Ach ní thugaimid cead oibre dóibh. Níl aon leigheas ar an scéal ach iad a mharú le díomhaointeas.

Tugaimid cuireadh do scoláirí ón iasacht - agus ón tSín ach go háirithe - teacht go hÉirinn agus Béarla a fhoghlaim roimh chur isteach ar chúrsa i gColáiste na Tríonóide nó Coláiste Griffith, mar shampla.

Meastar gurb iad na Sínigh an mionlach eitneach is mó anois in Éirinn, thuaidh agus theas. Tagann siad anseo chun feabhas ár gcóras oideachais a bhlaiseadh. Ní thuigeann siad, áfach, nach múineann na scoileanna do na Gaeil gur féidir le Sínigh rudaí eile a dhéanamh seachas proinnteach gasta blasta a oscailt.

IS mic léinn iad seo a íocann suas le deich míle euro an duine chun freastal ar scoileanna tríú leibhéal anseo. Tá sé d'ádh orm gur chuir mé aithne mhaith ar roinnt mhaith acu agus mé ag múineadh Béarla dóibh.

Agus tú ag léamh nuachtáin na hÉireann, shílfeá gur baill de na Triads iad. Ach a mhalairt ar fad atá fíor. Dream níos múinte, níos séimhe, níos síochánta agus níos tuisceanaí níor bhuail mé leo riamh.

An aon ionadh é mar sin gur chuir marú an tSínigh óig, Zhao Liu Tao, i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite an oiread sin feirge orm agus ar mo chomhÉireannaigh?

Aineolas agus eagla, éad agus leatrom, claonadh agus fuath, easpa cinnireachta agus oideachais agus thar aon ní eile easpa polasaithe cruinne cothroma is cúis leis an gciníochas a fheictear ar shráideanna na hÉireann in aghaidh an lae.

Ní trua ná fuath atá de dhíth ar inimircigh, ach meas agus cothrom na Féinne. Is ball d'aon chine amháin - an cine daonna - sinn ar fad.

Beart agus ní caint atá uainne, anois.