Athbheochan an chultuir dhuchasaigh sa Nua-Shealainn

Uair amháin bhí pobal ársa ann a raibh teanga acu agus a chleacht a ndúchas

Uair amháin bhí pobal ársa ann a raibh teanga acu agus a chleacht a ndúchas. Bhíodh cónaí ar na daoine seo i measc a muintire féin i sráidbhailte thíos faoin tír. Níor bhacadar mórán le nósanna na strainséirí a bhí tagtha go dtí an tír agus a raibh a dteanga Bhéarla agus a ndúchas féin acu, a scríobhann Torlach Mac Con Midhe.

Ach bhí obair le fáil sna cathracha nua, dianobair cinnte, ach obair a raibh tuarastal uirthi agus bhí na daoine seo bocht go leor ar a dtailte féin. Ó bhliain go bliain, d'imigh na fir óga go dtí na cathracha agus lean mná agus páistí iad, go dtí go raibh níos mó díobh ag maireachtáil sna bailte móra ná mar a bhí thíos faoin tír.

Is ansin a thosaigh na daoine ag tréigean a ndúchais. Chaitheadar an teanga uathu. Bhí Béarla á fhoghlaim ag na páistí sna scoileanna stáit agus, diaidh ar ndiaidh, chuaigh na teaghlaigh i muinín na teanga sin freisin.

Bhí staid na teanga chomh dona sin sa tír faoi na 1970í go raibh glúin iomlán Maori fásta aníos i mbailte móra na Nua-Shéalainne nach raibh cumas na teanga dúchais acu in aon chor. Fágadh an teanga do na seandaoine agus dóibh siúd a d'fhan faoin tuath.

READ MORE

Sna 1970í cheana rinne grúpa ban iarracht chun an teanga a tharrtháil agus a thabhairt ar ais do na daoine óga. Bhunaigh siad Kohanga Reo, saghas Kindergarten ina dtabharfaí buntús cainte na Maoraise don dream is óige.

D'éirigh go maith leo agus bunaíodh scoileanna eile chun oideachas trí mheán na teanga a thabhairt do pháistí níos sine agus do dhéagóirí. Ar deireadh, d'éirigh leis an gcóras oideachais nua maoiniú a fháil ón rialtas dá chuid scoileanna.

Idir an dá linn, bhí athruithe an-dian ag teacht ar chúrsaí na Nua-Shéalainne. Tharla cliseadh eacnamaíochta agus airgeadais sna 1990í agus cailleadh a lán post san athstruchtúrú a lean é. Ba iad lucht na Maori is mó a bhí thíos leis seo. Bhí an dífhostaíocht go dian ina measc dá réir.

Dá thairbhe sin, chuaigh cuid mhaith Maori ar ais go dtí an tuath agus a sráidbhailte féin. Chuadar ar an marae (.i. teach an phobail nó ionad cruinnithe na Maori) agus nach mór an náire a bhíodh orthu gan a dteanga bheith acu agus gan béasa Maori bheith ar eolas acu.

Ní bhíodh na sinsir sásta leo in aon chor. Dá bhrí sin, b'éigean don "ghlúin chaillte" seo Maorais a (ath)fhoghlaim, nó a bpáistí siúd a chur ag foghlaim na teanga ach go háirithe.

Sin an scéal a d'inis Bronwyn Toa dom. Is pakeha (duine geal) de bhunadh Breatnach í, agus tá sí pósta le Geoff Toa, Maori; tá iníon amháin acu, Kelly. Is duine den "ghlúin chaillte" é Geoff. Níl Maorais aige, cé go dtuigeann sé beagán.

Nuair a bhíonn sé ar shochraid ar a marae dúchais (is ócáid tábhachtach é tórramh agus sochraid i measc na Maori), ní thuigeann sé na hóráidí i Maorais. Nuair a insítear scéal grinn agus gach duine sa chomhluadar ag gáire, bíonn air iarraidh ar dhuine in aice leis an scéal a aistriú go Béarla dó.

Bíonn aiféala air ag am mar sin, deir sé, ach measann sé féin go bhfuil sé ró-aosta anois chun an teanga a fhoghlaim i gceart agus é 50 bliain d'aois. Tá sé sásta go bhfuil Kelly óg ag foghlaim na teanga ar scoil. Níl sise ag freastal ar scoil lán-Maori, ach ar scoil stáit.

Mar sin féin, le cúig bliana anuas tá teanga agus cultúr na Maori (rincí, caoladóireacht srl.) á mhúineadh mar chuid den churaclam i ngach bunscoil sa Nua-Shéalainn. Ní hamháin na páistí Maori atá á fhoghlaim, ach na páistí pakeha freisin. Is rud nua é sin sa Nua-Shéalainn. Roimhe seo is ag lucht na Maori amháin a bhí an teanga agus cultúr.

Ach tá gluaiseacht ann sa Nua-Shéalainn anois chun féiniúlacht náisiúnta a chur ar bun. Go dtí seo, bhíodh na pakeha ag féachaint siar ar Shasana agus cultúr coilíneach acu. Anois táthar ag caint faoin gcomhábhar Maori sa chultúr náisiúnta, agus fiú faoin Mhaorais mar theanga náisiúnta na Nua-Shéalainne.

Deir David Bedggood, socheolaí pakeha, in alt faoi luachanna na Nua-Shéalainne sa lá atá inniu ann, gurbh fhearr an teanga agus an Maoritanga bheith mar oidhreacht náisiúnta do dhaoine óga de shliocht pakeha freisin, gur "glúin chaillte" iad féin gan fréamhacha, gan luachanna, gan féiniúlacht.

Bíonn Maori pósta le pakeha. Bíonn cairde Maori ag gach páiste nó déagóir pakeha agus tá a lán clann pakeha ann a bhfuil ball Maori (cliamhain nó bean mhic) acu. Má chloiseann pakeha óga Maorais á labhairt, agus cloiseann, cén fáth nach mbeadh fonn orthu í a labhairt freisin, díreach mar a ghlacann siad páirt i rince Maori nó i ndeasghnáth ar an marae áitiúil?

An t-aon cheist amháin sa scéal seo ná na hinimircigh nach pakeha iad, agus tá go leor díobh ann, i gcathair Auckland ach go háirithe. Seo lucht na n-oileán Samó, Niue agus eile, atá lonnaithe anseo anois; gan trácht ar inimircigh ón India agus ón tSín. Tá na pobail sin ag iarraidh a dteangacha agus a ndúchas féin a choimeád beo i measc an aosa óig. Caithfear bheith cúramach gan féiniúlacht eile a bhrú orthu.

Tástáil chultúrtha atá ar siúl sa Nua-Shéalainn. Chun an tástáil seo a mheas, caithfear a thuiscint go bhfuil difear mór idir staid na Maori sa Nua-Shéalainn agus staid na ndúchasach i Meiriceá Thuaidh agus áiteanna eile.

I gCeanada, mar shampla, is beag suim a chuireann daoine geala i gcultúr na nIndiach ná ina dteangacha; agus ní cheapfaidís riamh gur chóir dóibh eilimintí cultúrtha a ghlacadh ó na hIndiaigh chun féiniúlacht náisiúnta a chruthú dóibh féin - cé go bhfuil sé ráite le fada go bhfuil féiniúlacht Cheanadach de dhíth.

Ach is fíor go bhfuil na hIndiaigh i bhfad níos measa as ná mar atá na Maori. Níl na treibheanna Indiacha mór; tá teangacha éagsúla ar fad acu, agus ní bhíonn ach cúpla céad cainteoir ag teanga Indiach de ghnáth.

Ar an taobh eile, is 14 faoin gcéad de dhaonra na Nua-Shéalainne iad na Maori agus cé go bhfuil siad roinnte ina iwi (treibheanna) éagsúla, tá an teanga beagnach mar an gcéanna ar fud na tíre.

Cé nach bhfuil na Maori ar mhuin na muice go fóill, tá seans maith ann dóibh agus dá dteanga amach anseo sa Nua-Shéalainn. Ní hamháin sin, ach is amhlaidh go bhfuil na pakeha ag brath orthu agus iad ag iarraidh cultúr agus idé-eolaíocht náisiúnta a chruthú.