Ní den chéad uair, léirigh an Rialtas meon neamhghníomhach i leith cúrsaí teanga sa Stát. D'fhógair siad an tseachtain seo caite nach bhfoilseofaí an Bille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla - an Bille Teanga - go dtí lár na bliana seo.
Roimhe seo, thug an Rialtas le fios go bhfoilseofaí go luath i mbliana é. Ciallaíonn an cinneadh seo gur beag seans go bhfeicfear an Bille i gcló le linn thréimhse an Rialtais agus níl seans faoin spéir ann go ndéanfaí dlí de. (Fianna Feall, gan amhras!)
Níor chóir go gcuirfeadh an scéala seo mórán iontais ar na heagrais Ghaeilge. Dúirt an Teachta Dála Micheál D. Ó hUiginn roimhe seo go raibh an Bille chomh marbh le "dódó". An cheist atá anois ann do na heagrais, an bhfuil an cath nó an cogadh caillte? An mbeidh siad ábalta tabhairt ar an chéad Rialtas eile an Bille a fhoilsiú agus a achtú? An féidir leo straitéis nua a chumadh lena gcuspóirí a bhaint amach?
Níor mhiste achoimre ghairid a dhéanamh ar chuspóir na reachtaíochta. De réir na haighneachta a réitigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar an cheist, ba í "príomhaidhm an Achta ná soláthar reachtúil a dhéanamh a chlúdóidh seirbhísí ón earnáil Stáit agus státmhaoinithe".
Moltar fosta gur chóir soláthar reachtúil a dhéanamh i gcás na hearnála príobháidí, na meán cumarsáide agus chúrsaí oideachais, i measc réimsí eile.
Ach: "Munar féidir na gnéithe seo ar fad a chur san áireamh san Acht Teanga ón tús moltar nach mbeidh san Acht ach an chéad chéim i bpróiseas leanúnach a mbeidh sé mar aidhm aige a chinntiú go ndéantar soláthar cuí don Ghaeilge agus do riachtanais phobal labhartha na Gaeilge i reachtaíocht na tíre."
Thuigfí as an líne bheag amháin seo gur meon an chomhréitigh atá thiar den aighneacht. Is tús í. Glacfar leis an Bhille Teanga mar thús - más gá. Cinnte, b'fhearr leis na heagrais Ghaeilge an oiread agus is féidir a bhaint amach ach, sa chás nach bhfuil soláthar cuimsitheach le fáil, glacfar le reachtaíocht a chuirfidh feabhas ar chúrsaí.
Scríobhtar san aighneacht chéanna: "Sa chomhthéacs gur ann cheana do chearta teanga an tsaoránaigh ... ní gá cearta teanga phobal labhartha na Gaeilge a chruthú as an nua san Acht ach is gá feidhm phraiticiúil a thabhairt dóibh."
Ní ag iarraidh réabhlóide atá an Bille ach ag iarraidh bun mar is ceart a chur faoi mhaorlathas Stáit. Tuigfidh na heagrais as an reachtaíocht a chur ar an mhéar fhada arís nach spéis leis an Rialtas an tús lag féin a dhéanamh.
Tá gach cuma ar an scéal go measann an Rialtas nach gá dóibh bheith buartha faoi cheisteanna teanga agus go measann siad nach gcaillfear vótaí de bharr an neamhghnímh. B'fhéidir go bhfuil ábhar éigin fírinne leis an dearcadh sin bheith acu.
Ceann de na rudaí is suntasaí faoin díospóireacht a dhéanann cuid de lucht na Gaeilge faoin Bhille chomh diúltach searbh is a bhíonn siad féin faoi. Chuala an colúnaí seo roinnt Gaeilgeoirí aitheanta á rá go poiblí nach mbeadh Bille ann go deo.
Ghlac siad na suíocháin chucu féin go mear i ndiaidh dóibh an oráid phoiblí a thabhairt. Shílfeá gaisce bheith déanta acu. Ach níor thug siad ceannasaíocht nó buille faoi thuairim faoi cad é a ba cheart a dhéanamh.
"Níl ceannairí againn," a dúradh níos moille. Cluintear a leithéid go mion minic: "Tá Ó Cadhain sa chill." Tá greim docht daingean ag íomhá sin an radacaigh ar mheon ghlúin áirithe Ghaeilgeoirí - Ó Cadhain ag gríosú an phobail chun gnímh.
Déantar dearmad go bhfuil ceannasaíocht de chineál eile ann - ceannasaíocht chiúin éifeachtach shamhlaíoch nach ngineann na cinnlínte go minic - ceannasaíocht na Comhdhála féin, abair, agus iad ag iarraidh ceart na Gaeilge a bhaint amach i reachtaíocht; ceannasaíocht an fhir ghnó agus chultúir a bhunaigh fiontair ar nós Oideas Gael agus Foinse; an cheannasaíocht a bhunaigh Raidió na Life; an cheannasaíocht atá ag iarraidh ollscoil Ghaeltachta a bhunú; an cheannasaíocht a bhunaigh Pléaráca agus a stiúraíonn gluaiseacht na ngaelscoileanna.
Agus, gan amhras, an sampla is fearr den iomlán, an cheannasaíocht a thug muintir Fheachtas Náisiúnta Teilifíse agus iad ag iarraidh stáisiún teilifíse a bhunú.
NÍL ann ach coicís go mbeidh Tóstal na Gaeilge i nGaillimh, ócáid ar a bpléifear cúrsaí teanga. An cheist a rithfeadh leat, an dtig leis na heagrais agus pobal na teanga an cheannasaíocht chéanna a léiriú arís?
An féidir leo eagla a chur ar an Rialtas? An bhfuil seans ar bith ann go gcuirfear iarrthóir neamspleách teanga chun cinn i gConamara, abair? Seafóideach? Nár toghadh iarrthóir i nDún na nGall mar go raibh daoine ag iarraidh amharc ar an BBC?
Nó an féidir leis na heagrais tabhairt ar an chéad Rialtas eile roinn nua - Roinn na Gaeltachta agus na Gaeilge - a bhunú mar chúiteamh ar an Bhille? Ach na hacmhainní bheith ag an roinn chéanna, d'fhéadfaí cúram níos fearr a dhéanamh de chúrsaí teanga.
Agus cad chuige nach mbeadh Aire ag plé le cúrsaí Gaeltachta agus teanga amháin? Tá Aire Cosanta ag plé le cúrsaí míleata. Is líonmhaire cainteoirí Gaeilge ná na fórsaí cosanta. Níl ach Aire Stáit agus an ceathrú cuid de Roinn ag lucht na teanga.
Cá hiontas cúrsaí bheith in ísle brí agus an teanga bhocht tachta idir gutaí míthrócaireacha oidhreacht, ealaín agus oileán.
An bhfuil an cogadh caillte nó ina thús?