Malairt leagain

Cé go bhfuil Putin acu fós, tá Piotr Ilyich Tchaikovski acu i gcónaí a chum cuid de na siansaí is binne ar neamh

Feodor Dostoievski: thuig sé doimhneacht anam an duine.
Feodor Dostoievski: thuig sé doimhneacht anam an duine.

Cé go bhfuil Putin acu fós, tá Piotr Ilyich Tchaikovski acu i gcónaí a chum cuid de na siansaí is binne ar neamh, agus ceoldrámaí ar nós ‘Loch na hEala’ a chuirfeadh do chosa ag princeam ar chlocha garbha féin.

Agus cé go raibh Rasputin acu lena shúile nimhe, tá Tolstoi acu dúinn go léir lena ghaois shaolta agus neamhshaolta a scríobh ceann de na húrscéalta agus saothair liteartha is fearr riamh ar an domhan seo, mar atá ‘Cogadh agus Síocháin’ ar chóir do chách a bhfuil aon teanntás ar litearthacht acu é a léamh ar a laghad uair amháin, gan trácht ar iliomad scéalta níos giorra nach dtógfaidh an samhradh ort dul tríothu.

Agus cé go raibh Seosamh Stalin acu, fear an iarrainn, is féidir linn i gcónaí éisteacht le Sergei Prokovief a scríobh don bhailé agus d’eile ach a raibh sé de mhí-ádh air bás a fháil ar an lá céanna le hUncail Joe ach a mairfidh an t-aoibhneas a scaip óna shamhlaíocht níos sia ná an t-uafás a ghin an fear eile.

Agus cé go raibh an Tsár Ivan IV acu, nó Ivan an Uafáis mar is fearr aithne air, níor thuig sé doimhneacht anam an duine mar a thuig Feodor Dostoievski é, an scríbhneoir corraitheach a chuaigh i bhfeidhm go mór ar Phádraic Ó Conaire agus ar Mháirtín Ó Cadhain agus dá réir sin ar litríocht na Gaeilge.

READ MORE

Agus cé go raibh Labhrás Beria acu, a bhí chomh holc le feidhmeannach ar chúla stáitse le Rómhánach barbartha ar bith, níor éirigh leis corc a chur i gceol ardúmheanmúil Nikolai Rimski-Korsakov a thug sraith cheolfhoirmeach Schererazade dúinn fara an píosa ‘Eitilt na Bumbóige’ atá ar eolas ag cách.

Agus cé go raibh an Tsár Nioclás II acu, an ceann deiridh nár chuir a imeacht aon bhriseadh croí ar na bochta ná ar na pobail Ghiúdacha a d’fhulaing go leor pogram lena linn, tá scéalta agus drámaí agus litreacha Anton Tsechobh ag an domhan mór, agus a bhfuil saothar leis aistrithe go Gaeilge go máistriúil ag Máiréad Nic Mhaicín agus a bhfuil fairsinge tuisceana ar an daonnacht níos iomláine iontu laistigh de chúpla leathanach ná i leabhair leamha uile síceolaíochta an tsaoil.

Agus cé go raibh Piotr Saprunenko acu, an té a stiúraigh agus a chóirigh ár agus sléacht foraois Katyn, is féidir fós dul ag snámh ar shiansaí Dmitri Shostakovich, ceann ar bith de na cúig cinn déag díobh, nó éisteacht leis an gceol a chum sé i gcomhair na dtéadcheathairéad, nó an iliomad eile scór scannáin.

Agus cé go raibh na gulaig acu agus ar tharla de phianpháis is de chéasadh iontu, tá fianaise Solzhenetsyn againn a raibh an taobh seo den domhan thar a bheith ceanúil air go dtí gur chrom sé ar a rá go raibh an t-iarthar chomh lofa chomh bréan agus chomh bréagach lena thír dhúchais féin.

Agus cé go raibh Yevgeny Prigozhin acu agus a arm d’amhais sa Ghrúpa Wagner go dtí gur cheap sé gur deasmaoineamh ba ea coup d’etat a eagrú, tá úrscéalta Boris Akunin againn a bhfuil níos mó mistéire iontu agus gliocas scéiméireachta ná aon rud a d’eagródh iarphíosúnach de chócaire a shíl go raibh cairde polaitiúla ann.

Agus cé go raibh Andrei Chikatilo acu, dúnmharfóir srathach níos measa ná Jack the Ripper ná the Son of Sam féin, tá scéalta agus dánta próis Ivan Turgenev amuigh ansin a nochtann cineáltas agus fíneáltacht agus moiglíocht na beatha agus a shíneann ár gcuid báúlachta leis an duine atá lag is go bhfuil roth an tsaoil casta ina choinne.

Uaireanta caithfear a mheabhrú trí lár an ghleo go bhfuil an Rúis chomh daonna ina barbaracht is ina cuid iontais linn féin.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar