Foclóir: Muinín - confidence; éileamh - demand; athshamhlú – reimagining; bearnaí – gaps; seachadadh – delivery; tábhachtach – important; ceadúnas tiomána – driving licence; gearán – complaint.
Is gá go mbeadh leibhéal cuí inniúlachta sa teanga sa státchóras má tá muinín le bheith ag pobal na Gaeilge as na seirbhísí a chuirtear ar fáil sa chéad teanga oifigiúil.
Sin a dúirt an Coimisinéir Teanga Séamas Ó Concheanainn agus é ag caint le Tuarascáil faoi thuarascáil bhliantúil a Oifige a foilsíodh ar na mallaibh.
Dúirt Ó Concheanainn, a ceapadh sa ról anuraidh, go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfear córas nua na gCaighdeán Teanga i bhfeidhm ‘chomh luath agus is féidir’ chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí suntasacha atá sa soláthar ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge.
Dúirt an Coimisinéir nach mór athshamhlú a dhéanamh ar sheachadadh seirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus ‘molchampais’ a fhorbairt le líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fheabhsú ar fud na tíre.
Dúirt sé freisin gur gá tabhairt faoi na “bearnaí ollmhóra” atá i seirbhísí teicneolaíochta agus idirghníomhacha trí Ghaeilge ar líne. Tá práinn ar leith leis seo mar go bhfuil sé mar chuspóir ag straitéis dhigiteach an rialtais (Cónascadh Rialtais 2030) go mbeidh 90 faoin gcéad de na seirbhísí poiblí ábhartha á soláthar ar líne faoi 2030.
“Cá bhfágann sé sin seirbhísí ar líne trí Ghaeilge,” a d’iarr an tUasal Ó Concheanainn. “Tá go leor de na seirbhísí anois agus tá siad imithe ar líne - do cheadúnas tiomána, do phas, do chárta seirbhísí sóisialta, tá siad uilig ar líne. Tá na seirbhísí nua-aimseartha digiteach an-fheiceálach. Go minic is iad an chéad phointe teagmhála a bhíonn ag an saoránach le comhlacht poiblí,” a dúirt sé. Caithfear aghaidh a thabhairt ar sheirbhísí idirghníomhacha Gaeilge a sholáthar “láithreach bonn”.
“Má tá an t-eispéireas sin dearfach agus an tseirbhís i nGaeilge ar chomhchaighdeán agus chomh mealltach leis an tseirbhís i mBéarla, níl aon dabht orm ach go dtreiseoidh sé go mór an t-éileamh ar sheirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge,” a dúirt sé.
Ach, ar an drochuair, níl an soláthar ar líne trí Ghaeilge ag coinneáil suas “in aon bhealach” leis an soláthar trí mheán an Bhéarla.
“Tá treisiú cearta teanga an phobail ag brath go mór ar an Ghaeilge a bheith i lár an aonaigh i bhforbairt na seirbhísí nua sin,” a dúirt sé.
Moltaí
Cé go bhfuil cuid de na forálacha reachta faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (2021) curtha i bhfeidhm faoin am seo, dúirt an tUasal Ó Concheanainn go bhfuil forálacha agus gealltanais “suntasacha” eile le cur i bhfeidhm go fóill ag Aire na Gaeltachta. Chomh maith le córas nua na gCaighdeán Teanga a chur i bhfeidhm, tá géarghá “lánfheidhm” a thabhairt d’Acht na dTeangacha Oifigiúla féin agus Plean Náisiúnta do Sheirbhísí Poiblí trí Ghaeilge a thabhairt chun cinn.
Tá easpa foirne le hinniúlacht chuí sa Ghaeilge ar cheann de na heasnaimh is tromchúisí atá sa státchóras i gcónaí, rud atá mar thoradh ar “mhífheidhm” a bhain le córas na scéimeanna teanga.
Dúirt an t-iarChoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin in 2012 go raibh teipthe “tríd is tríd” ar chóras na scéimeanna teanga, agus in 2017 d’fhoilsigh a chomharba, Rónán Ó Domhnaill, tráchtaireacht ina ndúirt sé nach mbainfí amach an cuspóir seirbhísí stáit trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú “gan córas nua a bhunú”.
Mar sin, socraíodh ar chóras iomlán nua Caighdeán Teanga a thabhairt isteach faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasaíodh in 2021. Mar léiriú ar dhonacht na faidhbe, den 634 gearán a fuair Oifig an Choimisinéara anuraidh, bhain 39 faoin gcéad acu sin le gealltanais a bhí tugtha ag eagraíochtaí stáit ina gcuid scéimeanna teanga. Léiríonn an líon an-ard gearán sin “an géarghá” atá ann an córas nua a chur i bhfeidhm, a dúirt an Coimisinéir.
“Na laigí ba mhó a bhí ag na scéimeanna teanga ná go raibh easpa leanúnachais agus soiléireachta ag baint leis na seirbhísí a raibh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chur ar fáil. Is minic go raibh seirbhísí poiblí ag cúlú seachas ag treisiú ar na gealltanais a bhí tugtha sna scéimeanna teanga agus ba laige ollmhór a bhí ansin,” a dúirt sé.
Faoi chóras nua na gCaighdeán Teanga, beidh ar gach earnáil rialtais cur síos a dhéanamh ar na seirbhísí a chuirfear ar fáil agus ar an leibhéal inniúlachta sa teanga a bheas de dhíth chun na seirbhísí sin a sholáthar trí Ghaeilge.
Beidh caighdeáin níos airde le baint amach ag earnálacha a bhfuil níos mó teagmhála acu leis an bpobal – gné a deir Ó Concheanainn atá “criticiúil”.
“Cruthaíonn muinín éileamh. Má tá muinín ag an bpobal as na seirbhísí poiblí tiocfaidh an t-éileamh,” a dúirt sé.
Plean náisiúnta
An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge atá freagrach as Plean Náisiúnta maidir le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a ullmhú agus tá súil leis an bplean faoi dheireadh na míosa seo chugainn.
Dúirt an Coimisinéir go bhfuil sé “riachtanach” go dtabharfaidh an plean na “snáitheanna ceangail éagsúla le chéile” chun go bhfeabhsófar caighdeán na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge.
“Feicim gur mapa bóthair atá sa phlean a leagfaidh amach cén chaoi a bhfaighfear na hearcaithe le Gaeilge,” a dúirt sé.
Tá “ceist ollmhór” ann maidir le cumas na gcomhlachtaí poiblí dóthain foirne a bheith acu “leis an speictream [iomlán] seirbhísí poiblí a chur ar fáil”.
Ach, is féidir leis an gCoiste Comhairleach moltaí a dhéanamh don Aire maidir leis an líon foirne agus gráid na bpost a theastóidh ó chomhlachtaí poiblí leis na seirbhísí cuí a chur ar fáil.
“Má chuirtear a bhfuil beartaithe le [córas] na gCaighdeáin Teanga le chéile le plean a shonraíonn líon foirne agus grád na foirne, beidh deis ann na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a leabú i bhfad níos doimhne sna comhlachtaí poiblí,” a dúirt sé.
“Sin lár na hiarrachta ar go leor bealaí.”
Oideachas
Tá an soláthar reatha ar oideachas trí mheán na Gaeilge faoi chaibidil go náisiúnta faoi láthair. Agus, deir an tuarascáil bhliantúil a d’fhoilsigh Oifig an Choimisinéara Teanga le gairid, nach léir go bhfuil freastal cóir á dhéanamh ar an éileamh ar oideachas iar-bhunscolaíochta trí Gaeilge.
“Tá soláthar na hiar-bhunscolaíochta ó thaobh coibhneas na mac léinn atá ag freastal [ar Ghaelcholáistí] i bhfad níos ísle ná mar atá sé ag leibhéal na bunscolaíochta. Caithfear breathnú ar sin,” a dúirt an Coimisinéir.
“Mura bhfuil soláthar ann tá sé an-deacair a bheith ag súil ansin go dtiocfaidh an fás a theastóidh le freastal a dhéanamh ar an sprioc 20 faoin gcéad d’earcaithe státseirbhíse a bheith líofa sa Ghaeilge faoi 2030 .
“Tá mé den tuairim go dteastaíonn cur chuige comhtháite ag na leibhéil éagsúla agus plean fadtéarmach chun an soláthar a mhéadú,” a dúirt sé.
“Tá ábhar eile tagtha chun cinn freisin, ceist na ndíolúintí, atá ina ábhar a bhfuil muid ag déanamh scagadh air freisin,” a dúirt sé.
Is léir mar sin go bhfuil géarghá le ceannasaíocht agus cur chuige rúndaingean má táthar chun spriocanna 2030 a bhaint amach. “Sin pointe an-tábhachtach,” a dúirt an Coimisinéir.
“Uaireanta breathnaítear ar an reachtaíocht mar réimse ann féin agus nach bhfuil sé fite fuaite i gcónaí i straitéis reatha an Stáit, cibé ábhar a bhíonn i gceist.”
- Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
- Join The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
- Listen to our Inside Politics podcast for the best political chat and analysis