Seachtain na Gaeilge: “Mholfainn do dhaoine triail a bhaint as”

Reáchtálfar imeachtaí ó Vancouver go Tóiceo mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2024

Foclóir: Féidearthachtaí - possibilities; spraoi - fun; spleodar - boisterousness; fianaise - evidence; tráthrialta - regularly; comhaimseartha - contemporary; blas - taste; spotsolas - spotlight.

‘An téama atá againn i mbliana ná ‘Féidearthachtaí’. Táimid ag iarraidh go mbeadh an fhéidearthacht ag gach éinne triail a bhaint as an Ghaeilge atá acu nó Gaeilge sa bhreis a úsáid ina saol féin.”

Sin a dúirt Orlaith Nic Ghearailt, bainisteoir Sheachtain na Gaeilge Le Energia, agus í ag caint le Tuarascáil faoi fhéile na bliana seo.

Mórócáid ar fhéilire na Gaeilge í Seachtain na Gaeilge dar ndóigh. Cuireadh tús le féile na bliana seo ar an Aoine seo caite. Reáchtálfar imeachtaí sa bhaile agus i gcéin thar thréimhse coicíse agus beidh an-chuid deiseanna ag an bpobal, cibé áit a bhfuil siad, páirt a ghlacadh agus an teanga a úsáid.

READ MORE

Beatha teanga í a labhairt dar ndóigh, agus b’fhéidr gur léiriú ar bhealach é an tábhacht atá le Seachtain na Gaeilge (atá ar an bhfód ó 1902) ar leochailteacht na teanga i sochaí na hÉireann, mar gur gá iarracht ar leith a dhéanamh deiseanna a chothú inar féidir le daoine an teanga a labhairt ar a gcompórd i gcomhthéacsanna poiblí.

De réir bhunreacht Sheachtain na Gaeilge, tá sé mar phríomhchuspóir tréimhse lán le himeachtaí oideachasúla agus siamsaíochtúla, idir chultúrtha, thraidisiúnta agus chomhaimseartha, a reáchtáil ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin. Dar ndóigh, bíonn spórt agus spleodar i gceist go minic agus reáchtálfar seisiúin cheoil, céilithe, drámaí agus oícheanta caidrimh, i measc go leor imeachtaí eile mar chuid den cheiliúradh.

Glacann bunscoileanna, meánscoileanna, cumainn ollscoile, coistí, gasraí agus eagrais de gach cineál eile páirt in imeachtaí na féile. Fianaise, is dócha, den tábhacht agus an luach nach beag atá le heagrais phobal na tíre.

“An bhunaidhm atá le Seachtain na Gaeilge le Energia ná spotsolas a chur ar an Ghaeilge le linn na féile agus aird a tharraingt ar na grúpaí pobail a bhíonn ag reáchtáil imeachtaí,” a dúirt Nic Ghearailt.

Is iad na himeachtaí pobail a bhíonn ag croí-lár na féile. Is pobal domhanda é pobal na Gaeilge anois agus reáchtálfar imeachtaí ar fud na cruinne. “Beidh imeachtaí in Tóiceo, i gCeanada agus in Cóbanhávan mar shampla,” a dúirt Nic Ghearailt.

Is beag a fuair Seachtain na Gaeilge ón Stát riamh chun an fhéile stairiúil seo a reáchtáil i gcomparáid le féilte náisiúnta eile (ar nós an St Patrick’s Festival). Ach é sin ráite, cuireadh fáilte níos luaithe i mbliana roimh phacáiste nua airgid ar luach €600,000 é do chiste spreagtha Chonradh na Gaeilge.

An Conradh a reáchtálann Seachtain na Gaeilge agus tá sé mar aidhm leis an gciste spreagtha seo grúpaí pobail a spreagadh le himeachtaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn a eagrú. Cé nár cuireadh an maoiniú nua ar fáil do Sheachtain na Gaeilge go sonrach, tarlaíonn formhór na n-imeachtaí a fhaigheann tacaíocht ón gciste timpeall aimsir na féile i mí an Mhárta.

Is léir ó thorthaí an daonáirimh go bhfuil ardchumas teanga i measc an aosa óig. Ach léiríonn na figiúirí céanna go dtagann meath sách tapa ar chumas teanga an phobail sa saol théis scoile.

Deir Nic Ghearailt go bhfuil sé tábhachtach mar sin go dtuigfí an luach atá le deiseanna labhairt na Gaeilge a bheith ar fáil sa saol forscoile. “Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh an pobal go bhfuil imeachtaí ar siúl, i nGaeilge, ina gceantar féin agus ar fud na tíre,” a dúirt sí.

Ní gá go mbeadh sé de nós roimhe seo ag daoine a fhreastalaíonn ar imeachtaí an teanga a labhairt go tráthrialta ach an oiread agus cruthaítear deiseanna do dhaoine páirt a ghlacadh, bíodh siad go hiomlán líofa nó ar bheagán Ghaeilge.

“Mholfainn do dhaoine triail a bhaint as,” a dúirt Nic Ghearailt.

“Braithim go bhfuil an-chuid imeachtaí ar siúl i mbliana do dhaoine atá ag iarraidh blas a fháil den teanga. Tá deiseanna ann ar nós Lá na gCiorcal, áit a reáchtálfar ciorcal comhrá i ngach aon chontae sa tír. Is áit mhaith é sin le tús a chur le’d aistear leis an nGaeilge,” a dúirt sí.

Dar ndóigh, ón mbliain 2030 ar aghaidh, beidh gá ar fud an chórais phoiblí le fostaithe stáit atá cumasach sa teanga agus tá sé tábhachtach go bhfeicfeadh daltaí scoile go mbeidh féidearthachtaí fostaíochta ann dóibh amach anseo. “Ar cheann de phríomh-imeachtaí na bliana seo tá Lá na Teicneolaíochta,” a dúirt Nic Ghearailt.

“Beidh imeacht againn in oifigí TikTok agus tá muid ag iarraidh daltaí scoile a mhealladh le go dtuigfidh siad, gur mór ag na comhlachtaí trasnáisiúnta agus teicneolaíochta an Ghaeilge.”

“Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh na daltaí go dtugann an Ghaeilge deiseanna dóibh ó thaobh gairmeacha de nuair a fhágann siad an scoil,” a dúirt sí.

Breis eolais: snag.ie agus peig.ie

Seo a leanas rogha imeachtaí:

Pop Up Gaeltacht Cóbanhávan

04/03/2024. Kennedys Irish Bar, Gl. Kongevej 23, 1610 Cóbánhávan, V, an Danmhairg. Casann lucht pop up Gaeltacht Cóbanhávan uair nó dhó sa mhí, ag 5.30. Dátaí ar fáil ar an leathanach Facebook: “Pop Up Gaeltacht Cóbanhávan” nó rphost a chur chuig erapackicb@gmail.com.

Comhdháil i gCathair na Gaillimhe

08/03/24: Comhdháil le Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge dar teideal ‘Geilleagar na Gaeltachta – Conas Mionchomhlachtaí a Fhorbairt i gCeantair Thuaithe.’ Reáchtálfar an chomhdháil óna 2-5pm sa seomra cruinnithe in Áras an Chontae, Comhairle Contae na Gaillimhe, Cnoc na Radharc. Ar an bpainéal díospóireachta beidh Sonia Nic Giolla Easbuig (Ligid Léiriúcháin Teo); Cathy Ní Ghoill (Comhlacas na gComharchumann & Comhlachtaí Pobalbhunaithe); Tomás Ó Síocháin (Údarás na Gaeltachta) Frainc Mac Cionnaith (Glór na nGael); agus an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh (cathaoirleach an chomhchoiste).

Na Peirsigh

06/03/2024-06/04/2024: Léiriúchán nua Gaeilge ar shárshaothar Gréagach Aeschylus, Na Peirsigh / Persians leis an scríbhneoir agus an file cáiliúil Nuala Ní Dhomhnaill ar Stáitse na Péacóige idir an 6 Márta agus an 6 Aibreán. https://www.abbeytheatre.ie/whats-on/na-peirsigh-persians/

Science Blast

07/03/2024: Ón intleacht shaorga go cúrsaí spáis, pléitear go leor ábhair churaclaim sa chlár oideachais seo a reáchtálann ESB Science Blast do bhunscoileanna (Rang 3 go 6) gach bliain san RDS an t-am seo den bhliain. Reáchtálfar lá Gaeilge ar an 7ú lá i mbliana. Breis eolais: esbscienceblast.com/video-category/gaeilge/

Spraoi Cois Lao

09/03/2024: Tá Spraoi Chois Lao ar ais arís den dara bhliain as a chéile i gCearnóg Theach an Chustaim. Mar chuid den lá beidh siamsaíocht, ceol, cluichí, gníomhaíochtaí agus spraoi do pháistí agus roghanna bia ar fáil. Is cuma más foghlaimeoir tú, mura bhfuil agat ach cúpla focal, nó más tuismitheoir nó dálta Gaelscoile thú, nó cainteoir líofa, tá rud ann do chách ag Spraoi Cois Lao. Breis eolais: visitbelfast.com/event/spraoi-cois-lao/

Lá na gCiorcal

13/03/24: Freastal ar chiorcal comhrá i do cheantar nó reáchtáil do cheann féin. Táthar ag súil go mbeidh ar a laghad ciorcal comhrá amháin ag tarlú i ngach contae do Lá na gCiorcal mar chuid de #SnaG24.

Is féidir teacht ar imeachtaí na féile agus imeachtaí a chlárú ag peig.ie/event-category/snag/. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh na féile ag snag.ie.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.