Com Uí Dhuibh

Tharla gur Domhnach ba ea an mhaidin dár gcionn.

Bhí sé déanach go maith agus scáilí na hoíche ceomhaire ag bagairt anuas orainn ar an mbóthar. Dhá mhíle dhéag siúil a bhí déanta againn amach as baile Chill Áirne gan gluaisteán ar bith sásta síob a thabhairt dúinn. Cheapamar riamh nach rabhamar chomh gioblach sin, ach fós scuabadar tharainn ar a slí siar tar éis dóibh lab airgid a fhágaint ag mná tí agus ag súmairí lóistín an bhaile.

Dul as ar bith ní bheadh againn seachas luí faoin sceach sa bháisteach, mar sin b’éigean an brú óige ba ghaire dúinn a shroicheadh. Dúirt an cheirt de léarscáil dúinn go raibh laistíos dínn ball gur tugadh Com Uí Dhuibh air. Ar an mbóthar lasnairde bhíomar ag gliúcaíocht síos ar ghleann diamhair domhain ina raibh goirt bheaga, bó thall is abhus, tithe ar a gcromada ag dul i bhfolach ón saol. B’é seo ár gceann scríbe, pé rud a bhí i ndán dúinn.

Is cuimhin liom gur léigh mé leabhar dar teideal ‘The Lost World of Everest’ tamall gairid roimhe sin mar fhaoiseamh ó bheith ag staidéar do scrúdú na hardteistiméireachta, óir is fearr a mhúineann leabhar nach bhfuil ar an gcúrsa tú ná leabhar ar bith atá ar an gcúrsa. Samhail den leabhar sin a tháinig im chloigeann agus sinn ag caolú síos ar an mbóithrín cam a bhí ag lúbadh níos casta ná búmaraing i dtreo grinnill nárbh fholáir a bheith ann. B’é an t-aon rud amháin faoin leabhar sin ná go raibh lonnaithe sa ghleann diamhair ina raibh an eachtra suite, cine fíochmhar a chuireadh daoine faoi ghlas i dtubáin bheaga d’uisce draíochta go ndéanfaí púcaí díobh. Nó rud éigin mar sin. B’in an eagla a bhí orainn.

Eoin ba ea mo pháirtí agus chaithimis tamallacha den samhradh ar an ordóg roimh fhilleadh ar scoil dúinn. Chonac an t-amhras ina shúile siúd chomh maith, agus gan aon mhaolú ag dul ar an amhras sin agus sinn ag tumadh isteach san aineoil.

READ MORE

Bhíogamar nuair a nocht cruth amach as an gceo laistiar dínn. Is é a bhí ann seanbhaingear de veain ina raibh fear crónchraicneach á thiomáint. Ba dheacair an aois a bhí aige a thomhas faoi bhun sábh a ghearradh trína chos agus na ciorcail a chomhaireamh.

Labhair sé linn i dteanga nár airíomar riamh cheana, ach d’aithin Eoin focal nó dhó trí na prioslaí. ‘Tá sé ag tairiscint síbe dúinn,’ ar seisean liom de ghníomh carthanúil teangaireachta, agus is sinn a bhí buíoch mar thuigeamar uaidh gurbh é sin an t-aon trucail cheithrerothach a bhí sa ghleann.

An brú óige a rángamar, b’é an ceann ba shainiúla ina rabhas riamh ar mo shiúlta dom. Solas leictreach ar bith ní raibh ann agus b’éigean aon chócaireacht a dhéanamh le cabhair sorcóirí gáis. Bhí coinnle ar fud an bhaill, cuid acu nach raibh iontu ach an snab. Sa dorchacht is ea a bhí an ceol againn a mhaisigh gach amhrán oíche. Nuair a chuala an chnagarnach níor thuigeas gur Lochlannach buile a bhí ann ag briseadh corc buidéil lena chuid fiacla.

Tharla gur Domhnach ba ea an mhaidin dár gcionn. Lasmuigh den séipéal bhí díorma de chapallaibh ag iníor go sásta, agus deirim ‘capallaibh’, mar sin a bhí iontu le ceart dúchais. An sagart féin, ar fhianaise a fhéasóige, ní shílim gur fhág sé an áit le cúpla céad bliain.

Feicim anois go bhfuil leathanbhanda tagtha don ghleann, tamall gairid de bhlianta ó ligeadh leictreachas isteach. Deirtear go mbeidh sé chomh cothrom le dáta le Droichead na Dothra féin, sa mhéid is gur fiú tornapa an méid sin.

Nuair a d’éalaíomar níor thógamar an bóthar fada cam lúbach. Dhreapamar an cóngar, suas an sliabh, le luaithe na hóige.

  • See our new project Common Ground, Evolving Islands: Ireland & Britain
  • Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
  • Find The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
  • Our In The News podcast is now published daily – Find the latest episode here
Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar