Cé na féiríní a bhronnfaidh Leo ag ardfheis an Chonartha?

Beidh an Taoiseach Leo Varadkar i láthair ag ardfheis Chonradh na Gaeilge i mbliana

Foclóir: Gan aon agó – undoubtedly; féiríní - gifts; coinneáil – maintenance; comhshínitheoir – cosignatory; scoite – severed; fuinneamh – energy; doiléire – vagueness; ainiarsma – ill effects; suíomh uathúil tumoideachais – unique setting for immersive education; comhtháthú - integration; comhleanúnachas – coherence.

Beidh an Taoiseach Leo Varadkar ina aoichainteoir ag ardfheis Chonradh na Gaeilge ag an deireadh seachtaine. D’fhiosraigh Tuarascáil de cheathrar a bhfuil dlúth-thuiscint acu ar ghnéithe tábhachtacha i saol na Gaeilge faoin méid ar mhaith leo a chloisteáil ón Taoiseach.

Straitéis nua

An tOllamh Pádraig Ó Duibhir: “Dá mbeadh mo rogha agam, d’iarrfainn ar an Taoiseach a fhógairt go bhfuil tús le cur le straitéis nua don Ghaeilge le teacht in áit Straitéis 20 bliain don Ghaeilge, 2010-2030. Sílim go bhfuil sé tábhachtach a aithint ag an bpointe seo nach mbainfear amach spriocanna na straitéise maidir le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge agus go bhfuil a rás rite. Teastaíonn straitéis nua agus thógfadh an phleanáil chuige trí nó ceithre bliana.

Chun bonn ceart a chur faoin straitéis nua, mholfainn don Taoiseach Tionól Saoránach ar an nGaeilge a ghairm. Is dóigh liom go mbeadh sé tráthúil anois fís nua a leagadh amach don Ghaeilge agus aidhmeanna an Stáit ina leith a shoiléiriú.

READ MORE

Tá an t-uafás foghlamtha againn in Éirinn agus go hidirnáisiúnta le 100 bliain anuas maidir le hathréimniú mionteangacha. Dá mbeadh Tionól Saoránach ann, d’fhéadfaí an chuid is tábhachtaí den fhoghlaim sin a chur i láthair na dteachtaí. Bheadh go leor le foghlaim ó thaithí mhuintir na Breataine Bige agus straitéis Cymraeg 2050 á cur i bhfeidhm acu. Tá athrú ollmhór tagtha ar chomhdhéanamh dhaonra na tíre le scór bliain anuas ach ní mhúintear an Ghaeilge d’inimircigh os cionn dhá bhliain déag. Cén fáth sin? Dá dtiocfadh moltaí stuama meáite ó theachtaí Tionól Saoránach, d’fhéadfaí an pobal trí chéile a spreagadh le tacaíocht a thabhairt dóibh le fuinneamh nua. D’fhéadfaí freagracht a leagadh ar ranna uile an rialtais na polasaithe a chur i bhfeidhm seachas tromlach na hoibre a fhágáil faoin gcóras oideachais mar a tharla go dtí seo in Éirinn.

Tá easpa físe agus doiléire ann i láthair na huaire dar liom maidir le polasaithe an stáit i leith na Gaeilge. Tá beartais aonair fónta á gcur chun cinn anseo is ansiúd ach níl siad seo cuimsitheach go leor. Teastaíonn straitéis nua le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo.”

Cearta ó thuaidh

Pádraig Ó Tiarnaigh, An Dream Dearg: “Ba bhreá linne go mbeadh Rialtas na hÉireann i bhfad níos glóraí agus i bhfad níos rannpháirtí maidir le feidhmiú na reachtaíochta teanga ó thuaidh. Ná déanaimis dearmad gurbh é an Tánaiste ag an am, Simon Coveney, a bhí mar chomhúdar agus mar chomhshínitheoir le Julian Smith (Státrúnaí Thuaisceart Éireann) ar an chomhaontú úd in 2020, Ré Nua, Cur Chuige Nua, comhaontú a thug gealltanais go gcuirfí Acht Gaeilge i bhfeidhm taobh istigh de 100 lá agus straitéis Ghaeilge i bhfeidhm taobh istigh de 6 mhí.

Feictear dúinn gur sheas an dá rialtas siar ó shin maidir le feidhmiú na reachtaíochta agus gur fhág siad é faoin Tionól. Ansin, nuair nach raibh an Tionól ag suí, d’fhág Baile Átha Cliath é faoi Rialtas na Breataine amháin, agus níor líon Rialtas na Breataine muid le dóchas riamh maidir le slánú na teanga. Níl clú maith orthu maidir le cur i bhfeidhm comhaontuithe a raibh siad rannpháirteach iontu. Tá muid fós ag fanacht ar straitéis Ghaeilge ó thuaidh fosta.

Creideann muid go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh Rialtas na hÉireann mar pháirtnéir leanúnach san aistear chearta teanga ó thuaidh. Dar ndóigh tá an Straitéis 20 Bliain ó dheas, agus nílim ag rá go bhfuil ag éirí go maith leis ná baol air, ach tá an-chuid le foghlaim againn ón taithí sin.

Chomh maith leis sin ba bhreá linn dá bhfógródh an rialtas ó dheas, tríd an Taoiseach, méadú suntasach maoinithe d’Fhoras na Gaeilge agus brú a chur ar an Roinn Pobal a sciar féin den airgead sin a chur ar fáil ó thuaidh. Is trí ardú ar an airgead ó dheas a thiocfaidh brú le hardú airgid ó thuaidh, agus sin an t-aon bhealach a thiocfaidh ardú iomlán ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge.”

Oideachas

Bláthnaid Ní Ghréacháin, Gaeloideachas: “Dá mbeadh móréileamh amháin agam ar an Taoiseach, Leo Varadkar d’éileoinn córas eiseamláireach tumoideachais, ón naíonra go bunscoil go hiar-bhunscoil, a bheith ar fáil do chách.

Má táthar dáiríre faoi chaomhnú agus fhorbairt an tumoideachais mar chóras oideachais eiseamláireach in Éirinn beidh gá le dul i ngleic leis na heasnaimh atá ina ndris chosáin ag córas an tumoideachais. Is ábhar buartha ar leith é, atá ag dul i méid le blianta beaga anuas, an laghdú atá ag tarlú ar líon na naíonraí atá ag feidhmiú sa tír, ainneoin go bhfuil tuismitheoirí á lorg dá bpáistí.

Tá naíonraí faoi bhagairt ag géarchéim earcaíochta agus coinneála mar nach bhfuil pá agus coinníollacha oibre mealltacha ann dá lucht saothair. Tá ganntanas áiseanna agus acmhainní ann, níl meicníocht nó bealach ag an Stát leis na naíonraí atá lasmuigh den Ghaeltacht a aithint mar shuímh uathúla tumoideachais, agus ní chuirtear tacaíochtaí riachtanacha ar fáil dóibh.

Séantar deis ar pháistí, ar mian leo agus lena gcuid tuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge a fháil, freastal ar naíonra, bunscoil nó iar-bhunscoil lán-Ghaeilge. Tá géarchéim soláthair, earcaíochta agus choinneála i measc mhúinteoirí ag na trí leibhéal. Tá na cúrsaí amhlaidh de bharr easpa straitéisí Stáit chun ábhair mhúinteoirí a mhealladh, agus cúinsí mealltacha a chruthú chun go bhfanaidís sa ghairm go fadtéarmach.

Níl soláthar Oiliúint Tosaigh Mhúinteoirí cuí ann ná deiseanna chun tacú le múinteoirí caighdeáin inniúlachta sa teanga a bhaint amach.

Le go mbeidh rath ar fhorbairt agus feidhmiú an Pholasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge, molann Gaeloideachas go gcuirfí na tacaí céanna ar fáil is atá ar fáil sna scoileanna Gaeltachta, rud a chinnteoidh comhtháthú agus comhleanúnachas i bhforbairt chóras tumoideachais ar ardchaighdeán in Éirinn.”

Tithíocht

Róisín Ní Chinnéide, Meitheal Náisiúnta Pleanála Teanga: “Níl aon ghanntanas réiteach ar mhaith liom a éileamh ón Taoiseach ar cheist na Gaelainne (faraor) ach ba bhreá lem’ chroí dá bhfógródh sé go bhfuil sé i gceist ag a rialtas tabhairt fén ngéarchéim tithíochta Ghaeltachta a aisiompú go fonnmhar.

Tá léirscrios na géarchéime tithíochta le brath ar fud na tíre. Aithním é sin gan aon agó. Ach tá tionchar tragóideach tubaisteach á imirt aici ar an nGaeltacht. An seanscéal céanna agus meirg air, ach munar féidir le muintir na Gaeltachta maireachtaint sa Ghaeltacht, tá sí daortha chun báis againn - agus an Ghaelainn léi. Mar is dúil don cheoltóir agus gníomhaí Duibhneach Breanndán Ó Beaglaíoch a rá, ‘tá an rialtas ag tachtadh na teangan sa nead’ leis na polasaithe (nó easpa polasaithe) tithíochta atá i bhfeidhm acu sa Ghaeltacht.

Tá deis ag an rialtas gníomh dearfach, eisceachtúil a dhéanamh don Ghaeltacht. Tá an Bille um Pleanáil agus Forbairt 2023 os comhair na Dála, píosa reachtaíochta a mbeidh tionchar nach beag aici ar inmharthanacht na Gaeltachta amach anseo.

Is mithid don Taoiseach agus a rialtas é sin a aithint, éisteacht le mianta phobal na Gaelainne, agus leasuithe a dhéanamh ar an mBille chun deireadh a chur le díbirt na ndaoine ón nGaeltacht - ainiarsma marfach an chórais phleanála reatha. Níl aon teorainn le teacht aniar an phobail seo ach nár bhreá an rud é dá dtabharfadh an Taoiseach faoiseamh éigean dúinn!”

  • See our new project Common Ground, Evolving Islands: Ireland & Britain
  • Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
  • Find The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
  • Our In The News podcast is now published daily – Find the latest episode here
Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.