Oidhreacht spotaitheach

Ceann de na polaiteoirí a chreid níos mó sa mheacan ná sa mhaide ba ea John Bruton.

Cé go raibh ardmheas ag George Mitchell ar David Trimble ar son a dhein sé chun a laidhricín a chur in eachtra na síochána soir ó thuaidh bhí sé suite de nach go deonach a dhein sé rud ar bith. B’éigean é a tharraingt nach mór in aghaidh a thola chun bogadh, chun gluaiste, chun réitigh.

Cad ina thaobh go rithfeadh a leithéid chéanna de dhrochsmaoineamh chun na haigne oscailte agus í ag féachaint ar an DUP agus an Ridire Séafraidh Mac Dónaill ar a mharcaíocht ar ais go Stormont? Cé go dtagann maide agus meacan isteach sa chloigeann, leis, ar chúis éigin ba dhóigh leat gurb éifeachtaí go mór an maide sa chás seo.

Ceann de na polaiteoirí a chreid níos mó sa mheacan ná sa mhaide ba ea John Bruton. Níl sé inlochtaithe mar gheall ar sin, óir b’fhearr le haon duine séisín seachas smísteáil, plámás seachas plancadh. Ach an raibh anáil ar bith ag breab aneas ariamh ar aigne an DUP?

Cuireadh deireadh le seasamh speisialta na heaglaise Caitlicí toisc go raibh leithscéal rialtas na Róimhe acu. Tugadh suas éileamh an stáit ó dheas ar an stáitín ó thuaidh. Níor leanadh buamálaithe Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin. Cuimilíodh mil le briathra. Déanadh lúitéis le ríogaigh. Fós féin, ní léir gur dhein aon phioc de sin seamaide difríochta don daingne aontachtach.

READ MORE

Ní hé nár dhein John Bruton a chion mar pholaiteoir. Duine ar bith a bhí i gceannas rialtais ina raibh léinte gorma den seandéanamh, liobrálaigh forásacha dul-chun-cinniúla dheireadh na haoise, iarChonghailigh an Lucht Oibre agus leathStailinígh an Daonlathais Chlé gan iad a bheith in adharca a chéile níorbh fholáir a admháil gur ghaisce ba ea é sin. Is faoi dhaoine eile an mhíorúilt sin a mheas.

Ach bhí sé thar a bheith macánta ina dhílseacht d’oidhreacht John Redmond. Thar aon cheannaire eile de chuid a pháirtí, léirigh sé gur slogadh an Irish Parliamentary Party isteach i Fine Gael agus gurbh iad ba dhual dóibh seachas oidhreacht Mhichíl Uí Choileáin. Is é a dhein sé ina ráitis phoiblí ná an díospóireacht náisiúnta maidir lenár gceisteanna staire uile go léir a iontáil siar go dtí an 19ú haois. Ní hea amháin go raibh a sheasamh coimeádach, ach bhí Victeoiriánach. Nuair a cheapamar go raibh go leor den allagar timpeall ar éirí amach na Cásca spíonta againn, dhúisigh sé corpán an IPP as an reilig agus chuir ag siúl inár measc.

Shíl sé gur botún ba ea éirí amach na Cásca 1916, agus is fíor go raibh go leor botúnach mar gheall air. An ceann ba mhó nár díríodh i gceart ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath a ghabháil. Ní cheapaim gurbh é sin an botún ba mhó ba chás leis, áfach. Shíl sé go saonta gurbh fhéidir saoirse na hÉireann a bhaint amach gan dúshlán na Breataine a thabhairt le linn dá himpireacht a bheith in airde láin.

Is tuigthe tábhacht na tuisceana atá ag Taoiseach ar an gcúis go bhfuil an post sin ann in aon chor.

B’fhéidir go mbeadh rialtas baile uiscealach éigin againn faoin mbliain 1994, agus go mbeadh sé féin ina chéad aire ar nós Mark Drakeford sa Bhreatain Bheag. Ach is fada anonn an méid sin agus a bheith ina Thaoiseach ar stát neamhspleách Éireannach a sheas amach ina oileán síochána nuair a bhí airm bharbartha an domhain ag coscairt a chéile.

Ina dhiaidh sin féin, mar thaoiseach a shíl gur chóir dúinn dul sáite i gcosaint na hEorpa, i bhfocail eile, páirt a ghlacadh in arm Eorpach, bhí sé dílis d’fhís an Réamonnaigh nár bheag leis go mbeadh óige na hÉireann amuigh ansin ag cosaint impireachtaí na hilchríche ar son a gcuid uaisle féin.

  • Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
  • Find The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
  • Our In The News podcast is now published daily – Find the latest episode here
Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar