Gaoth agus gliogar

Cuireadh an feidhmeannas ar fionraí nuair nár ghlac an DUP leis an margadh idir Rialtas na Breataine agus an tAontas Eorpach.

Foclóir: Gealltanais - promises; réitithe - resolved; go dícheallach - diligently; filleadh ar an tréad - return to the fold; macalla - echo; féiríní - gifts; gliogar - jingle; cóir ghaoithe - fair wind; caoinfhulaingt - tolerance.

Níos mó ná seachtain ó shin ceapadh leas cheannaire Shinn Féin, Michelle O’Neill go hoifigiúil ina Céad Aire ar fheidhmeannas Stormont.

Den chéad uair riamh, tá náisiúnaí sa ról is mó stádais anois i gcóras pholaitíochta an tuaiscirt.

B’fhéidir gur tugadh gealltanais rúnda don DUP chun go bhfillfidís ar an tréad ach tugadh le fios nach gcuirfeadh pé féiríní a gealladh isteach ná amach ar shocruithe Chomhaontú Bhéal Feirste.

READ MORE

Bhíothas chomh tuirseach sin den staid a bhí ann le dhá bhliain gur cuireadh fáilte mhór roimh chinneadh an pháirtí filleadh ar Stormont.

An tuiscint a tugadh agus an tsáinn pholaitiúil réitithe mar dhea, ná gur tús nua a bheadh ann. Deis do chách tabhairt faoin obair go dícheallach, go dlúsúil agus go dúthrachtach.

Ach más fíor go raibh macalla ghliogar na gcloigíní ceiliúrtha fós le cloisteáil i mBaile Átha Cliath agus i Londain, b’fhada ó bhinneas i gcluasa phobal na Gaeilge a bhí an nuacht nuair a ainmníodh beirt de chuid an DUP sna poist is mó tionchair agus cumhachta ó thaobh na teanga de.

Beidh cúramaí a bhaineann le maoiniú trasteorann Fhoras na Gaeilge ar an Aire Pobal, Gordon Lyons, agus beidh freagrachtaí as oideachas na Gaeilge ar an Aire Oideachais, Paul Givan. Ní fhéadfaí a rá go bhfuil ceachtar den bheirt báúil leis an nGaeilge.

Is é Paul Givan a chuir stop le maoiniú don scéim Líofa in 2017 agus labhair Gordon Lyons amach go láidir in aghaidh an acht teanga. Tá Conradh na Gaeilge ar thóir cruinnithe leo anois chun beartais a bhaineann le feidhmiú reachtaíocht teanga a phlé.

Tuigfear gan mhoill an cur i gcéill a bhí sa bhfústar, nó an mbeidh cóir ghaoithe ag an gcaoinfhulaingt.

  • Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
  • Find The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
  • Our In The News podcast is now published daily – Find the latest episode here
Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.