Naíonraí ‘ag stad na géarchéime’

Níl ach 53 naíonra ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, de réir tuarascáil a d’fhoilsigh an Roinn Leanaí

Foclóir: Naíonra - preschool; forbairt - develop; lasmuigh - outside; feighlithe leanaí - child carers; éigeantach - mandatory/compulsory; cruinn - accurate; uathúil - unique; tomhas - measure; an chéad lúb sa slabhra - first link in the chain.

Níl ach 53 naíonra ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht san fhiche sé chontae, a deir tuarascáil a d’fhoilsigh an Roinn Leanaí an tseachtain seo caite.

Tá an tuarascáil le bheith mar chuid de bhuntaighde do phlean chuimsitheach gníomhaíochta atá le forbairt d’earnáil na luath-óige agus cúram leanaí an bhliain seo chugainn.

Dúirt Gaeloideachas, atá ina cheanneagraíocht náisiúnta a thacaíonn le forbairt an oideachais lán-Ghaeilge, go dtugann an tuarascáil “léiriú an-lom” ar an staid ina bhfuil naíonraí atá lonnaithe lasmuigh den Ghaeltacht.

READ MORE

Tá sé ráite le fada an lá gur cheart go mbeadh naíonraí ina mbunchloch ag an luath-thumoideachas. Cuireann siad timpeallacht foghlama agus sóisialú teanga ar fáil atá ríthábhachtach maidir le sealbhú teanga an aosa óig. Ach tá géarghá le bonn láidir a chur fúthu agus tacaíocht airgid a chur ar fáil chun an aisling sin a fhíorú.

Tuairiscítear ón suirbhé go bhfeidhmíonn 79 as 92 aonad sa Ghaeltacht “go huile agus go hiomlán” trí Ghaeilge, ach ní mar sin atá cúrsaí lasmuigh den Ghaeltacht, áit nach bhfuil ach 53 aonad ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge as an 192 aonad ina gcuirtear seirbhís éigin ar fáil sa teanga.

Céard is brí leis seo ar fad?

Sa leabhrán “An Tuismitheoir agus an Naíonra” a d’fhoilsigh Na Naíonraí Gaelacha in 1994 dúradh: “Ó 1974 i leith, tá beagnach 250 naíonra bunaithe ar fud na hÉireann, thuaidh agus theas. Sa Ghaeltacht, tá suas is anuas le 80 grúpa ann agus iad ag feidhmiú le tacaíocht speisialta ó Údarás na Gaeltachta.”

Le tacaíocht stáit tá líon na naíonraí sa Ghaeltacht seasta, ach taobh amuigh den Ghaeltacht, gan an tacaíocht chéanna ainneoin éilimh mhór ar réamhscolaíocht Ghaeilge, tá an líon tite go tubaisteach.

Cúinsí eacnamaíochta agus easpa tacaíochta is mó atá á dtachtadh: ní thugann an Stát aitheantas dóibh mar sheirbhís ar leith - cé go bhfuil tumoideachas á chleachtadh i gcuid acu agus go bhfuil riachtanais tacaíochta ar leith acu.

“Seo croílár na faidhbe - mura n-aithnítear suímh thumoideachais go sonrach mar shuímh uathúla a fheidhmíonn i gcomhthéacs ar leith, ní chuirfear tacaíocht chuí ar fáil dóibh len’ iad a chaomhnú, a neartú, agus a fhorbairt,” a dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, ardfheidhmeannach Gaeloideachas. Dúirt sí go bhfuil míréir idir líon na naíonraí agus líon na mbunscoileanna lán-Ghaeilge le sonrú.

“Tá an bhearna sholáthair an-soiléir nuair a chuirtear an 53 naíonra i gcomparáid le 153 bhunscoil lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht,” a dúirt sí.

Níl fáil ar naíonra ag gach páiste, ná baol air, agus níl aon phlean gníomhach ag an Stát le líon na naíonraí a mhéadú, nó fiú infheistíocht a dhéanamh leis an meath a mhaolú.

Is minic naíonraí ag brath ar shíntiúis na dtuismitheoirí chun foireann cháilithe a íoc, a gcostais uilig a ghlanadh agus chun infheistiú a dhéanamh i dtrealaimh agus i bhfoirgnimh.

Tuaradh anuraidh go bhfuil éigeandáil in earnáil luathoideachas na Gaeilge agus go bhfuil baol ann go dtiocfaidh deireadh le naíonraí Gaeilge taobh istigh de chúig bliana dá bharr. Dhún ar a laghad 17 seirbhís naíonra ó 2016 i leith agus tá gach seans ann gur dúnadh níos mó nár tuairiscíodh.

Tá straitéis chuimsitheach don luath-thumoideachas á éileamh ag Gaeloideachas chun dul i ngleic leis an mhíchothromaíocht tuarastal agus an easpa maoinithe atá san earnáil. Táthar ag iarraidh go gcuirfidh scéim maoinithe ar fáil “ar bhonn práinne” agus go ndéanfar infheistiú i seirbhís tacaíochta agus chomhairliúcháin.

Cé go bhfuil naíonraí ann ó na 1960idí i leith, ceaptar gurb é seo an chéad uair gur bhailigh an Roinn Leanaí eolas maidir leis an teanga ina bhfuil seirbhísí do leanaí óga ag feidhmiú. Táthar sásta go bhfuil an roinn ag tabhairt airde ar an gceist - ainneoin an drochscéil atá sa tuarascáil maidir le staid na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht.

Tá gluaiseacht na Gaeilge ag éileamh le fada go gcuimseofar polasaí uileghabhálach don Ghaeilge sa chóras oideachais ina iomláine agus tá obair ar siúl sa Roinn Oideachais maidir le polasaí nua a fhorbairt.

Tagann na naíonraí faoi bhráid an Roinn Leanaí faoi láthair seachas faoi choimirce an Roinn Oideachais cé go bhfuil siad ar an chéad lúb i slabhra an tumoideachais.

Tá an Roinn Oideachais i mbun cigireachta orthu cheana féin agus beifear ag súil leis go mbeidh cur chuige idir-rannach faoin bplean gníomhaíochta, le cinntiú go bhfaigheann naíonraí aitheantas oifigiúil agus go mbainfidh siad leas as na scéimeanna agus tacaíochtaí céanna a chuirtear ar fáil don earnáil luathbhlianta trí chéile.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.