Gaeilge Sa Ghaeltacht

Sir, - I dTuarascail (22u Feabhra), caitheadh amhras ar an anailis uaim maidir le usaid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a foilsiodh…

Sir, - I dTuarascail (22u Feabhra), caitheadh amhras ar an anailis uaim maidir le usaid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a foilsiodh i gCuisle (Feabhra 1999). Scriobhadh gur thugas le fios i gCuisle "go bhfuil beagnach 21,000 cainteoir Gaeilge sa Ghaeltacht".

"Thart ar 21,000 duine fasta os cionn 19 mbliain d'aois a labhrann Gaeilge gach la sa Ghaeltacht." B'sin e an chead abairt san alt a scriobhas i gCuisle. Ach a leamh le curam, thuigfea nach cainteoiri Gaeilge a bhi i gceist ach daoine fasta a usaideann an Ghaeilge go laethuil.

Caineann Tuarascail mo chuid oibre chomh maith mar gur fhagas cainteoiri Gaeilge faoi bhun 20 bliain d'aois as an aireamh san anailis. Mhinios go soileir san alt i gCuisle gur fhagas na haoisghrupai scoile as an aireamh mar go gcuirfidis an ceadchodan den daonra a bhi ag usaid na Gaeilge mar ghnath theanga laethuil i ngach mionphobal Gaeltachta as riocht, go mor mhor i gceantracha laga Ghaeilge.

Leis an bpoinnte sin a shoileiriu nior mhor dul i muinin roinnt staististici eile. Bhi 61 sa chead den aoisghrupa 15-19bl. sa Ghaeltacht dha aireamh mar cainteoiri laethula i 1996. Ach titeann an ceadchodan go 32 sa chead don aoisghrupa 20-24bl. agus duirt 42 sa chead den aoisghrupa os cionn 64 bliain d'aois go labhrann siad Gaeilge go laethuil. Gaeilge in usaid ceadchod an nios mo deagoiri sa Ghaeltacht na mar ata i measc an seandream?

READ MORE

Dala an sceil do reir an Daonairimh, ta 61,035 sa Ghaeltacht a bhfuil Gaeilge acu. Astu sin usaideann 35,275 duine an Ghaeilge go laethuil agus is daoine in aois scoile beagnach 14,000 acu sin. Fagann sin 21,000 duine fasta ina nGaeilgeoiri laethula. - Is mise, Donnacha O hEallaithe,

Roinn na Matamaitice, GMIT, Gaillimh.