CROBHINGNE:NUAIR A fiafraíodh de Mháirtín Mac Eoin (Martin Johnson duitse), bainisteoir fhoireann caide ubhchruthaithí Shasana, cad ina thaobh go raibh a iompar chomh náireach sin nuair a chas na geansaithe glasa ar an rós agus é ina chaptaen orthu suim bheag blianta ó shin, b'é a fhreagra, freagra deas soilbhir na muintire sin gur mian leo dearmad a dhéanamh. "B'shin an aimsir chaite, agus seo í an aimsir láithreach," nó focail bhaotha éigin ar aon dath leo.
Ar a laghad níor mhaígh sé gur cheart líne a tharraingt faoin ngaineamh mar adúirt John Major uair amháin.
Is ea, leis, is geal linn na línte a tharraingt sa ghaineamh nuair a oireann sé dúinn. Ó bhó go deo na natháin go léir a shairsingíonn orainn gurb í seo an áit a bhfuilimid anois, amhail is go raibh baol ann go gceapfaimis go rabhamar áit ar bith eile.
“Ní foláir dúinn dul ar aghaidh ón áit seo,” sa tslí dhuit go gceapfá nach raibh an méid sin ar eolas again. Ach ina choinne sin, níor thuirsigh aon duine a mheabhair riamh de bharr a bheith ag iomrascáil le gaois na dtráchtairí poiblí.
Dúirt Myles na gCopaleen gur thug sé ‘The Past’ ar a theach, mar bhí sé bréan de dhaoine a bheith ag cur ina leith go raibh sé ina chónaí san aimsir chaite.
Ní hé sin atá i gceist anseo in aon chor, ach eagla ar dhaoine go luafaí cad a bhí á rá ag daoine cúpla bliain ó shin agus iad chomh sotalach mórchúiseach bladhmhannach sin. Ní mustar go dtí mustar an duine nach mian leis a admháil nach raibh an ceart aige.
Sinne a cheap gur nimh sa chóras polaitiúil ba ea na PíDíDeamhna, gurbh iad an dream ba lofa agus ba tháire agus ba shuaraí ó shiúil na Léinte Gorma inár measc, déanadh muga maga dínn.
Nuair a dheineamar rince ar a n-uaigh agus pramsáil ar a gcónra agus nuair a chomóramar a gceiliúradh le gach hósanna ar gach sliabh, b’é an tuairim a bhí amuigh ansin, gur ag dul thar fóir a bhíomar.
Ní fíor a rá nach dtugann sé pléisiúr dúinn go raibh an ceart againn. Tugann pléisiúr thar meon dúinn. Is ag iarraidh smut den phléisiúr sin a bhaint dínn atá lucht na línte a tharraingt sa ghaineamh.
Ní hé an pléisiúr amháin is ansa linn ar fad, cé go bhfuil sin taitneamhach go leor suas is anuas lena raibh cheana. Ach an iarracht shleamhain shlíbhíneach atá ar bun le gan machnamh puinn a dhéanamh ar cad a tharraing isteach sa pholl slogaide sinn.
Ná ní hé go díreach gurb é atá uainn go bhfeicfí na bithiúnbhaincéirí á gcrochadh le putóga deireanacha na n-urlabhraithe eacnamaíochta. Ní mhaím nach mbeadh sin pléisiúrtha ach an oiread, agus dob fhéidir le fiontraí óg airgead a dhéanamh ach scannán a dhéanamh as.
Ná ní raghainn chomh fada ach oiread is a mholadh gur cheart iad a chur sna stoic lasmuigh den Bhanc Ceannais agus torthaí agus tornapaí a chaitheamh leo; is fíor gurbh fhusa é seo a dhéanamh faoi láthair agus praghas na bprátaí lofa is na dtrátaí dreoite tar éis titim.
Agus dob fhéidir aisling ba ghránna ná é a shamhlú. Cuimhním ar chríoch an scannáin Braveheart agus ar raca agus ar sceana agus ar ionathar ar fud Faiche an Choláiste. Ach níl ansin ach mé féin – agus cúpla céad míle duine eile.
Ach is é is mian linn ná go n-admhófaí go poiblí cad ba bhun leis na botúin. Go ndéanfaí faoistin phoiblí. Go ndéanfaí féinsciúirseáil aigne agus fuipeáil meoin agus scrúdú coinsiasa. Go dtuigfí go raibh cúis leis an tubaist seo ar fad. Nár de dhroim draíochta a tharla. Nach asarlaíocht atá sa mhargadh beannaithe, ach daoine ag geallghlacadóireacht le hairgead nach leo.
Nuair adeir breallsún éigin: “Ní maith leis an margadh é seo,” ba cheart a chur ar a shúile dó gur daoine is ea an margadh bréan súmaireshantach céanna. Nuair adeir duine: “Is dóigh leis an mBanc Ceannais...nó An Roinn Oideachais...nó an IMF”, is é is brí leis gur dóigh le daoine áirithe seo nó siúd.
Níl aon aigne dá chuid féin ag an margadh, ná ag an mbanc, ná ag aon eagraíocht idirnáisiúnta. Daoine a dheineann an cinneadh, agus fulaingíonn daoine eile dá dheascaibh.
Tharla le déanaí gur nochtadh aghaidh na ndaoine gurbh iad faoi ndear an tubaist. Cuid acu níos soiléire ná a chéile. D’oirfeadh dóibh an stair a raibh deireadh léi a thosnú arís as an nua.
Ná ligtear dóibh.