You gotta pick a póca nó dhó

BEOCHEIST: MUNA BHFUIL tú den aois sin go gcuimhníonn tú ar an Rialtas bheith ag tógáil breis agus a leath de do chuid pá mar…

BEOCHEIST: MUNA BHFUIL tú den aois sin go gcuimhníonn tú ar an Rialtas bheith ag tógáil breis agus a leath de do chuid pá mar cháin, ní thuigfidh tú an déjà vu atá á fheiceáil ag a lán faoi láthair.

Dóibh siúd nach raibh an pléisiúr sin acu fós, ba chóir a mhíniú go mbíonn gach lá pá, faoi chóras cánach mar sin, ina lá feirge – dies irae, dies illa, mar a déarfá. Nuair a thógann an Rialtas níos mó uait ná mar atá á thabhairt abhaile agat, pléascann rud éigin i do chloigeann.

Téann meon an íobartaigh i bhfeidhm. Ní féidir réiteach a dhéanamh den tuairim nimhiúil go bhfuil gadaíocht faoi sholas an lae ghil á déanamh ort go seachtainiúil agus nach féidir leat tada a dhéanamh faoi.

Ghlacadh daoine leis ar a ndóigheanna féin. Má bhí siad óg go leor bhí a lán roghanna acu. D’éiríodh cuid acu éadóchasach agus d’imíodh siad as an tír ar fad agus iad ag súil le filleadh.

READ MORE

Cuid eile, lorgaíodh siad bealach éigin, go hiondúil mídhleathach, chun éalú ón gcáin. I gcás amháin, is cuimhin liom gur éirigh fear amháin as obair ar fad agus go ndeachaigh sé ar an dól.

Is é an míniú loighiciúil a thug sé go mbeadh beagnach an méid céanna airgid aige ach, ar a laghad, go mbeadh sé de shásamh aige gurbh eisean a bheadh ag goid. É sin agus nach mbeadh air luathlámh an Rialtais a mhothú ina phóca. Anois, b’shin fearg.

Ach an gnáthdhuine, chuireadh sé suas leis. Agus bhíodh a fhios go maith ag an dream a d’fhan gurb é an t-airgead a shaothraigh siadsan a bhí ag tógáil teaghlaigh eile áit éigin sa Stát.

Is cinnte gur thuig siad nach bhfaigheadh siad aitheantas go deo ón Stát as agus leoga, ní bhfuair. A mhalairt, nuair a tháinig an crú ar an tairne, is iadsan a bhí ar bharr an liosta íobartach a bhí le lomadh ag an Rialtas.

Tuigfear, mar sin, an gáire ciniciúil sin ar bhéal na seandaoine a bhí ar tí a gcuid cártaí leighis a chailliúint tar éis an bhuiséid dheiridh.

Tuigfear freisin an tragóid ar aghaidheanna na seandaoine sin a chaill a gcuid airgid i mbriseadh na mbanc.

De réir mar atá an tubaiste reatha á nochtadh agus go bhfuil a fíormhiosúr á dtógáil againn, is deacair gan an tréimhse chorrach eile sin a thabhairt chun cinn.

Ar ndóigh, tá na hacmhainní cumarsáide níos fearr ag rialtais anois agus ní chluineann tú na focail amha “ardú cánach”.

Ach tá an focal “levy” an-áisiúil. Agus céard a déarfá leis an bhfocal “táille”? Nó céard faoin “mbanda” a leathnú nó a chaolú?

Tá níos mó dóigheanna ag an Rialtas le lámh a chur i do phóca ná mar a bhíodh ag Fagin agus tá cúrsaí chomh dona sin go mbeidh siad go léir in úsáid.

Tá an chóisir thart, an bille tagtha agus na baincéirí agus na forbarthóirí imithe as an gcúldoras.

Nach mór a d’athraigh an saol ón mbliain 2000 nuair a d’fhógair Mary Harney go mbeadh 200,000 oibrí ó thíortha eile uainn thar an chéad seacht mbliana eile chun an ráta fáis a choinneáil ard. Anois is inimircigh iad trian de na daoine atá i scuainí na n-oifigí leasa shóisialaigh.

Ach, bhí muidne anseo cheana féin. Tá tíreolaíocht an bhochtanais ar eolas againn.

Beidh orainn glacadh leis go bhfuil an bád bán, mar a thugtaí ar an long farantóireachta as Dún Laoghaire sa drocham, tagtha ar ais mar bheadh an Marie Celeste ann agus go mbeidh ar chuid mhór daoine óga imeacht arís ar lorg oibre.

Bíonn sé de nós ag cuid mhór acu cheana féin bliain a chaitheamh ar oilithreachtaí pearsanta chun cur lena dtaithí.

Bíonn an Astráil nó Meiriceá go minic mar cheann scríbe. Don dream siúlach seo ní bheidh le déanamh ach bliain nó dhó eile a chur leis an turas.

Éasca le rá, a deir tú? Níl, mar ní bheidh na daoine óga seo ann chun cur le feabhsú eacnamaíoch na tíre agus cé hiad a bheidh fágtha chun íoc as seirbhísí an Stáit.

Beidh sé deacair, rídheacair, ach a luaithe agus a thuigimid nach bhfuil aon chleas tapa ann chun muid a fháil as an bhfaoipeach is amhlaidh is fearr é.

Tógfaidh sé tamall, ach tiocfaidh muid as. Tá géirchéimeanna níos measa curtha dínn agus gan an tacaíocht bheith ar fáil dúinn a thugann an tAontas Eorpach.

Sea, mairfidh muid tríd ach ní gan dua. Má tá an t-amhrán You gotta pick a pocket or two le cloisint ag teacht as oifigí an Aire Airgeadais, beidh gach duine ag súil nach iad a gcuid pócaí féin a bheidh i gceist.

Beidh dul amú orthu.