Xynthia- oíche na gaoithe móire sa Fhrainc

BEOCHEIST: “TÁ NA céadta teach le cuardach againn

BEOCHEIST:"TÁ NA céadta teach le cuardach againn. Nuair a théim isteach i dteach atá faoi uisce, déanaim iarracht teacht ar an gcuisneoir ar dtús.

“Má fheicim nach bhfuil aon bhia ann, glacaim leis gur teach saoire é agus nach raibh aon duine ann nuair a tháinig an tuile.”

Suas go dtí a bhásta san uisce, lean an fear dóiteáin leis go dtí an chéad teach eile le cinntiú nach raibh duine ar bith i bhfostú ann.

Níos mó ná leathchéad duine a sciobadh chun siúil an oíche sin ag deireadh mhí Feabhra nuair a bhuail an stoirm Xynthia cósta thiar na Fraince thart ar a dó a chlog ar maidin.

READ MORE

Iad ina gcodladh an chuid is mó acu, sáinnithe go tobann ag an bhfarraige cháite a tháinig ag bualadh na fuinneoige agus ag leagan an dorais.

Ní raibh an t-am ag na seirbhísí éigeandála teacht i gcabhair orthu.

Níor fhéad siad éalú toisc nach mbíonn aon airde staighre sa chineál tí a thógtar sna ceantair seo cois cósta.

Áirítear seacht dtír ar bhuail Xynthia iad an oíche chinniúnach sin.

Cúigear san iomlán a fuair bás de bharr na stoirme i sé cinn de na tíortha seo – an Phortaingéil, an Spáinn, an Bheilg, an Ísiltír, an Ghearmáin, agus an Danmhairg.

Trí dhuine is caoga a maraíodh sa Fhrainc, níos mó na leath acu in aon sráidbhaile amháin i gceantar an Vendée – La Faute-sur-Mer.

Seans go bhfuil aithne ag cuid agaibh ar an taobh seo den chósta. Les Sables d’Olonne agus níos faide ó dheas La Rochelle.

Seans fiú gur chaith sibh saoire i gceann de na tithe a scriosadh an oíche úd. Ach is deacair fíochmhaire na farraige a shamhlú ar lá grianmhar samhraidh.

Agus radharc acu ar an bhfarraige, deirtear faoi na tithe seo go mbíonn “a gcosa san uisce acu” toisc go bhfuil siad chomh cóngarach sin don trá.

Nach íorónta é?

In 1929, ní raibh ach 151 duine ina gcónaí i La Faute-sur-Mer. Is beag teach a bhí sa cheantar an tráth sin áit a bhfuil baile is bóithre ann anois.

Bhí a fhios ag bunadh na háite gur ar iasacht ón bhfarraige a bhí an talamh is go líontaí an áit le huisce ó am go chéile in ainneoin na ndíog a tógadh go gairid tar éis an Chéad Chogaidh Dhomhanda.

I dtuarascáil a réitíodh i 2007, dúirt duine d’innealtóirí an réigiúin: “Níl aon amhras ann ach go bhfuil cósta an Vendée i mbaol tuilte mara.”

Ach níor cuireadh stop leis an tógáil. Sa Fhrainc, is é an t-údarás áitiúil nó méara an bhaile atá freagrach as cead pleanála.

Céard eile a dhéanfadh sé chun infheistíocht agus fostaíocht a mhealladh isteach sa cheantar ach cead pleanála a dháileadh ar thógálaithe a dteastaíonn uathu na céadta teach a thógáil?

I La Faute-sur-Mer, baile atá tógtha ar leithinis agus a bhfuil cuid mhór de suite faoi bhun leibhéal na mara, bíonn suas le 40,000 duine ina gcónaí ann ag buaicphointe an tséasúir.

Ach buaileann aimnéise de shaghas éigin daoine.

Fad is a bhíonn siopaí gnóthach agus bialanna cruógach, fad is a bhíonn talamh á dhíol agus tithe á dtógáil, fad is a bhíonn daoine ag obair agus ag saothrú airgid, ní fiú a bheith buartha faoi oíche na stoirme móire.

Tá os cionn cúig mhilliún duine sa Fhrainc ag cur fúthu in áiteanna i mbaol tuilte.

Cois farraige cinnte agus cois abhann chomh maith. Sa tréimhse 1999-2006, tógadh 100,000 áitreabh i gceantair a mbíonn tuilte tréimhsiúla iontu.

Tuilte a scrios an baile Cuxac d’Aude, mar shampla, atá seacht gciliméadar ó Narbonne i ndeisceart na tíre, i mí na Samhna 1999. Bádh cúigear an tráth sin.

Cé gur tógadh na bóithre arís agus gur cuireadh caoi ar na tithe, ba bheag a rinneadh chun an baile agus a mhuintir a chosaint ó thuilleadh tuilte.

Ach uaireanta is fearr an rith maith ná an drochsheasamh. Maidir le La Faute-sur-Mer, tá an cath áirithe sin caillte dar le Philippe de Villiers, uachtarán an réigiúin Vendée.

“An áit ar tháinig an fharraige, tiocfaidh sí athuair,” a dúirt sé.

Tá sé molta aige na daoine a bhfuil cónaí orthu sna ceantair is mó buailte ag na tuilte a bhogadh go talamh tirim agus athchóiríocht a thabhairt dóibh.

Tá an milleán ar an údarás áitiúil, dar leis an stát, a cheadaigh an tógáil sa chéad áit.

Cén rogha eile a bhí ann, dar le méara an bhaile ar theastaigh uaidh an baile a fhorbairt?

Aisteach go leor, is éard is brí le “faute” ná milleán nó botún.