Tubaisteach dá ndúnfaí scoileanna Protastúnacha

BEOCHEIST: AG DEIREADH na 1960í fuair me post sealadach ag múineadh Gaeilge i scoil Phrotastúnach do chailíní i dTuaisceart …

BEOCHEIST:AG DEIREADH na 1960í fuair me post sealadach ag múineadh Gaeilge i scoil Phrotastúnach do chailíní i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath. Scoil chónaithe a bhí ann agus is ó cheantair tuaithe is mó a tháinig na cailíní. Dúradh liom gur bunaíodh é chun oideachas a thabhairt do chlann mhinistéirí bochta ach nach raibh sé teoranta do chlann mhinistéirí níos mó.

Teach dílleachtaí i gceann de scéalta Dickens an chéad smaoineamh a rith liom nuair a chonaic mé an foirgneamh ard gruama ina raibh an scoil suite. Ní raibh aon teas lárnach ann agus is iad na cailíní féin a lasadh na tinte guail a bhí i gcuid de na seomraí ranga agus a dhéanadh cuid mhór den obair ghlantóireachta sa scoil. “Stáisiúin” a thug siad ar na dualgais sin.

Agus mé féin ag freastal ar scoil Chaitliceach sa Tuaisceart ba mhinic mé in éad le daltaí na scoileanna Protastúnacha ansin siocair áiseanna i bhfad níos fearr bheith acu. Saotharlanna, hallaí aclaíochta, páirceanna imeartha bhí siad i bhfad níos fearr ag na scoileanna Protastúnacha. Chuir an easpa áiseanna sa scoil Phrotastúnach i mBaile Átha Cliath iontas agus alltacht orm.

De thairbhe na mblianta a bhí caite agam ó thuaidh ba dheacair dom Protastúnachas agus dílseacht do Shasana a scaradh óna chéile.

READ MORE

Bhí oscailt súl i ndán dom sa scoil seo. Bhí scéal de chuid an Phiarsaigh, An Gadaí, á léamh againn sa rang Gaeilge agus shíl mé go mbeadh deacracht agam an cúlra Caitliceach a bhain le scéalta an Phiarsaigh a mhíniú do na daltaí.

Níorbh fhada go bhfuair mé amach go raibh siad chomh heolach le cailíní Caitliceacha dá n-aois ar ról an tsagairt i bpobail tuaithe agus eolas beacht acu fosta ar pháirt an Phiarsaigh in Éirí Amach 1916.

Ba léir dom gur fhéach na cailíní orthu féin mar shaoránaigh de chuid an Stáit seo agus go raibh súil acu a mbeatha a thuilleamh ann. Casadh cúpla duine acu orm blianta ina dhiaidh sin agus iad ina mbanaltraí in ospidéal i mBaile Atha Cliath.

Mhínigh siad dom murach an chabhair airgid a fuair Eaglais na hÉireann ón Stát chun cur ar a gcumas freastal ar an scoil seo nach mbeadh aon oideachas meánscoile acu.

Tá feabhas mór ar chúrsaí oideachais sa Stát seo ón am sin ach fós féin tá Protastúnaigh scaipthe ar fud an Stáit nach bhfuil d’acmhainn ag a muintir iad a chur chuig scoil chónaithe. Is chun cuidiú leo oideachas dara leibhéal a fháil i dtimpeallacht Phrotastúnach a fhaigheann Coiste Oideachais na Scoileanna Protastúnacha €6.25 milliún ón Stát gach bliain. Tugann an coiste cabhair airgid dóibh siúd a mheasann siad bheith i ngátar. Níl aon chaint ar an airgead sin a ghearradh.

Is é cinneadh an Aire Oideachais agus Eolaíochta na scoileanna Protastúnacha a ghearrann táillí, (dhá cheann agus fiche acu) a chur sa chatagóir chéanna leis na scoileanna Caitliceacha príobháideacha atá ina n-ábhar mór conspóide anois. Má chuirtear i bhfeidhm é ní bheidh airgead stáit acu chun rúnaithe agus airíocha a fhostú agus ardófar an coibhneas idir daltaí agus múinteoirí.

Ní móide go gcuirfidh an cinneadh sin isteach an oiread sin ar na scoileanna móra Protastúnacha i mBaile Átha Cliath, a bhfuil foinsí airgid dá gcuid féin acu, ach is cosúil go bhfuil baol mór ann do scoileanna beaga ar nós an Scoil Ríoga sa Chabhán a bhfuil tromlach na ndaltaí ag fáil cabhrach ón choiste oideachais.

Is eol go maith do lucht freastail scoileanna lán-Ghaeilge a thábhachtaí agus atá sé do bhaill mhionlaigh bheith ar scoil a bhfuil luachanna an mhionlaigh á gcur chun cinn inti agus ba mhór an tubaiste é da mbeadh ar roinnt scoileanna Protastúnacha seanbhunaithe dúnadh de bharr chinneadh an Aire deireadh a chur le stádas speisialta na scoileanna Protastúnacha.

Ba cheart go bhféadfadh an Roinn Oideachais socrú a dhéanamh chun nach dtarlódh sé sin. Maidir leis na scoileanna móra ar nós Kings Hospital nó Alexandra College, a bhfuil foirgnimh bhreátha agus tailte fairsinge acu ní fheicim cúis ar bith nach mbeidh siad sa chatagóir chéanna le Gonzaga College nó Mount Sackville.

Agus má tá an Roinn dáiríre faoi dheireadh a chur le haicmíocht i gcúrsaí oideachais agus iachall uirthi gearradh siar ar chaiteachas, nach é seo an t-am chun athbhreithniú a dhéanamh ar na scoileanna príobháideacha le chéile, idir Chaitliceacha agus Phrotastúnacha, agus ar an airgead stáit a chaitear ar thuarstal na múinteoirí iontu?