Tá Luan Cásca buailte linn arís, agus níl fágtha de na huibheacha Cásca ach na boscaí folmha.
Nó b’fhéidir go bhfuil roinnt díobh fós thall is abhus? Pé scéal é, an deireadh céanna (i mbéal duine éigin) atá i ndán don uile ubh, ina hiomláine – an bhlaosc féin, chomh maith le pé seacláidí atá istigh.
Ní hé an dála céanna ag an ubh éanlaithe é, de bharr nach den ábhar céanna iad na codanna difriúla.
Mar a deir an seanfhocal ón Danmhairg, “Ubh is ea an dóchas: faigheann duine amháin an buíocán, an dara duine an gealacán is an tríú duine an sliogán” (sa chnuasach ó Gabriel Rosenstock agus Hans-Christian Oeser).
Dhealródh gurb é atá i gceist ná gur sa bhuíocán istigh atá an cothú is fearr, an gealacán ina dhiaidh sin, agus gan aon chothú in aon chor sa bhlaosc féin.
Tagann línte ó rann traidisiúnta chun cuimhne ar an ábhar céanna, mar más ubh é an dóchas, ag ócáid a ite, baineann dóchas le breith na huibhe chomh mhaith.
Tá léiriú air seo agus ar an sásamh a ghabhann leis nuair a deir an scéalaí Bab Firtéar, “Gugalaí Gug mo chircín dubh, Suíonn sí síos is beireann sí ubh, Ubh inné is ubh inniu….” (sa chnuasach ó Roibeard Ó Cathasaigh).
Muinín
Bhraithfeá go raibh muinín aici as an toradh céanna amárach, go raibh torthúlacht na circe chomh iontaofa le, abair, bualadh an chloig (agus déarfá go raibh rithim na línte agus í á rá ar nós tic-toc an chloig féin).
Tamall spraíúil éadrom atá anseo ar ndóigh, ach tá suntas de shórt eile le tabhairt ar na cúrsaí seo – sin agat an litríocht bhéil, mar a mbíonn níos mó ná léamh amháin ar an scéal.
Ubh is ea an dóchas, mar a dúirt an seanfhocal, agus baineann an dóchas le breith an duine daonna chomh maith céanna.
Ach más ea, tarlaíonn go mbíonn a chion féin de thrioblóid i saol an duine ina dhiaidh sin – buairt, gortú, gátar.
Fealsúnacht
Ag scríobh do san 18ú haois, cháin an fealsúnaí, Jean Jacques Rousseau, an claonadh chun duáilce a chuir sé i leith an chine daonna a bhí in ainm is a bheith sibhialta.
Dar leis gur saor atá an duine nuair a bheirtear é, ach nach bhfuil éinne beo nach mbíonn glais agus geimhle air go luath ina dhiaidh sin. Donas seachas sonas a shamhlaigh sé le tionchar na sibhialtachta.
Bhí go leor gearán le déanamh aige faoin oideachas, a bhí mar chuid den tsibhialtacht chéanna.
Tá cúrsaí feabhsaithe go mór ó shin sna cearta daonna agus daonlathacha, agus cé gur mór na trioblóidí atá mórthimpeall an domhain faoi láthair, maireann an t-oideachas i mórán cásanna, ar aon dul leis an ubh, mar ábhar dóchais, agus mar shlí chun todhchaí níos fearr a shamhlú.
Deiseanna agus dul chun cinn a shamhlaítear leis an oideachas.
Is ócáid tráthúil í Luan Cásca chun machnamh a dhéanamh air seo, de bharr cúrsaí beochana agus athbheochana a bheith inár n-aigne.
Cuimhnímis gurb é is brí le hoideachas i bhfad siar ná cothú, mar a rinne Lebarcham san Fhiannaíocht, agus í mar "oide" ag Gráinne.
Fréamhaí
Má tá malairt de thuairimí ann i dtaobh fhréamhaí an fhocail ‘education’ –
educare
a sheasann do ‘cothaigh,’ nó
educere
a sheasann do ‘treoraigh amach’ – ní fada óna chéile iad sa chás seo.
Mar cé gur mór an aird atá san oideachas na laethanta seo ar spriocanna agus torthaí foghlama, is gá gan faillí a dhéanamh ar an cothú atá le déanamh ar dhearcadh foghlama an duine – fiosracht, diongbháilteacht, díograis, comhoibriú, cruthaitheacht, samhlaíocht agus aoibhneas na foghlama.
Tá gá le stór feasa mar ábhar spreagtha, agus le scileanna, ach is é an meon foghlama a mhairfidh i bhfad ina dhiaidh sin.
Agus tá baint aigesean le meon an duine i leith an tsaoil go ginearálta.
Bíonn dea-thoradh ar an oideachas má thugann an duine aghaidh ar an saol go misniúil muiníneach, le tuiscint ar a áit féin sa saol, le meas don duine eile, saor ó neamhshuim agus dearcadh diúltach.
Ba é Erasmus féin, scríbhneoir na hAthbheochana a dúirt, gurb é an t-oideachas (ach é a bheith ceart) a thugann dóchas don náisiún.
Meabhrú dúinn atá anseo, ar lá saoire na Cásca, gurb é sin an sprioc, agus, ar aon dul leis an ubh, gur gá a chinntiú oiread agus is féidir, gur ábhar agus taithí dóchais atá san oideachas, do chách.
Is Léachtóir Sinsearach san Oideachas i gColáiste Mhuire Gan Smál é an Dr Cathal de Paor