Ní dócha go mbeadh oiread ratha ar an úrscéal 1984 dá mba rud é gur chloígh an t-údar George Orwell lena rún 'The last man in Europe' a thabhairt air.
Ach don té a thugann cuairt ar Chnoc an tSabhail ar Oileán Diùra na hAlban an áit inar scríobhadh an leabhar cáiliúil úd, ba dhoiligh smaoineamh ar theideal níba fhóirsteanaí dó.
Óir roghnaigh Orwell dul i mbun pinn i gceann de na háiteanna is scoite amach ar cheann de na hoileáin is iargúlta san Eoraip.
Níl ach 180 duine ina gcónaí ar an oileán (tá 27 oiread fia rua ann) agus gan ach bóthar amháin air. Le teacht ar theach Orwell ní mór tiomáint go deireadh an bhóthair agus siúl ar chosán garbh tríd an phortaigh ar feadh ceithre mhíle agus gan de chomhluadar agat ach na míoltóga, corr-choinín agus ar ndóigh an fia rua.
Teach toirtiúil dhá stór ar chúl na gaoithe atá ann. Ní raibh duine ná deoraí thart an lá a rinne mise m’aistear agus ciúnas na reilge ann cé is moite de chágaíl na bpréachán. Níl éinne ina chónaí sa teach faoi láthair ach ligtear amach ar cíos é ar feadh tréimhsí gairide.
Níl aon leictreachas ann agus is léir ó na coinnle ar leaca na bhfuinneog nár athraigh mórán ón tréimhse a chaith Orwell ann. Táthar i dtuilleamaí go fóill ar mhóin agus adhmad mar fhoinse breosla agus níl de rian air gurb ann a scríobhadh ceann de mhórshaothair liteartha na 20ú haoise ach clóscríobhán uaigneach atá le feiceáil i gceann de na seomraí thíos staighre.
Is fada fiántas agus sceirdiúlacht na háite ó uafás an réimis fhorlámhaigh a shamhlaigh Orwell don todhchaí, ina mbeadh póilíní smaointe ag faire ort gan staonadh.
Fán am a bheartaigh sé imeacht óna shaol socúil i Londain le hionspráid a aimsiú sa timpeallacht choimhthíoch seo, bhí cáil mheasartha ar Orwell mar údar agus mar iriseoir le coinsias sóisialta, fear a throid agus a gortaíodh i gCogadh Cathartha na Spáinne. Bhí cnámha an úrscéil ina chloigeann aige ach thuig sé nach gcuirfeadh sé bailchríoch air choíche mura bhfaigheadh sé traidhfil míonna de chiúnas in áit nach bhféadfaí teacht air go ró-fhurast. Go fóill féin, níl aon chomhartha fóin sa cheantar.
B'é David Astor, cara le Orwell a bhíodh ag foilsiú a chuid saothair in The Observer agus a raibh tailte aige ar an oileán, a luaigh Diùra leis i dtús ama. Tháinig sé ar cuairt ann i mí Mheán Fómhair 1945 agus in Aibreán na bliana dár gcionn tháinig sé chun cónaithe go buan ann. Bhí sé in ísle brí ag an am mar gur cailleadh a bhean, Eileen, agus í ag dul faoi scian tamall roimhe sin.
Bhí a shláinte féin ag teip fosta agus é buailte go holc ag an eitinn. Mar sin féin, bheartaigh sé go mbainfeadh sé a bheatha i dtír ag saothrú na talún agus ag tógáil stoic.
Cheannaigh sé bád beag, leag sé síos potaí gliomaigh agus chuir sé roinnt barraí.
Is léir óna chuid litreacha chuig a chairde gur thaitin uaigneas agus suaimhneas na háite leis go mór agus gur bhain sé an-sásamh as an dúshlán chun a chuid bia agus breosla féin a sholáthar.
Roghnaigh sé láthair thar a bheith iargúlta agus gan aon chomharsa in achomaireacht seacht míle dó.
Níl ach baile beag amháin ar an oileán – Taigh na Creige – atá 25 míle ó theach Orwell.
Bhí sé ag brath ar a bháidín agus ar shean-ghluaisrothar leis an turas seachtainiúil chun an tsiopa a dhéanamh agus ba ghnách leis speal a iompar leis na luachra i lár an bhóthair a ghearradh.
Ní raibh sé ina aonar ar feadh i bhfad ann, áfach.
Tar éis cúpla mí tháinig a dheirfiúr, Avril, agus a mhac, a d’uchtaigh sé féin agus a bhean go gairid sular bhásaigh sise, chun cónaithe leis. Anuas air sin, d’fhostaigh sé an croitéir, Bill Dunn, a bhí i ndiaidh teacht ar ais ón darna Cogadh Mór ar leathchois, mar bhainisteoir feirme i gCnoc an tSabhail.
Ach i ndeireadh ama theip ar an fhís feirmeoireachta a bhí ag Orwell. Ba ar éigean a bhí siad ábalta maireachtáil ón lámh go dtí an béal, gan trácht ar bhrabach a dhéanamh.
Trí mhíle ó thuaidh den teach atá Coire Bhreacháin, ceann de na coirí guairneáin is contúirtí ar domhan. Ba dhóbair gur bádh an scríbhneoir ann nuair a iompaíodh a bhád bun os cionn agus a mhac i bhfostú ann. D’éirigh le Orwell é a tharrtháil agus a thabhairt i dtír ar charraig gar don choire. Tharla go raibh bád iascaireachta sa cheantar ag an am agus tháinig siad beirt slán gan aon dochar ón eachtra.
Fán am a chríochnaigh sé an t-úrscéal sa bhliain 1948, bhí Orwell ag saothrú an bháis.
Chríochnaigh sé an dréacht deireanach ina leaba sula mb’éigean dó teitheadh go sanatóir ar an mhórthír áit a d’éag sé go luath ina dhiaidh sin.
Bhí cinneadh glactha aige um an dtaca sin teideal an leabhair a athrú agus an dá fhigiúr dheireanacha den dáta críochnaithe a chasadh droim ar ais. Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap