Tairngreacht na todhchaí

Cé a bhuafaidh craobh na hÉireann sa pheil i mbliana?


An bhfuil focal ar bith níos gránna sa Ghaeilge ná ‘todhchaí’? Is cuma nó gaineamh a mheilt trí d’fhiacla é a rá. Mar sin féin, is í atá romhainn, murab ionann is inár ndiaidh, is dá réir sin, shocraigh mé ar aghaidh a thabhairt air.

Theastaigh uaim a fháil amach cad a bhí romhainn amach san aimsir a bhí chun tosaigh orainn amach ag na fir amach ar ball sa bhliain seo amach atá amach chugainn, nó linn féin.

Tada ní raibh le rá ag Colm Cille agus pioc a léirigh tairngreacht Mhiseoige dom.

Chuaigh mé go Nostradamus adúirt go mbeadh an aimsir fliuch i mbliain a seacht déag, cé nach raibh soiléir cén seacht déag a bheadh ann.

READ MORE

Mheasas go gcuirfinn triail ar an tairngreacht. É a dhéanamh go córasúil. An cheist chéanna a chur ar chách a chéile a mhaígh go raibh an freagra acu, agus na freagraí a chur suas is anuas lenar tharla i ndeireadh na bliana siar. Amach.

Is í an cheist a cheap mé, ‘cé a bhuafaidh craobh na hÉireann sa pheil i mbliana?’

Ceist í atá simplí go maith. Níor bhacas leis an iomáint mar níl ach dhá fhreagra air, nó trí cinn má chreideann tú sna míorúiltí.

Níor leor mar fhreagra dar liom, ‘an contae a bhfuil sléibhte ann agus a dtéann an ghrian faoi in imeall an chuain amach.’

D’fhéadfadh scata a bheith ansin, fág Maigh Eo amach as an áireamh.

Is é a theastaigh uaim eolas níos beaichte, dathanna nó ainmneacha nó go díreach an freagra féin gan beann ar a bheith ag gabháil timpeall nó ag scaoileadh noid is ag tabhairt le fios go leataobhach. Bhíos riamh litriúil agus cheapas gur cheart a bheith litriúil liom.

Ghrinneas isteach i ngrúidil an tae agus chonaic mé spéir ghorm agus soilse ar lasadh agus gallán Nelson ag éirí arís os cionn na hÉireann agus mheasas go mb’fhéidir go raibh dealramh leis sin. BÁC, abair.

Leagas mo lámh ar mo chuid liathróidí criostail agus tháinig dathanna éagsúla aníos iontu, buí agus glasuaine go háirithe, agus daoine ag urlacan ar an mbán, agus caitheamh amach á dhéanamh ag pobal na hÉireann siar amach go brách ar eagla na heagla. Ar chúis éigin, smaoiníos, ‘Ciarraí’.

Níorbh aon chabhair í an ghiofóg a leag na cártaí os mo chomhair amach ach an oiread. Dúirt sí go dtiocfadh fórsa aduaidh faoina lámha dearga is go réabfadh siad deas is clé ionas nach bhfágfaí caora gorm ag méiligh ná bó ghlasuaine ag géimnigh idir Ceann Málainne agus Carn Uí Néid is go mbeadh an Croí arís ag preabadh faoi lá fhéile Michíl um dheireadh mheán an fhómhair. Fós, an méid sin intuigthe, b’fhéidir.

Bhaineas triail as gach saghas tairngreachta eile: an mharbhdhraíocht nó taibhsefháistine (labhairt le seanpheiladóirí a fuair bás), an astralaíocht, an chnapeolaíocht, an lúidíneolaíocht, an leictrifháistine, an mhirlínfháistine, an ionatharfháistine, an bhullabáisínfháistine, an mhicímhucfháistine, an tslinneánacht, an I Ching, an Cabbala, an Mahjong agus an clár Ouija féin, ach bhí a gcuid freagraí go léir chomh soiléir le seananraith.

Cheapas, mar sin, go raghainn i muinín na ndaoine úd a bhfuil eolaíocht acu agus a thuilleann cáirníní óir ar son a gcuid allais le figiúir.

D’éiligh mé gaois an eacnamaí.

Chuir sé a chuid staitisticí isteach sa ríomhaire, chas timpeall le spúnóg mhór iad, chraith salann isteach anuas, dúirt cúpla ortha, shuathaigh na halgartaim le fíoch, agus nocht an toradh chuige.

‘Cill Mhantáin,’ ar seisean, lán de mhuinín as a chuid gaoise.

Dá mbeadh rogha agatsa idir tairngreacht chártaí, liathróid chriostail, ghrúidil tae agus eacnamaí, cé acu air nach gcuirfeá do theach?