Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar gach páirtí polaitíochta agus ar gach iarrthóir olltoghcháin tacú go hoifigiúil le héilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i 2016, éilimh arna aontú ag breis is 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta thuaidh theas.
Níl ach cúpla seachtain fágtha go dtí an t-olltoghchán ó dheas, agus táimid ag díriú air seo mar thosaíocht faoi láthair. Táimid ag iarraidh ar gach iarrthóir tacaíocht a ghealladh do na beartais seo a leanas: * go ndéanfaí infheistíocht i bplean phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge agus suas le 1,100 post nua a chruthú; * go gceapfaí Aire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, le Gaeilge, chun go mbeadh ionchur ag an nGaeilge ag Bord an Rialtais; * go mbunófaí Comhchoiste Oireachtais seasta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ar comhchéim leis na Comhchoistí Oireachtais eile.
Tá na héilimh seo bunaithe ar shaineolas agus ar thaithí uile na hearnála – áirítear eagrais phobail agus uile-oileánda, údaráis mhaoinithe, agus grúpaí eile ar nós Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) i measc na bpáirtithe a d’aontaigh orthu ar mhaithe leis an dul chun cinn is mó a dhéanamh ar son na teanga, agus chun an luach is fearr ar airgead a bhaint amach.
Is í seo an chéad uair do na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta atá ag feidhmiú i measc an phobail scéimeanna agus tograí sonracha mar seo a aontú leis na húdaráis chuí.
Anois tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar vótálaithe áitiúla – iad siúd atá ina gcainteoirí líofa Gaeilge, iad siúd atá ag foghlaim na teanga, nó go deimhin iad siúd le bá ar bith don teanga – chun éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur chun cinn leis na hiarrthóirí ar fad atá ag seasamh sna toghcheantair éagsúla.
Bunaithe ar na freagraí a thugann na hiarrthóirí, scaipfidh Conradh na Gaeilge eolas i measc an phobail i ngach Dáilcheantar agus i ngach toghcheantar faoi na hiarrthóirí agus faoi na páirtithe polaitiúla ar fad a thacaíonn go hoifigiúil leis na héilimh.
Is iomaí uair go bhfuil muintir na hÉireann tar éis a cuid tacaíochta a léiriú don Ghaeilge san iliomad suirbhéanna agus tuairiscí, ach caithfear níos mó deiseanna leis an teanga a úsáid a sholáthar don phobal agus caithfear an Ghaeltacht a láidriú.
Tá Gaeilge éigin ag nach mór dhá mhilliún duine ar oileán na hÉireann de réir na ndaonáireamh is déanaí.
Thabharfadh an maoiniú spriocdhírithe atá á lorg sa phlean infheistíochta seo deiseanna breise do phobail áitiúla ar fud na tíre chun an Ghaeilge a labhairt agus chun í a fhoghlaim, trí lárionad Gaeilge a bhunú i mbailte ar fud an oileáin, trí scoláireachtaí Gaeltachta do daoine óga agus teaghlaigh a chur ar fáil, agus trí go leor bealaí eile a áirítear sa phlean.
Anuas air sin, chuirfeadh an plean infheistíochta breis is 1,100 post ar fáil, rud a chabhródh go háirithe le hinbhuanaitheacht na Gaeltachta agus le comhordú a dhéanamh ar chur chun na Gaeilge ar fud an oileáin.
Chabhródh an plean infheistíochta agus an stádas polaitiúil breise atá á lorg againn le haisling ghlúin na réabhlóide a bhaint amach don Ghaeilge, agus dhéanfadh seo comóradh mar is ceart ar 1916.
Tá tuilleadh eolais faoi na fóraim ghnímh, faoi na bearta ionadaíochta atá á lorg ag Conradh na Gaeilge, agus faoi éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta trí chéile ar fáil ó cearta@cnag.ie nó leis an haischlib #GaelVóta ar Twitter. Ní neart go cur le chéile a chairde.
JULIAN DE SPÁINN Is Ardrúnaí ar Chonradh na Gaeilge é Julian de Spáinn