Sraith nua leabhar scríofa ag Declan Collinge

Scéalta dátheangacha


Aithneoidh léitheoirí de chuid an cholúin seo ainm Declan Collinge.

Is minic é ag scríobh sa pharóiste seo agus is fada i mbun pinn é. Múinteoir agus léachtóir ollscoile le M.A. agus PhD atá ann agus tá filíocht i nGaeilge agus i mBéarla foilsithe aige.

Tá sraith leabhar nua ar fhinscéalta na hÉireann scríofa aige: Clann Lir; Cú Chulainn; Oisín i dTír na nÓg; Scéal Fhinn; Diarmuid agus Gráinne agus Labhraidh Loingseach.

Le cois scríbhneoireacht Collinge, tá léaráidí daite le Nicola Sedgwick ann agus Mentor Books (www.mentorbooks.ie) a d'fhoilsigh.

READ MORE

Tá an scéal i nGaeilge agus an scéal i mBéarla taobh le taobh, rud a éascóidh an léitheoireacht do dhaoine nach bhfuil ar a gcompord ag léamh i nGaeilge amháin.

Nó, má tá Gaeilge (nó Béarla!) go líofa agat, tig leat léamh leat: “Fadó in Éirinn mhair muintir na Sí ar a dtugtar na Tuatha Dé Danann. Bhí draíocht ag go leor de na daoine sin.

"Tháinig am roghnaithe rí nua ar na Tuatha Dé Danann. Bhailigh siad le chéile agus roghnaigh siad Badhbh Dearg. Bhí cónaí ar Lear i gContae Ard Mhacha. Ó ba mhaith leis a bheith ina rí bhí an-díomá air nuair a roghnaigh na daoine Badhbh Dearg ina ionad."

Dírithe ar léitheoirí óga atá na leabhair ach thiocfadh le foghlaimeoir fásta iad a léamh fosta. Tá 50 leathanach i ngach aon leabhar, €7.99 a bpraghas agus tá siad le fáil i siopaí nó ar líne anois.