Sparánachtaí d’aos ealaíon na Gaeltachta i nDún na nGall

Caitlín Ní Ghallchóir, Seán Chathail Ó Coileáin, Micheál Mac Aoidh, Máire Ní Fhearraigh agus iad i mbun portráide de Phatsy Dan Mac Ruairí, Rí Thoraí.

Bhronn Ealaín na Gaeltachta sparánachtaí ar ealaíontóirí as Gaeltacht Dhún na nGall an tseachtain seo caite.

Tugadh aitheantas do na físealaíontóirí Seán Chathail Ó Coileáin agus Caitlín Ní Ghallchóir; don scannánaí Máire Ní Fhearraigh, don fhile Collette Ní Ghallchóir, don drámadóir Francie Cullen agus do Rí Thoraí, Patsy Dan Mac Ruairí.

Dúirt Micheál Mac Aoidh ó Ealaín na Gaeltachta go raibh “tábhacht ar leith ag baint le sparánacht d’ealaíontóirí, ní amháin don ealaíontóir féin ach don phobal i gcoitinne.

“Beidh toradh fíor-fhiúntach le fáil ón infheistíocht bheag agus tugann na sparánachtaí beaga seo deis d’ealaíontóirí saothar úr a chruthú a rachaidh chun sochair don phobal agus a chuirfidh leis an chlú atá ar an Ghaeltacht cheana féin mar lárionad cruthaitheach.

READ MORE

“Cé gur suimeanna beaga a bhíonn i gceist, cuidíonn na gradaim seo go mór le healaíontóir slí bheatha a bhaint amach”.

Dúirt Seán Chathail Ó Coileáin, go raibh seó aonair le bheith aige agus nach mbeadh sin ann murach an sparánacht. Bhí sé “ar bís” leis an taispeántas a fheiceáil agus léirigh an gradam seo ó Ealaín na Gaeltachta go raibh fiúntas ag baint lena shaothar, rud a thug misneach dó.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times