Seo anois na foghlaithe mara

Is mór idir inniu agus amárach do pháirtí polaitíochta

Rud a rith liom nuair a bhíos ag breathnú ar an scannán iontach Captain Phillips ná in ainneoin na pleanála go léir a dhéantar, ní bhíonn neart agat ar chúrsaí áirithe a tharlaíonn.

Sa scannán sin, ina nglacann Tom Hanks an phríomhpháirt, d’fhuadaigh foghlaithe mara ón tSomáil long Mheiriceánach ar an Muir Indiach. An rud suntasach faoi ná go raibh neart réamhullmhúcháin déanta ag an gCaptaen Phillips agus a chriú don fhéidireacht scanrúil sin – ach ní raibh siad in ann faic a dhéanamh chun an fuadach a sheachaint.

Beidh toghcháin chinniúnacha ag teacht i lár na bliana seo chugainn do chomhairlí contae an Stáit agus do Pharlaimint na hEorpa. Cén nasc atá idir Captain Philips agus na toghcháin sin? Bhuel, tá sé tanaí go leor, caithfidh mé a admháil. Ach tá an prionsabal mar an gcéanna. Is cuma cén réamhphleanáil a dhéanann na páirtithe tá sé díreach ródheacair aon tuar críochnúil a dhéanamh maidir leis an gcaoi a dtitfidh cúrsaí amach i mí an Mheithimh 2014.

Tá toghcháin na hEorpa an-tábhachtach do gach uile pháirtí ach aon tuar a dhéanfar anois, níl ann ach buille faoi thuairim. Cinnte, buafaidh Fine Gael agus Fianna Fáil suíocháin, is cinnte go bhfuil Sinn Féin chun suíochán amháin ar a laghad a bhuachaint, agus go mbeidh duine nó beirt chomhaltaí neamhspleácha ag dul chun na hEorpa.

READ MORE

Ach ní féidir a bheith cinnte faoi aon toghcheantar ná aon duine. Tá sé i bhfad róluath sa chéad dul síos.

An dara rud ná nach ionann stádas na bpáirtithe ag an bpointe seo agus an stádas a bheas acu ar an bhliain seo chugainn.

An leanfaidh Páirtí an Lucht Oibre ag titim go tóin poill? An dtiocfaidh srian nó teorainn ar ardú céime Fhianna Fáil nó Shinn Féin? An bhfanfaidh Fine Gael i mbarr a réime? An bhfeicfidh muid níos mó iarrthóirí neamhspleácha tofa?

An tríú rud ná go bhfuil líon na dtoghcheantar íslithe ón a ceathair go dtí a trí, agus go bhfuil líon na bhfeisirí íslithe chomh maith go haon duine dhéag.

Tá an leagan amach nua ar na trí thoghcheantar amaideach amach is amach. Síneann ceann acu ó Dhún na nGall go Contae Laoise, ó Ghaillimh go Contae Lú. Níl ciall ná réasún leis. Cén chaoi an mothódh aon saoránach ceangal le toghcheantar nach bhfuil bunús stairiúil, tíreolaíochta ná cultúrtha ag baint leis?

Tá gné eile ann. Ní cuid dlúth de shaol na ndaoine í Parlaimint na hEorpa; ní dhéantar an machnamh céanna sula gcaitear vóta. Braitheann an toghchán i bhfad níos mó ar íomhá agus ar phearsantacht ná ar pholasaithe nó smaointe.

Sin an fáth gur éirigh chomh maith sin le pearsantachtaí agus réaltaí áirithe – “parachute candidates” mar a ghlaotar orthu – leithéidí Rosemary ‘Dana’ Scallan, an t-iar-iriseoir Mairéad McGuinness agus iar-uachtarán CLG, Seán Ó Ceallaigh.

Mar sin féin, ní chuireann na coinníollacha sin aon bhac ar iriseoir polaitiúil a léargas féin a roinnt leis an domhan mór. Ag breathnú ar an bpictiúr, mar atá sé ag an am seo, seo mar a fheictear domsa é.

Tá Mumhain agus Deisceart Laighean á gceangal le chéile le ceithre shuíochán a chur ar fáil.

Is cinnte go mbeidh suíochán amháin ag Fine Gael (Ó Ceallaigh); ceann amháin ag Fianna Fáil (Brian Crowley) agus ansin iomaíocht mhór le haghaidh an dá shuíochán eile.

Caithfidh seans a bheith ag feisire Fhianna Fáil Liam Aylward agus ag cibé duine eile a roghnóidh Fine Gael. Beidh sé deacair ag Phil Prendergast ón Lucht Oibre an suíochán a choinneáil.

Beidh seans níos fearr ag a iar-chomrádaí Nessa Childers atá neamhspleách anois, cé go bhfuil seans ann go roghnóidh sí Baile Átha Cliath.

Tá Sinn Féin níos láidre ná riamh ach níl aithne mhaith ag an phobal ar Liadh Ní Riada go fóill. Tá gach uile sheans ann chomh maith go bhfeice muid iarrthóir téagartha suimiúil san iomaíocht mar neamhspleáchaí.

Is cinnte go mbuafaidh Fine Gael suíochán amháin ar a laghad sa toghcheantar Lár Iar-Thuaidh; Mairéad McGuinness rogha na coitianta. Beidh Fine Gael sa rás le haghaidh an dara suíochán ach braithfidh sé ar an iarrthóir – ceaptar go mbeadh seans níos láidre ag John O’Mahony ná Jim Higgins. Bheifeá ag súil go gcoinneodh Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir a shuíochán agus Marian Harkin. Beidh Sinn Féin láidir agus tá iarrthóir maith acu i Matt Carthy.

Ná déan dearmad ach oiread go mbeidh beirt Ghaillimheach neamhspleácha láidre sa rás chomh maith – Colm Keaveney agus Ronan Mullen.

Tá sé dodhéanta aon tuar a dhéanamh faoi Bhleá Cliath. Má roghnaítear Brian Hayes d’Fhine Gael, beidh sé deacair orthu an suíochán sin a ghéilleadh. Braithfidh seansanna Fhianna Fáil ar an iarrthóir. Creidim go mbeidh sé ródheacair d’Emer Costello agus an Lucht Oibre agus nach bhfuil go leor aithne ar iarrthóir Shinn Féin, Lynn Ní Bhaoighealláin.

Cé nár toghadh é (ba é Joe Higgins a rinne an beart) tá próifíl ard ag Paul Murphy ón bPáirtí Sóisialach. Beidh Eamon Ryan ó na Glasaigh san iomaíocht chomh maith agus beidh seans aige. Creidim go mbeidh slám maith de na hiarrthóirí an-ghar dá chéile.

Ach, ag an am seo, tá sé díreach ródheacair a bheith ag tuar cén uair a thiocfaidh na foghlaithe mara sin aniar aduaidh orainn!