Seachtain Mhic Grianna

Sraith nua ar BBC Raidió Uladh faoin scríbhneoir

Ní luaithe go dtagann sraith amháin teilifíse ar Sheosamh Mac Grianna chun críche go dtagann sraith nua raidió.

Tiocfaidh aistear Sheáin Mhic Labhraí in Ar Mo Bhealach Féin chun deiridh ar BBC2 Tuaisceart Éireann anocht (10pm) ach craolfaidh BBC Raidió Uladh ceithre chlár ar scríbhneoir mór Thír Chonaill idir an Mháirt agus an Aoine.

Beidh Mac Labhraí le cluinstin san oíche amárach (7pm) agus oíche Chéadaoine (7pm) agus é ag cur dhá chlár raidió i láthair ar théama Mhic Grianna. Ar Mo Bhealach Féin is ainm don dá chlár raidió fosta.

Lena chois sin, craolfaidh BBC Raidió Uladh dhá chlár úrnua eile ar an Ghriannach – Déardaoin ag 7pm agus oíche Aoine ag 7.15pm. Baineann an dá chlár le dráma a scríobh Noel Ó Gallchóir, Seosamh Mac Grianna – Idir Dhá Cheann na hImní. Clár cainte atá i gclár Déardaoin agus tá leagan nuachóirithe den dráma le cluinstin i gclár na hAoine.

READ MORE

Róisín Ní Chéileachair de chuid an BBC atá i mbun an dá chlár seo a léiriú agus a stiúradh agus deir sí go bhfuil sí “lán-sásta” lena bhfuil déanta.

“Clasaic,” a thugann sí ar an dráma agus is aici atá an t-údarás lena leithéid de ráiteas a dhéanamh.

Tá taithí mhór aici ar an seánra seo agus beidh cuimhne ag mórán éisteoirí raidió ar an sárleagan den dráma raidió ar shaol an scríbhneora, Pádraic Ó Conaire, a léirigh sí roinnt blianta ó shin. An t-aisteoir iomráiteach, Diarmuid de Faoite, a bhí i lár an aonaigh an t-am sin.

Beirt de bhunadh Dhún na nGall atá ag obair léi an iarraidh seo – Noel Ó Gallchóir, múinteoir, agus duine a rinne cion fir ar son an oideachais agus na n-ealaíon le cuimhne na ndaoine. É féin a scríobh an dráma aonair stáitse seo agus beidh cuimhne ag Gaeil Bhéal Feirste ar Ó Gallchóir i mbun aisteoireachta sa chathair lá den saol agus an saothar seo idir lámha aige.

Is cuí, mar sin, gur ghnóthaigh a chuid iarrachtaí i mbun pinn gradam Stewart Parker de chuid an BBC dó agus gur i mBéal Feirste a léiríodh an dráma raidió.

Bíodh is gur dráma aonair é, chinn Ní Chéileachair ar pháirt a chruthú don dara haisteoir le go mbeadh sí in ann “meon inmheánach” Mhic Grianna a léiriú d’éisteoirí raidió, meán ar leith.

Ar fhear de bhunadh Rann na Feirste, Niall Mac Eachmharcaigh – aisteoir C.U. Burn agus Ros na Rún – a thit an cúram sin. "Sárghlór eile," atá aige, a deir Ní Chéileachair.

Is fíor di. Bhí an t-ádh orm réamhéisteacht den dráma a chluinstin. Ag tiomáint a bhí mé agus mé faoi dhraíocht ag an saothar. Tig agus imíonn glór na beirte le linn an dráma, iad ag léamh as saothar Mhic Grianna, a gcuid cainte ag cuimilt na gcluas, agus focla mistéireacha ag cur lasóige in anam an éisteora.

Beirt eile de bhunadh Rann na Feirste, Hughie Eibhlín Ó Duibheannaigh agus Hannah Ní Dhubhcháin, atá le cluinstin fosta agus iad ag léamh sleachta as saothar Mhic Grianna.

Mura leor sin, déanann an clár raidió ceangal le scríbhneoirí na linne seo.

Léann an t-údar agus láithreoir teilifíse, Séamus Mac Annaidh, litir a fuair sé ó Sheosamh Mac Grianna lá den saol, forógra pearsanta an údair ar son na scríbhneoireachta, mar chuid den chraoladh.

Mar bharr ar an ádh, fuair Ní Chéileachair amach agus í ag léiriú an dráma go raibh clár eile faoi cheilt aici – clár cainte inar labhair na haisteoirí faoin tionchar a bhí ag Mac Grianna orthu agus mír speisialta eile a rinne Ní Dhubhcháin, ball d’Aonad na Gaeilge sa BBC, le Hughie Ó Duibheannaigh agus é ag aithris sleachta as saothar Mhic Grianna de ghlanmheabhair.

B’fhiú duit cluas le héisteacht a chur ort féin.

Fáilte roimh Fháilte

Chuir an tAire Cultúir sa Tuaisceart, Carál Ní Chuilín (SF), fáilte roimh iarratas pleanála don stáisiún, Raidió Fáilte, i Béal Feirste. Tá lucht an stáisiúin le foirgneamh nua a thógáil sa chathair, Líonra Uladh. Ionad craolacháin, taifeadta agus oiliúna a bheidh ann agus thart faoi £1,785,000 an costas iomlán caipitil a bheidh i gceist leis an tionscnamh.

Tá an tionscadal cómhaoinithe ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste atá ag cur £950,000 ar fáil; beidh Ciste Infheistíochta na Gaeilge ag cur £375,000 ar fáil, agus suas le £460,000 a chuirfidh Roinn Ní Chuilín i leataobh don fhiontar.

Dúirt Ní Chuilín gur “lá ar dóigh é seo don Ghaeilge i mBéal Feirste. Nuair a bheas sé críochnaithe, cuideoidh an t-ionad úr seo go mór le Raidió Fáilte áis Ghaeilge a bhunú agus a fhorbairt níos mó, rud a fheidhmeoidh mar lárionad cultúrtha don phobal áitiúil uilig agus cuirfidh sé tús le hathnuachan an cheantair máguaird”.

‘Saying the Rosemary’

Ag bailiú an pháiste is óige ón bhunscoil.

Í féin agus beirt eile ag plé an Charghais.

“Tá mise ag éirí as milseáin,” a deir duine amháin. “Tá mise ag éirí as brioscáin phrátaí,” a deir an dara duine.

“Oh, that’s nothing,” arsa an tríú duine, “we are saying the Rosemary every night.”