Is breá le Frank Reidy a bheith ag insint scéalta faoina chuid taistil i Ruanda, sa Chéinia, san Aetóip agus Oirthear na hAfraice trí chéile. Tá comhairle mhaith aige do dhaoine a bheadh ag tabhairt faoi leabhar taistil a scríobh.
"Níl do sprioc chomh tábhachtach le do thuras,'' a mhíníonn sé. "Tá tábhacht leis na míorúiltí beaga a fheiceann tú ar do shlí.'' Agus tá go leor acu sna leabhair Ó Chósta go Cósta, ar bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin air i 2010, agus Seal san Aetóip – sa Tóir ar Áirc an Chonartha (2013). Anois tá bailiúchán de scéalta traidisiúnta ó Oirthear na hAfraice á scríobh aige do dhaoine óga le léargas a thabhairt dóibh ar an chultúr sin.
Foilseoidh Cló Iar-Chonnacht é an bhliain seo chugainn mar scéal grafach.
Is iar-cheannfort Airm é Frank a chaith tréimhsí le hArm na hÉireann thar sáile sa Mheán-Oirthear agus in Oirthear na hAfraice le fórsaí na Náisiún Aontaithe.
Tá spéis mhór aige i gcúrsaí idirnáisiúnta agus bíonn sé ag tráchtaireacht ar scéalta domhanda go rialta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4. D’fhreastail sé ar an ollscoil nuair a bhí sé san Arm le cúrsa cumarsáide a dhéanamh agus bhí sé i gceannas ar an Rannóg Chumarsáide sa Choláiste Míleata i gCurrach Chill Dara, ag déanamh físeán traenála agus cláracha raidió. “Cineál Spielberg, ar scála an-bheag, ” a deir sé go magúil.
I 1994, bhí Mel Gibson ag déanamh Braveheart agus bhí saighdiúirí ón FCA ann agus oifigigh Airm i gceannas orthu.
Ní amháin go raibh Frank páirteach sa taobh sin de Braveheart, ach rinne sé a scannán féin faoi, Extra Braveheart a thaispeáin RTÉ.
Nuair a thosaigh cinedhíothú fuilteach i Ruanda i 1994, d’iarr an tArm ar Frank dul i gceannas ar lóistíocht ansin le cuidiú le heagraíochtaí neamhrialtais a bhí ag teacht i gcabhair ar an phobal.
“Ón lá sin, tá mé meallta ag an Afraic,” a admhaíonn sé. “Ní féidir liom fáil réidh leis, téann sé isteach i do chroí is i d’anam. Níl mórán áiteachaí eile cosúil leis. Caithfidh tú dul ar ais agus ar ais. Téim ar ais gach uile gheimhreadh.”
I ndiaidh dó an tArm a fhágáil d’oibrigh sé go páirtaimseartha leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha, a d’iarr air dul ar ais go Ruanda i 2000 mar stiúrthóir tionscnaimh, rud a rinne sé le fonn.
“Bhí muid in ann an t-uafás a dhéanamh ansin, ag obair le dílleachtaí agus ag tógáil bunscoileanna. Tá tóir ansin ar an oideachais don aos óg thar aon ní eile.
“Thuig mé stair na gcomharchumann in Éirinn agus thosaigh muid ag cur tús le comharchumainn,” a deir sé . “Gnónna beaga ag deisiú rothar, ag gearradh gruaige, muileann a thosnú, comhlachtaí beaga a bhunú le cabhair ón bpobal.
“An rud a thug mé faoi deara i ngach uile áit ina raibh mé ná go gcaithfear éalú ó oidhreacht an choilíneachais agus an fhealsúnacht sin a chuireann dream amháin os cionn dreama eile. Nuair a shocraigh an fear geal ón Bheilg nó ón Fhrainc tosaíocht a thabhairt don Tutsi thar an Hutu, rinne sé buanú ar chiníochas agus tréibheachas. Tá sé an-éasca go fóill ag daoine teacht ón Iarthar agus gan cheist a chur ar phobal na háite faoin fhorbairt a theastaíonn uathu féin.’’
Is léir óna chuid scríbhneoireachta agus na grianghraif ghleoite sa dá leabhar aige go bhfuil dúil mhór ag Frank sna hainmhithe agus sa timpeallacht in Oirthear na hAfraice. Ach feiceann sé oidhreacht an choilíneachais ansin fosta, in áiteanna inár tugadh plandaí agus iasc isteach ón Eoraip a rinne scrios ar an dúlra dúchasach.
“Tá daoine ann atá ag tabhairt múnlaí Eorpacha isteach chun na hAfraice nach n-oibríonn ansin,” a deir se le drochbhlas. “Loch Tarcana, mar shampla. Thóg siad monarcha ollmhór do dhéantús oighir le hiasc a choinneáil úr, i gceantar nach maith leis na daoine ann iasc a ithe. Bhí sé mí-oiriúnach ar fad, cosúil le tithe gloine do thrátaí nó monarcha saighdiúirí luaidhe sa Ghaeltacht!’’
Cuireann a dhá leabhar síos ar dhaoine agus áiteanna a chuaigh i bhfeidhm air chomh maith le stair agus cultúr na dtíortha inar thaistil sé. Bhí sé ar an chéad iriseoir ón Eoraip a thug cuairt ar sheanmháthair Bharack Obama sula bhfuair sé ainmniúchán na nDaonlathach do thoghchán na huachtaránachta.
Is de shliocht Luo iad muintir Obama agus tá clú orthu as a bheith sa tóir ar oideachas. Moltar a n-éirim aigne agus deirtear sa tseanchas go bhfuil siad chomh cliste sin siocair gur ith siad iasc ó Loch Victoria!