Tá úllghort beag i nDoire Thoirc ina bhfásann crann toirtiúil ar a mbíonn úlla milse dearga. Ainneoin a shláinte cheapfainn an crann seo a bheith sean, a choirt uilig brata le screamh crotail.
Cé chomh fada is atá an crann seo ann? Baile beag ar an iargúil é Doire Thoirc atá bánaithe anois. De réir an tseanchais níor chuir daoine fúthu ann go dtí aimsir an drochshaoil. An ag an am sin a cuireadh caolfhás? Cén pór úll iad na húlla?
Chuireas samplaí chuig Michael Viney. Ar dtús shíl seisean gur Irish Peach a bhí iontu ach mhol dom a dhul i dteangabháil le Seed Savers sa Scairbh i gCo. an Chláir.
Chlis orthu sin an pór a aithneachtáil ach ghealladar go gcuirfí saineolaí dá gcuid go dtí Doire Thoirc in éindí liom.
An té a bhí le theacht liom, ámh, d’éirigh sé geallta le cailín, agus murar fhág sé Seed Savers! De bharr giorrachan airgid ní rabhadar in ann aon duine eile a fhostú ina leaba!
Moladh dom triall ar Fheilm Bhrogdale i Kent Shasana.
“Má thig le haon duine pór na n-úll sin a áireamh, seod iad iad!”
Turas eile ar Dhoire Thoirc le sláimín úll a chur chun bealaigh. Bhí tuilleadh arís de dhíth: tuilleadh úll, duilliúr agus géaga.
“Ní féidir go bhfuil tú le t’aghaidh a thabhairt aríst eile ar áit mar sin!” a d’éagaoin mo bhean. “Cé mhéad uair cheana a raibh tú ann i mbliana?”
Ó bhí an fómhar ann agus an duilliúr ag athrú datha smaoiníos ar mo thuras nua a chur siar ar feadh trí ráithe.
Ach gur bhíog práinn mé. Cárbh fhios go mbeinn beo an tráth sin?
“Faraor, a stór, ach caithfead a dhul sula mbí sé rómhall!”
Dáiríre píre, is maith liom bualadh liom saor mar seo. Lá a chaitheamh faoin tor, mar a déarfá. Mar gur contráilte i bhfad a éiríonn cúrsaí nuair a chinneann mo bhean ar a theacht liom!
Go háirid chuig áit ar nós Dhoire Thoirc! Mar go mbíonn imfhaitíos uirthise ag taisteal ar bhóithríní cama caola sclaigeacha a mbíonn moing luachra ag cur go huaibhreach ina lár.
Nuair a chinn sí ar a theacht i mo theannta, ámh, mholas di foighid a dhéanamh i gcathair na Gaillimhe, ag déanamh dreas siopadóireachta di féin ar a socracht. Ní raibh aon mhaith dom ann.
Mar sin an gcónódh sí ar feadh achairín i gcomhluadar mo mhuintire i gCoill Bruachlán? Ní chónódh!
Fosadh ar mhullach
Bhuel, chaithfeadh sí fosadh a dhéanamh ar mhullach Thulach na nUan óna bhféadfadh sí mise a shonrú an chuid eile de mo bhealach.
Ach, no, ní raibh sí sásta leis an roghain údan ach oiread, í meáite ar a dhul an tslí ar fad go Doire Thoirc in éineacht liom.
Í ina suí ansin i suíochán tosaigh an phaisinéara, mise ag treorú an ghluaisteáin isteach is amach as na sclaigeanna chomh cneasta is a d’fhéadfainn, seabhrán na luachra ag scuabsciúradh bhun an chairr; ise ar tinneall.
Go dtí faoi dheireadh gur fhiafraigh sí díom an rabhamar ionann is ann.
“Bhfuil i bhfad eile le himeacht againn?”
“Thú ar nós páiste!” arsa mise.
“Millfear an carr!” ar sí.
Tá seangheata a bhfuil glas air ar crochadh ar sheanghallán eibhir ag béal bhaile Dhoire Thoirc agus, toisc airtríteas a bheith uirthi, mholas do mo bhean gan aon iarracht a dhéanamh ar a thíocht thairis.
Fanadh sise sa charr. Ach ní raibh aon mhaith a bheith ag caint. D’éirigh liom i dtráth í a thabhairt thar an ngeata agus ar aghaidh liom faoi dheifir faoi dhéin an úllghoirt. Gur scairt sise: “Tá mé greamaithe sa bpuiteach!”
Dheamhan aird a thugas uirthi.
“Tar ar ais!” ar sí “Nár dhúirt mé leat go bhfuil mo Wellington i ngreim sa bpuiteach?”
“Foighid ort nóiméad!” arsa mise.
“Anois tá mo chos tagtha amach as an Wellington!” ar sí.
Sciorr sí ar a tóin sa láib.
“A leithéide d’amadán!” a scread sí liom.
“Nífead ar ball thú!” arsa mise.
“A leithéide d’amadán leat!” a scread sí arís. “Bhí agam fanacht sa mbaile!”
“Cinnte!” arsa mise.
“Dheamhan a dtiocfaidh mé anseo aríst go brách!” ar sí.
“Cinnte ní thiocfair!” arsa mise.
Muid ag filleadh go cúramach ar Thulach na nUan rinne mo bhean gáire.
“Bhuel, a Phádraic,” ar sí, “is cinnte nach bhfuil do leithéide eile ann!”
“Is amadán mé!” arsa mise. “Pleidhce, pleota, asal bán!”
Sheol mé na húlla, duilliúr is eile, móide £20 de tháille, chuig Feilm Bhrogdale.
Sé seachtaine níos deireanaí fuaireas litir uathu ag rá gur theip orthu a n-aithneachtáil.