Pápa, banríon agus uachtarán

Tá clais dhothrasnaithe idir poblacht agus ríocht


Is cosúil gur chas an Pápa seo againne agus an bhanríon acu siúd le chéile sa Vatacáin an tseachtain seo caite. Is ea, is ea, tá a fhios agam nach maith le daoine an friotal sin anois toisc go bhfuilimid ar fad mar a chéile agus gan de dhifríocht eadrainn ach an mhuir mheann, agus an bhá bhaoil, agus cogaí a tharla fadó nach mbaineann linn beag ná mór anois.

Ach is de shuimiúlacht thar amhras gur beirt iad – an Pápa agus Éilís II – atá i gceannas ar stáit nach foláir gurb é ceann an reiligiúin ceann an rialtais iontu chomh maith. Ní heol dom stáit ar bith eile ar chlár na cruinne, ná go deimhin ar Mhars, ná ar Asteroid 325 féin a bhfuil seo amhlaidh iontu.

Ní fhágann san nach bhfuil difríochtaí móra eatarthu, áfach, dá mhéid a gcosúlachtaí mar cheannairí creidimh agus stáit in éineacht.

Bhuaigh Sasana craobh an domhain sa sacar fadó riamh, agus bíodh nach móide go ndéanfaidh go dtí go mbeidh in Wembley arís agus fear taobh líne Rúiseach fábhrach dóibh, ar éigean go bhfuil seans ar bith ag an Vatacáin in ainneoin go bhfuil siad timpeallaithe ag geilt peile ar gach taobh. Dá éamais sin, tá fadhb ag an Vatacáin le riail na seanmháthar, rud a choiscfeadh orthu cuid de na peileadóirí is fearr ar domhan a earcú chuca féin.

READ MORE

D’fhiafraigh Stailín an mó cathlán a bhí ag an bPápa, agus de dhealramh ní raibh an oiread sin.

Tá an Garda Eilbhéiseach aige gan amhras, ach ar éigean gur chosaint ar bith iad sin in aghaidh an Garda Éilíseach a raibh 700,000 díobh aici i dtús a réime, ná in aghaidh an 300,000 éigin atá aici anois.

D’fhéadfadh sí an Vatacáin ar fad a scrios le snapadh méire. Ní fhágfaí cailís ná altóir ina seasamh, ná bosca faoistine féin, dá socródh a cuid amhas ar dhul sna cosa sna cairdinéil agus sna heaspaig agus sna róbaí corcra mar a dhein a cuid saighdiúirí dílse sa Chéinia nuair nach raibh sí ach bliain nó dhó sa choróin; nó mar a dhein a cuid ghoulóglach san Iaráic nuair nach raibh sí ach leathchéad bliain ar an mbanríonchathaoir.

Lá loicht níl uirthi, gan amhras, ach an oiread is atá lá loicht ar Phroinsias timpeall ar pheacaí coiriúla na sagart. Ceart dom, ceart duit, mar adeirtear.

Dialathais an dá cheann díobh, An Vatacáin agus an Bhanríocht saghas Aontaithe, agus ba thús ar a laghad an méid sin a áireamh.

Ba thús, chomh maith, na difríochtaí móra idir an stáitín againn féin agus an “mhórthír” (mar a thug Taoiseach amháin uirthi) a aithint. Toisc an tUachtarán féin a bheith ag tabhairt cuairde ar an mbanríon thoir faoi láthair tá an t-aer ramhar le bladar is le bualtrach mar gheall ar “normáltacht” idir an dá thír. Sea, mar adéarfá, sea má sea. Chonac go fiú an focal “maitiúirtí” ag péacadh aníos arís.

Tá cuaird Éilíse II deannaithe anuas agus tá bualadh bos mór ag dul dúinn toisc go rabhamar chomh béasach sin ina láthair seachas titim ar bhoird mar a dheineamar le JFK. Beidh na Sasanaigh chomh béasach céanna, gan amhras, agus beidh a gcuid scríbhneoirí amuigh ag rá agus súlach lena mbéal: “Bhueil, tá’s agat, tá rud éigin speisialta ag baint le poblachtánachas.”

Ar eagla na díchuimhne, tagairt í sin dár scríbhneoir féin Sebastian Barry a mhaígh le hEileen Battersby an nuachtáin seo go raibh “rud éigin speisialta” ag baint le ríogúlacht. Téann díom féin a thuiscint cad é sin, seachas airgead agus pribhléid, agus cúnna corgi, agus scata pálás, agus lústar bhreallsún.

Ar éigean gur fuil ghorm í, mar fuarthas go raibh chomh dearg leis an gcuid eile againn tráth a ndícheannaítí iad.

Ar a laghad ní bheidh oiread na fríde den líobadh gnách ag baint le Michael D. (murab ionann arís agus Taoiseach eile a choinnigh pictiúr de féin agus de shíol an teaghlaigh ríogúil thall ina oifig, le móráil).

Mar mhalairt ar na Sasanaigh tá tréith shuaithinseach amháin a bhaineann linne; táimid oilte go maith ar an lútáil. Dá ainneoin sin, tá gné amháin den phoblacht agus a athrach sin ginte sa ríocht nach féidir a mhaolú ná a réiteach, ná a chur i leataoibh na slí, ná a shacadh faoin gcairpéad féin.

Is é sin gur toghadh ár n-“uachtarán” – ar “cothromán” le fírinne é.

I bpoblacht ar bith tá cách cothrom de réir dlí. Is sibhialaigh sinn. Sa bhanríocht tá duine agus daoine os cionn na coitiantachta agus na dlí.

Is géillseanaigh bhochta aimilte iad a léigh síscéalta is nár thug an 17ú, an 18ú, an 19ú, ná an 20ú haois faoi deara fós.

Idir poblacht agus ríocht tá clais dhothrasnaithe nach féidir leis an lúthchleasaí intinne is fearr a léim.