‘Ní fheicim aon fáth nach dtabharfaí an cead’

Tá Co Lú ar cheann de aon chontae dhéag sa tír nach bhfuil oideachas iarbhunscoile ar fáil trí Ghaeilge

Foclóir: Achainí - request, faoi bhráid - before, máguaird - surrounding, faoi riar - administered, ó thor go tom - from pillar to post, faoi choimirce - under patronage, acmhainní cuí - appropriate resources, dornálaíocht - boxing.

Tá achainí nua curtha faoi bhráid oifigigh an Roinn Oideachais ag iarraidh orthu cabhrú le pobal Dhún Dealgan oideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil do mhic léinn iar-bhunscoile ón mbaile agus ón gceantar máguaird.

Ba é Coláiste Lú, aonad Gaeilge faoi riar na máthairscoile, Coláiste Chú Chulainn, an rogha agus an t-aon rogha a bhí i gContae Lú go dtí gur tháinig laghdú agus imeallú i 2019 ar líon na n-ábhar a bhí á gcur ar fáil trí Ghaeilge san aonad.

De réir an chomhairimh is déanaí, tá Co Lú anois ar cheann de aon chontae dhéag faoi iamh an Roinn Oideachais nach bhfuil oiread agus meán scoil amháin ar fáil dóibh siúd ar mian leo oideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil dá bpáistí iar-bhunscoile ina gcontaetha féin.

READ MORE

Tá tuismitheoirí an chontae curtha ó thor go tom agus iad ar thóir láthair nua scoile.

Cé gur nós é ag an Roinn suíomh scoile a roghnú nuair a shocraítear ar scoil nua a oscailt, i nDún Dealgan is faoi na tuismitheoirí a fágadh an fhreagracht seo.

Chuaigh an Foras Pátrúnachta i gcomhar leis na tuismitheoirí i mí Márta 2020 agus pléadh scoil nua shatailíte a bhunú i nDún Dealgan. Bheadh an scoil nua seo faoi choimirce An Foras Pátrúnachta agus nascfaí í le gaelcholáiste fad bhunaithe i mbaile eile.

Bhí súil ag na tuismitheoirí i mí Bealtaine go gcuirfí foirgneamh folamh scoile eile, St Mary’s College, ar fáil don ghaelcholáiste nua. Go gearr ina dhiaidh sin pléadh costais leis an Roinn Oideachais agus tuigtear dúinn gur pléadh líon na múinteoirí, acmhainní agus an cur chuige a bhaineadh le scoil shatailíte a chur ar an bhfód.

Dúirt an Roinn ag an am gur “plé suntasach” a bhí ann.

Cé gur tugadh le fios go mbeadh úinéirí St Mary’s College sásta cuid den láthair a chur ar fáil don scoil shatailíte ag an am, díoladh an foirgneamh go luath ina dhiaidh sin. Lean na tuismitheoirí orthu agus iad ar thóir suímh nua.

Roimh an Nollaig tháinig siad ar fhoirgneamh -“Muirhevnamor” - áras pobail a bheadh feiliúnach, dár leo.

“Séard atá uainn ná 2-3 seomra a d’fhéadfaí a úsáid mar sheomraí ranga, seomra do mhúinteoirí, áiseanna níocháin, agus áit le bheith istigh do na daltaí le linn drochaimsire” a dúirt Aidan Kinsella, urlabhraí na dtuismitheoirí, le Tuarascáil.

“Oireann an suíomh. Bheadh roinnt oibre le déanamh le cinntiú go bhfuil sé in oiriúint ó thaobh sábháilteachta agus araile.

“D’fhéadfaí teacht ar bhealach timpeall ar na constaicí - le beagán samhlaíochta agus dea-thoil.”

Maidir leis an suíomh seo dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí ar An Foras Pátrúnachta: “Tá dóthain spáis ann - tá seomraí ranga ann a bhí réitithe amach. Tá halla taobh leis ina bhfuil ionad dornálaíochta agus tá oifigí ann.

“Tá spás os a chomhar sin ina bhfuil páirc astro. Tá neart infreastruchtúir ann,”a dúirt sé.

Bhí cruinniú ag An Foras Pátrúnachta le lucht bainistíochta an ionad pobail agus tugadh le fios go mbeadh siad sásta spás a chur ar fáil leis an scoil shatailíte a fhorbairt ar an láthair.

Tá scoil Ghlór na Mara lonnaithe i mBaile Brigín, i gCo Bhaile Átha Cliath, breis agus 50 km ó Dhún Dealgan. Tá roinnt iar-scoláirí de chuid Choláiste Lú ag freastal ar an scoil seo agus tuigtear go bhféadfadh an scoil seo bheith ina máthair scoil ar an scoil satailíte.

Thug príomhoide scoil Ghlór na Mara cuairt ar an láthair len é a scrúdú agus dar le hÓ hEaghra, bheadh an áit feiliúnach ach dúirt sé go mbeadh gá le tacaíochtaí cuí a chur ar fáil.

Chuir An Foras Pátrúnachta iarratas isteach ag an Roinn Oideachais roimh an Nollaig agus dúradh leo mar fhreagra go socrófaí cruinniú san athbhliain chun an t-iarratas a phlé.

Tá brú ama i gceist mar ar ndóigh, tá tuismitheoirí na séú rang bunscoile ag iarraidh socrú meánscoile a dhéanamh agus táthar ag súil leis go dtiocfaidh freagra ón Roinn sár i bhfad.

“Séard atá dhá iarraidh againne ar an Roinn ná cruinniú go luath san athbhliain. Tá siad tar éis a rá linn go bhfuil siad chun é sin a chur ar fáil. An t-iarratas atá againn orthu ná go ndéanfaidh siad cinneadh chomh tapaigh agus is féidir chun gur féidir linne scéal a thabhairt do thuismitheoirí na bpáistí atá i rang a sé” arsa Ó hEaghra.

“Tá súil agam go mbeadh siad in ann an cead sin a thabhairt chun dul ar aghaidh leis.”

“Ní fheicim aon fáth nach dtabharfaí an cead.”

Dúirt Kinsella, atá ag feachtasaíocht ar son na scoile nua ón tús, go gcaillfeadh mórán daoine dóchas le próiseas mar seo.

Tá breis agus bliain caite anois ó d’fhógair an tAire Oideachais ag an am, Joe McHugh go dtiocfadh ardú suntasach ar líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar ghaelscoileanna/ghaelcholáistí mar chuid de phlean cuimsitheach chun oideachas trí mheán na Gaeilge a fhorbairt lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta.

Dar le Kinsella, léireoidh pé cinneadh a dhéanann an Roinn Oideachais i dtaobh an láthair scolaíochta an dearcadh atá ag an Rialtas i dtaobh polasaí oideachas Gaeilge.

“Tá sé seo mar a bheadh ‘litmus test’ don Roinn go bhfeicfimid an bhfuil siad i ndáiríre faoi oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil.”

“Tarlaíonn sé gur muidne atá sna línte tosaigh faoi láthair,” a dúirt sé.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.