Ná habair go bhfuil sé tosnaithe!

Ní raibh suim rómhór ag na daonlathaigh sa daonlathas


Ná habair go bhfuil sé tosnaithe cheana féin!

Ní raibh sé i gceist agam tús a chur leis an mbliain mar seo.

Ní raibh sé i gceist agam faic ná pioc ná tada féin a scríobh timpeall ar chomóradh chéad bliain 1916 go ceann tamaill.

Mheasas go dtosnódh an hurlamáboc níos déanaí agus go bhféadfaimis saol réasúnta socair a bheith againn.

READ MORE

Cheapas go bhféadfaimis glacadh leis gur gnáthrud gnáthshaolta i ngnáthstát a bhain a ghnáthshaoirse amach sa ghnáthshlí in aghaidh cumhachta gnáthimpireachta go ndéanfaí gnáthchuimhne ar an ngnáthbhealach ar na laochra nach raibh gnáthach a bhuail gnáthbhuille ar son nach mbeadh siad ina ngnáthghéillsinigh ag gnáthchumhacht gur chuma leo faoi ghnáthshaol na ngnáthdhaoine.

Bhí gnáthbhreall orm, áfach.

Níor thúisce buille an mheánoíche ar an gcéad lá den bhliain buailte ná b’eo chugainn iad amach as na pluaiseanna, amach as na coinicéir, as na leapacha dearga, as na seilmidshliogáin shleamhaine lánghléasta gan náire chun réabhlóid na hÉireann 100 bliain ó shin a dhamnú.

Níor cheapas go mbeadh orm iad a chur suas i gcoinne an fhalla chomh luath sa bhliain ar maidin roimh dhúiseacht an trumpa lena lámhach.

Shíl mé go bhféadfadh comhrá sibhialta caoin béasach a bheith againn ar feadh tamaill. Ach is iad a thug na gunnaí móra amach i dtosach, agus ní foláir aghaidh a thabhairt orthu arís – ní den chéad uair, ná den dara huair, ná den uair dheireanach dhéanach dheifnífeach – ar eagla go mbeadh an fhírinne balbh ina gcuibhreann.

Gan amhras, tá lán an chirt ar fad acu gan fiacla bréige a chur ann maidir le dhá rud.

B’iad sin: (a) go raibh an t-éirí amach mídhaonlathach, agus (b), gur bhain sí leas as foréigean.

Bhí an t-éirí amach mídhaonlathach. Ó bhí. Gan aon amhras. Ní hionann sin is a rá go bhfuil gach éirí amach a dhéantar ceart ná cóir ná cothrom.

Ach uaireanta tharla gur éirigh daoine amach in aghaidh daonlathais ar shíl siad a bheith neamhdhaonlathach go bun.

Ó sea – osna mhór, meánfach gan chrích – lándáiríre an gcaithfimid liostáil a dhéanamh ar éagóracha na stát daonlathach in aghaidh an daonlathais nach bhfuil tús, lár ná deireadh leo?

An gcaithfimid seanscéal cheannairc arm na Breataine a tharraingt aníos, seanscéal go raibh siad seanthiomanta ar gan an Rialtas Baile féin ar seanghlacadh leis i seanphairlimint a nuaríochta a chosaint?

An gcaithfear arís eile léirfhianaise na léirthuisceana a bheadh léirlom don léiramadán nach raibh sé i gceist ag an Rialtas Hóm Rúil a thabhairt isteach tar éis an chogaidh, mar ba léir ar ráitis Bhonar Law (ainm íoróineach) agus ar léiradmháil Edward Carson a bhí sa státaireacht thall roimh an éirí amach féin?

D’iarr muintir dheas na hÉireann go deas caoin béasach ar mhuintir dheas Shasana agus na codanna eile den Ríocht Aontaithe rialtas nó pairlimint nó ciorcal comhrá dúchais dá gcuid féin a bheith acu.

Rinne siad é sin go deas caoin béasach tar éis dóibh cead cainte a bheith acu i láthair an Rí agus a chuid giollaí, cead cainte a géilleadh go drogallach.

Bhí móréileamh ar chaipíní ar feadh roinnt bhlianta, caipíní arbh fhéidir a bhaint go lúitéiseach i láthair an Tiarna nó a mbeadh feirc orthu anonn i dtreo an Tí Mhóir.

Nuair a deonaíodh le doicheall an cead cainte dóibh agus na caipíní a bhaint díobh, chrom siad go daonlathach ar a éileamh go daonlathach go mbeadh cead daonlathach acu comhairle chontae dá gcuid féin a bheith acu go daonlathach.

Chuir siad an t-éileamh sin faoi bhráid na pairliminte go béasach daonlathach i bhfoirm amháin nó eile ó toghadh Dónall Ó Conaill sa bhliain 1829.

In ainneoin gur éilíodh reipéil nó aisghairm Acht na hAontachta go daonlathach is gur déanadh éileamh beag deas lúitéiseach ar phairlimint chomhairle chontae go daonlathach sna 1830í, sna 1840í, sna 1850í, sna 1860í, sna 1870í, sna 1880í, sna 1890í agus ina ndiaidh, diúltaíodh go daonlathach di.

Mura mbeifeá go hiomlán tiubh agus dall sa chloigeann, tá seans beag éigin ann go mbuailfí isteach id aigne nach raibh suim rómhór ag na daonlathaigh sa daonlathas go daonlathach.

Ní cúrsaí iontais é, mar sin, má shamhlaigh beagán éigin daoine – nach raibh sceimhle orthu roimh an bhfianaise – gur ródhócha go mb’fhéidir go dtarlódh go bhféadfadh go rabhthas ann thall is abhus gur ráinig gur rith sé leo go raibh dóchúlacht éigin ann nár oibrigh an daonlathas áirithe seo a raibh daoine maíte air.

Ó sea, bhí siad mídhaonlathach, go hiomlán mídhaonlathach, go díreach mar a bhí an stát a raibh siad ina ngéillseanaigh de mídhaonlathach.

Maidir le foréigean, ó is ea, is iad a bhí foréigneach mar a bhí an stát a raibh siad go foréigneach ina gcónaí ann foréigneach. Chugainn go foréigneach ina dhiaidh seo.