Rachaimid chun na mbothán ar 22 de mhí na Bealtaine chun vóta a chaitheamh ar an Reifreann Pósta agus ar an aois Uachtaránachta.
Cuireadh an dá cheist seo ar chlár oibre an choinbhinsiúin ar an mBunreacht nuair a bunaíodh é i 2012. Cuireadh roimh bhaill den choinbhinsiún plé a dhéanamh ar ocht gceist in iomlán.
Cé gur breá linn reifrinn sa Stát seo, tá easpa dul chun cinn déanta i go leor de na réimsí a bhí faoi chaibidil; as na 18 moladh a rinne an coinbhinsiún, ní bheidh reifreann ach amháin ar an dá cheist seo.
I measc na gceisteanna eile a bhí faoi chaibidil, rinneadh plé ar ról na mban sa mbaile.
De réir Airteagail 41.2.1 de Bhunreacht na hÉireann: “Admhaíonn an Stát go dtugann an bhean don Stát, trína saol sa teaghlach, cúnamh nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais.”
Rinne an coinbhinsiún lear moltaí, lena n-áirítear an gá atá sa mBunreacht le “friotal inscne-neodrach” agus “comhionannas inscne” agus béarlagair mórga eile mar sin nach bhfuil mórán de shubstaint ag baint leis. Níl i gceist ach focail na heasóige, mar a deirtear i mBéarla.
Tá obair ar an ngné seo den athchóiriú caite i dtraipisí. Ghlac an Rialtas leis na moltaí a rinne an coinbhinsiún.
Ach níor thug siad aon ghealltanas maidir leis an scála ama a bheadh i gceist chun an leasú a dhéanamh.
Ní dhearnadh aon mholtaí ar chomharsa bhéal dorais na míre sin, atá i bhfad Éireann níos spéisiúla, dar liomsa: de réir Airteagail 41.2.2 den Bhunreacht, “(Ní bheidh) ar mháithreacha clainne, de dheasca uireasa, dul le saothar agus faillí a thabhairt dá chionn sin ina ndualgais sa teaghlach”.
Is díol spéise í an mhír seo, go háirithe in am seo na rialacha nua morgáiste de chuid Bhanc Ceannais na hÉireann.
Tá na rialacha nua seo dian ar go leor daoine. Ach goilleann siad go mór ar ghrúpa amháin: iad siúd atá ag iarraidh teach a cheannach le tuarastal amháin.
I mo chás féin, dúirt cúpla banc go mbeidís toilteanach morgáiste a thabhairt dom ag deireadh mhí Eanáir, díreach sular tháinig na rialacha nua isteach.
Tugadh mo phá in aghaidh na bliana méadaithe faoi cheathair dom. Má chuireann tú sin leis an earlais bheag atá agam, níl mórán de rogha agam sa bpríomhchathair faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair. Ach rachaidh cúrsaí in olcas go luath.
Cúrsaí in olcas
Tá trí mhí fágtha agam ar an gcéad mhorgáiste seo. Agus tá scaoll ag teacht fúm. Théis mhí Iúil, déanfar measúnú orm arís de réir na rialacha nua.
Cuirfear teorainn leis an méid airgid a bheidh mé in ann a fháil ar iasacht. Go bunúsach, beidh orm teach a aimsiú i mBaile Átha Cliath faoi bhun €230,000.
Chuaigh mé le breathnú ar theach i gCromghlinn an tseachtain seo caite a bhí ar an margadh ar €245,000. Bhí scuaine daoine ag fanacht le féachaint air.
Níl locht ar bith ar Chromghlinn – go deimhin, ba bhreá liom féin dá mbeadh sé d’acmhainn agam tigh a cheannach ansin – ach táim cinnte go n-admhódh na cónaitheoirí iad féin nach aon Bel Air é Baile Átha Cliath 12!
Díoladh an teach sin sa deireadh ar €325,000. Beagnach €100,000 thar an praghas a iarradh. Dhá sheomra leapa a bhí ann.
Táimse ag ceannach i m’aonar. Tá sé deacair ormsa. Ach céard faoi na teaghlaigh uilig ina bhfuil an mháthair sa mbaile?
Nó an t-athair sa mbaile?
Ní bheidh sé d’acmhainn ag aon teaghlach óg tigh a cheannach mura mbíonn an bheirt tuismitheoirí ag saothrú airgid.
Tá sé go huile is go hiomlán dodhéanta, más gnáthdhuine thú nach bhfuil na scórtha míle euro tugtha ag do thuismitheoirí duit.
Táimid i sáinn. Go huile is go hiomlán i sáinn.
Tá an Banc Ceannais iomlán neamhspleách ar an Rialtas. Agus molaim Patrick Honohan as go leor den obair a rinne sé agus as a bheith sásta seasamh a thógáil nuair a bhí gá leis.
Ach tá leatrom á dhéanamh ar dhaoine atá ina n-aonar agus ar na teaghlaigh áirithe sin a bhfuil cosaint speisialta tugtha dóibh faoi Bhunreacht na hÉireann: de dheasca uireasa, beidh ar gach máthair clainne agus gach athair clainne a bheith ag fágáil an tí ag a hocht a chlog ar maidin agus ag filleadh abhaile ag a seacht théis dóibh na páistí a bhailiú ón naíolann.
Tá 818 teach ar díol ar Daft inniu i mBaile Átha Cliath faoi bhun €230,000, ina bhfuil breis is dhá sheomra leapa.
Tá iomaíocht ghéar ann dos na tithe sin uilig; mar a léiríonn an sampla thuas faoi Chromghlinn, ní hionann an praghas a iarrtar agus a praghas a fhaightear.
Mar sin, táimid fágtha i margadh cíosa, margadh nach bhfuil aon srianta air, margadh ina bhfuil praghsanna ag méadú de shíor.
Céard a tharlóidh?
Cén réiteach atá air seo?
De dheasca uireasa, táimid uilig amuigh ag obair – cuid mhór dúinn ag tabhairt faillí dá chionn sin ina ndualgais sa teaghlach. Nó den tuairim go bhfuilimid ar aon nós?
Cúiteamh áirithe a bheadh ann, is dócha, dá mbeadh sé d’acmhainn againn teach a cheannach mar thoradh ar an obair agus an faillí sin uilig.
Is iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4 í Caoimhe Ní Laighin