Foilsíodh gearrscéal de chuid Phádraic Uí Chonaire sa Claidheamh Solais dar teideal Lig Sinn i gCathú ar 16ú Nollaig 1911. Ba "scéal a fuair sé i seanleabhar Síneach" a bhí ann, dar leis féin. Ba thréimhse rathúil í an tréimhse 1904-1914 i saol scríbhneoireachta Uí Chonaire.
Bhí cónaí air i Londain le linn an ama sin. Mhair sé ann ó 1899-1914 agus chuir sé an chuid is mó dá shaothar liteartha i gcrích faid a bhí sé ann. Bhí sé pósta agus bhí ceathrar clainne á dtógáil aige.
Foilsíodh roinnt mhaith dá chuid gearrscéalta sa Claidheamh Solais. Bunsaothar an chuid ba mhó de ach bhí leaganacha de sheanscéalta measctha tríd an saothar freisin.
Fáthscéal tábhachtach é Lig Sinn i gCathú faoi shaol an ealaíontóra. Ceann de na fáthscéalta is fearr faoin réimhse sin den saol. Shamhlóinn go bhfuil saol scríbhneoireachta Uí Chonaire fite fuaite leis an scéal áirithe seo.
Léiríonn an scéal go beacht an choimhlint shíoraí agus an tsíorstreachailt a mhaireann idir Dia agus Mamón nó idir an taobh spioradálta den duine daonna agus an taobh saolta.
Ar chúis éigin titeann an scéal seo faoi bhun an radair in oeuvre Uí Chonaire. B'fhéidir go músclaíonn sé míshuaimhneas ionainn. N'fheadar.
Tá creatlach an scéil simplí go leor. Mhair saor cloiche i gcrích na nAibitíneach ar a raibh Alum-ba ina rí. Bhí clú agus cáil ar an saor cloiche seo ar fud an Oirthir mar dhealbhóir.
Thagadh ríthe ó áiteanna i bhfad agus i gcéin ag triall air chun dealbh nó saothar cloiche éigin a ghearradh dóibh as marmar.
Bhí an ceardaí ag iarraidh saothar mór dealbhóireachta dá chuid féin a dhéanamh, áfach, agus theastaigh an t-am agus an spás uaidh chun é a thabhairt chun críche mar ba chóir.
Thréig sé féin agus a sheanmhogha an áit ina rabhadar agus chuaigh chun cónaithe go doire coille i bhfásach iargúlta i bhfad ó chomhluadar daoine ina raibh coiléar marmair in aice láimhe. D’fhanadar ann agus é ar intinn ag an gceardaí mian a chroí a chur i gcrích.
Ach de réir a chéile d’éirigh le maithe agus móruaisle an Oirthir, an rí Alum-ba ina measc, a láthair oibre a aimsiú agus leanadar orthu ag tathant air a gcuid teampall a mhaisiú le dealbha.
Cé nár ghéill an ceardaí dá n-éileamh fós féin bhaineadar dá bhonnaibh é agus ní fhéadfadh sé a aird a dhíriú go hiomlán ar a chuid oibre.
Tháinig spéirbhean chuige oíche amháin agus thosaigh á mhealladh chun dealbha beaga suaracha a dhéanamh ionas go bhféadfadh sí iad a dhíol sa chathair ar son an airgid.
Mheall sí go héasca é agus dhein sé rud uirthi agus d’fhill ar an gcathair arís. Ghlac sé le tairiscint Alum-ba dealbh mhór a thógáil chun an teampall mór a bhí á thógáil aige siúd in onóir do dhia an chogaidh a mhaisiú.
Chuir an spéirbhean brú breise air a shaothar mór a chríochnú faoi dheifir chun a dúil san airgead a shásamh.
Chríochnaigh sé an saothar faoi dheifir agus cuireadh isteach sa teampall é agus é clúdaithe le brat go hoíche a nochtaithe.
Bhailigh ríthe agus móruaisle an Oirthir chun an teampaill don ócáid an oíche sin. Ach nuair a baineadh an brat den dealbh is éard a bhí le feiceáil acu ná an dealbh ina smidiríní agus an ceardaí ina shuí ina lár faoi bhrón agus faoi dhoilíos mór.
So-aitheanta? Sochreidte? Abair é ach go bhfuil sé so-aitheanta agus sochreidte!
Is beag ealaíontóir, scríbhneoir, dealbhóir nach n-aithneodh an ceardaí sin. D’aithneoidís iad féin ann, táim cinnte de.
Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an fáthscéal seo droim ar ais ó thaobh an údair de.
Bhí an chuma ar an scéal gur tréimhse rathúil dó ba ea an tréimhse a chaith sé i gcathair Londan. Ba nuair a d’fhill sé ar Éirinn a thosaigh ag teip ar a mhisneach mar scríbhneoir, má theip. Ar ndóigh, níor chabhraigh an dúil ollmhór a bhí aige san ól leis agus é i mbun saothair ach an oiread.
Fáthscéal uilíoch é seo mar sin féin. Léiríonn sé na deacrachtaí a bhíonn le sárú ag fíorealaíontóirí den uile chineál gan géilleadh don ábharachas agus d’fhroigisí an chlú agus iad ag iarraidh a n-aislingí féin a fhíorú.
Is cinnte go bhféadfaí snáithe an fháthscéil áirithe seo a bhaint as aimhréidhe éasca go leor ach iarracht a dhéanamh ar na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt: cé dó a sheasann Alum-ba, meas tú? Agus an doire coille? Agus cérbh í an spéirbhean? Agus conas ar mheall sí é? Agus an ceardaí féin, an bhfuil aithne agat ar a leithéid de dhuine?
Agus níos tábhachtaí fós an gceapann tú go bhfuil éinne beo nár ghéill nó nach ngéillfeadh dá mbeidís sa chás céanna leis an gceardaí?
Ábhar machnaimh gan amhras.