Leimhe na Leimhe

Is mó rud sa tsaol atá inniu ann atá leamh thar áiteamh nó allagar

Ceann de na focail sin sa Ghaeilge nach bhfuil a chomhionann in aon teanga eile is ea ‘leamh’. Deirtear go bhfuil focail i ngach aon urlabhra ar domhan nach bhfuil a amhlachas i gceann ar bith eile. Tá focal Giúdaise ar chrúba bó i nglóthach nach n-aithneofaí i mball ar bith eile, agus má tá ceann uait ar screamh ar an uisce i bhfoirm bulgóidí beaga, tá i dteanga Toijji na hIndia. Is ea, níl aon teora le focail a bhfuil brí faoi leith acu, brí chaolchúiseach go minic ag teanga amháin a ghabhann amú ar fad i dteanga eile.

Tá ‘leamh’ na Gaeilge mar sin. Ní hionann é agus tuirsiúil ná leadránach ná tur, cé go bhfuil siad sin ar fad ina lúib istigh. Tá stádas faoi leith aige d’fhonn mothú áirithe a chur in iúl nach féidir a mhíniú ach le samplaí amháin.

Nuair a bhíos im mhac léinn sa choláiste b’é ‘leamh’ an focal ab ansa ar fad inár measc. Bhí an cúrsa leamh, bhí an léachtóir leamh, bhí an bia leamh. Deirtí é i dtuin cainte a thugadh cuireadh dod bholg titim síos i dtreo do bhróga, le pus fada nach bhféadfadh El Greco féin a fhadú.

Focal é a raibh an-chion ag Seán Ó Ríordáin air. Ba dhóigh leat air gur cheap sé gurb é an masla ba mhó é a chaithfí le duine. Ba mhinic é á thagairt don Taoiseach lena linn, Jack Lynch. Agus nuair a d’fhág Jack leamh an saol poiblí níor imigh tuairim an leamhais ina theannta.

READ MORE

Is mó rud sa tsaol atá inniu ann atá leamh thar áiteamh nó allagar. Tá leitís leamh mar shampla, is cuma cad a dhéanfaidh tú leis; tá tuairiscí Dála leamh; tá lá ar bith in Buiríosa Léith leamh, agus liath; tá amhráin country & Irish leamh, go háirithe nuair a cheoltar iad le srónaíl Mheiriceánach; tá na mótarbhealaí leamh, seachas nach gá stop ag bailte beaga suaracha fan na slí; tá leabhair ghramadaí leamh, ach amháin do lucht a scríofa; tá agallamh eile fós faoi Chóivid 19 ar raidió nó ar teilifís leamh; tá ailtireacht na 60í leamh, agus gránna; tá leabhar ar bith a scrítear faoin oideachas leamh, sárleamh; tá tréadlitreacha na bPápaí leamh ina Laidin mharmair reoite; tá léinte bána leamh, cé go bhfuil léinte gorma níos measa; ta craobh peile chúige Laighean leamh, agus beidh go ceann i bhfad; tá an ríl sin ar bhosca ceoil nach dtagann deireadh leis go deo, tá sin leamh; tá caint mhúinteoirí sa tseomra foirne leamh, ach ní bhíonn a fhios acu é; tá suirbhéanna a bhfuil an toradh ar eolas agat cheana leamh gan leithscéal; tá Messiah Handel leamh, seachas an puillilliú; tá eagarfhocail nuachtáin leamh mar is leamh é prós a n-inste agus is leimhe a dtuairimí meáite; tá bearradh gruaige Kim Jong-un leamh, ach ná habair sin in Pyongyang; tá filíocht Sheáin na Ráithíneach leamh go bás, fág gur leimhe an deichiú véarsa d’Eanach Dhúin nuair a shroicheann tú chuige ar deireadh; leamh go foirceann na beatha gach tuarascáil oifigiúil, go háirithe na cinn a léitear seachas iad siúd a fhágtar ar an tseilf; tá Oileán an Ghrá na teilifíse leamh, seachas sa chás is go dtionólfaí é ar an mBlascaod Mór; tá úrscéalta Canon Sheehan leamh, bíodh nárbh é an t-aon duine amháin sa 19ú haois é, ach thar aon rud eile tá…foireann peile sacair Phobbalucht na hÉireann níos leimhe ná an méid sin arna chur le chéile seacht n-uaire seachtód agus timpeall an driosair ar ais.

Mar a chonaic Aogán Ó Rathaille ina aisling fadó: ‘Leimhe na leimhe do chonarc ar shlí san uaigneas…’

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar