Is cuma liom faoi chuid mhór rudaí

Ní chuirim spéis sna ceisteanna arb iad bradán na beatha iad


Uair dá raibh thug mé turas ar Mhúsaem na nÍocan Stíle san Droichead Nua.

Bhí sé galánta agus bhí sé spiagach agus bhí ag cur thar maoil le saibhreas.

Mar adúirt Gay Byrne agus an fógra á dhéanamh aige dóibh, bhraith sé go raibh sé i láthair “greatness” agus é ann.

Rinne mé iarracht an mothú céanna a ghabháil chugam féin, ach in ainneoin mo dhíchill theip glan orm.

READ MORE

Is fíor gur bhain mé taitneamh as Marilyn Munro in Some Like it Hot ach b'fhearr nach mbeadh aon chuimilt aici leis na Cinnéidigh.

Agus cé gur cheap mé riamh go raibh sí dóighiúil go leor, ní dócha go raibh sí inchomparáide le mná sin na Rosann a ndeireadh Séamas Ó Grianna nach raibh “léamh, scríobh ná insint bhéil” orthu.

Ar chúis éigin nár thuig mé ní raibh oiread suime agam sa ghúna a bhí ag Liz Taylor nuair a phós sí don cheathrú huair, ná i litir a scríobh Audrey Hepburn dá gníomhaire nuair nach bhfuair sí páirt áirithe, ná san fheisteas a chaith Diana nuair a chuaigh sí isteach sa tollán, ná san íobairt a dhein Grace Kelly nuair a shocraigh sí éirí as a bheith ina réalta dhomhanda ar son dul le bheith ina banphrionsa arbh íobairt mhór a bhí ann do dhuine ar bith.

Is ansin go díreach a tuigeadh dom na nithe ar chuma liom fúthu, agus ba chuma liom faoi go leor nár chuma leis an saol mór.

Mar shampla de sin, is cuma liom cé hí Miley Cyrus, agus is cuma liom cé mhéid liathróidí ar a mbíonn sí ag luascadh; is cuma liom faoi cé mhéid roc atá ar chlár éadain Mhick Jagger; is cuma liom má chuireann Cáit Mhainistir na Corann meáchan suas nó má chailleann sí í; is cuma liom má chonacthas Elvis mar thaibhse ag siúl na ndorchlaí in Graceland; is cuma liom má tá Jennifer Aston agus Justin Theroux ag siúl amach le chéile agus go bhfuil siad ag caint ar leanbh; is cuma liom má tá siopa nua ag Karl Lagerfield i mBaile Átha Cliath nó i mBuiríosa Léith; is cuma liom má tá teidí nua ag bunóc Mhelissa George; is cuma liom cad iad tuairimí Kian Egan faoi Girl Ting; is cuma liom más féidir Minaudiére cluits Zara a cheannach ar €22.99 faoi nó os cionn an chuntair; is cuma liom mura bhfuil Kay Burley buartha faoi dhul in aois; is cuma liom má ólann Rocco Madonna pionta; is cuma liom mura n-oibríonn Retinol mar a mhaítear; is cuma liom muran ceann de na 5 cinn sa lá iad na muisiriúin a fhásann thar oíche; is cuma liom má phléasctar buama ar na sráideanna scáileáin in Carrigstown agus picnic ar bun ag an bhfoireann go léir...

Is cuma liom má léirítear David Moyes mar scréach Munch; is róchuma liom cad iad na tuairimí polaitiúla nó neamhpholaitiúla atá ag Bono; is cuma liom má thagann ann do ghrúpaí ceoil agus go n-imíonn as i ngan fhios don Late Late Show ; is cuma liom faoi theaghlach ríogúil na Spáinne (agus faoi gach teaghlach ríogúil eile); is cuma liom faoi bhrí fholaigh na bhfocal atá ag Eminem; is cuma liom an é an "oifig pearsanra" nó an "oifig phearsanra" atá sa chaighdeán; is cuma liom faoin mbus déanach nár tháinig go Both Chomhla; is cuma liom cad a bhíonn ag an bPápa dá bhricfeasta; is cuma liom cad a dhein Rock Hudson nó nár dhein (rud ba dhócha) le Doris Day; ní cuma liom faoi na daoine gur cuma leo faoi cheisteanna móra an domhain; is cuma liom an bhfuil an futsaí ag cigilt do ghlúine i gcoinne an nasdaiq; is cuma liom cé a bhuafaidh craobh shóisir iomána roinn a 4 Cheatharlaigh an bhliain seo chugainn; is cuma liom cén puipéad ag bheidh ag caint ar son Enda Kenny ar maidin Dé Luain; is cuma liom faoi easpa asal i Ros Muc i rith an chogaidh.

Agus is cuma liom cé a mharaigh JR; is cuma liom faoin dáta cruinn ina dtiocfaidh deireadh leis an domhan amach anseo; is cuma liom faoi fhormhór na n-imeartas focal in Finnegans Wake ; is cuma liom cad iad na támhchodanna a ghabhann isteach i stobhach circe Iamáice; is cuma liom an mó cara atá agat ar Yiútiúb...

Go deimhin is duine mé gur cuma leis faoi fhormhór na gceisteanna arb iad bradán na beatha iad dá lán, agus tuigim go bhfuil sin ábhar truamhéalach.