Ó seoladh an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht leis an Dr. Conchúr Ó Giollagáin, tá plé ar siúl fud fad an oileáin maidir le staid na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Cé nach féidir torthaí duaire na tuairisce a shéanadh, tugann an tuairisc rogha réasúnta simplí dúinn mar phobal Gaeilge agus Gaeltachta ligint do chúrsaí mar atá leanúint ar aghaidh, nó gníomhú go cinniúnach mar phobal. Creidim gur chóir dúinn gníomhú.
Go rialta feicim torthaí suirbhéanna a léiríonn bá an phobail don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, tuiscint an phobail ar luach na Gaeilge agus Gaeltachta don tsochaí agus aitheantas gur féidir leis an nGaeilge a bheith mar bhuntáiste do ghnónna agus don gheilleagar i gcoitinne.
Buailim le grúpaí atá ag obair go dian dícheallach ar son a bpobal ag iarraidh todhchaí inmharthanachta a chruthú agus a chinntiú dá bpobal agus don Ghaeilge.
Buailim le polaiteoirí ó gach páirtí a thuigeann buntáistí na Gaeilge agus Gaeltachta agus a dhéanann iarracht an teanga a chur chun cinn in a bpáirtithe féin. Níl an Ghaeilge gan neart nó gan chairde.
Ba chóir dúinn an tacaíocht seo a aithint agus í a dhíriú i dtreo na gcéimeanna a leanas a bhaint amach, go háirithe le holltoghchán ag teacht go luath: • Polasaí ceart oideachais Ghaeltachta. Tá cuma ar an scéal go bhfuil tuiscint mhaith ag an Aire Oideachais ar an tábhacht a bhaineann le haitheantas agus tacaíocht cheart a thabhairt don chainteoir dúchais sa chóras oideachais. Tá súil againn go dtiocfaidh torthaí dearfacha as an bpróiseas comharliúcháin atá ar bun agus go gcuirfear polasaí misniúil cuimsitheach i bhfeidhm gan mhoill leis na hacmhainní cuí; • Maoiniú na Gaeilge agus Gaeltachta a mhéadú. San áireamh sa mhaoiniú breise atá á lorg againn faoi láthair tá soláthar ann d’Údarás na Gaeltachta chun cur ar a gcumas fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht, an córas pleanála teanga nua sa phobal a mhaoiniú i gceart, tacaíocht bhreise a thabhairt do ghníomhaíochtaí a chumasaíonn an phobal chun a dteanga dhúchais a úsáid, ar nós imeachtaí eagraithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta, agus neart eile; • Aire Sinsearach do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus Comhchoiste Oireachtais Seasta. Is gá guth láidir a bheith ag an nGaeilge agus ag an nGaeltacht ag an mbord Rialtais agus is gá Aire Sinsearach chuige sin. Is gá chomh maith go mbeidh Coiste Oireachtais ann a dhéanfaidh measúnú agus scrúdú ar an ról a imríonn gach roinn Stáit leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht a láidriú agus a chur chun cinn.
Níl aon dabht go bhfuil an fhreagracht do thodhchaí na Gaeilge agus Gaeltachta ag brath orainne mar phobal.
Ba chóir dúinn seirbhísí a éileamh i nGaeilge, ár bpáistí a thógáil trí Ghaeilge, oideachas trí Ghaeilge a lorg, srl..
Mar sin féin, is gá don Stát tacaíocht cheart agus dóthanach a chur taobh thiar dár n-iarrachtaí. Ná géillimis don éadóchas – roghnaímis todhchaí dár dteanga.
JULIAN DE SPÁINN