Fearann cogaidh na staire

Is den riachtanas é go mbeadh an stair mar ábhar oideachais

Bhí aithne agam ar dhuine uair amháin a shíl gur
loisceadh Hitler ina steille bheatha in aon bhulla tine amháin i bpictiúrlainn san Fhrainc. Nuair a d'fhiafraíos de cá bhfuair sé an t-eolas, d'admhaigh go bhfaca sé an scannán Inglourious Basterds cúpla uair.

Is róbhaol má bhaineann tú do chuid eolais ar fad as tionscal na scanánnaíochta go mbeidh an díreach ina cham agat.

In ainneoin dícheall na meán leictreonach is cosúil go bhfuil feidhm le seanleabhair fós, agus go deimhin, go fiú le scolaíocht. Seachas bun, lár agus buaic scileanna éigin a mhúineadh do dhaltaí arbh fhearr leo a bheith amuigh faoin tor, is ann don scoil ar son fráma tagartha éigin a thabhairt uaithi.

B’fhéidir nach bhfuil sé iontach tábhachtach go gcaithfeá Impirí an Ríshleachta Ming ar fad a ainmniú ina n-ord ceart, ach ráineodh gur mhaith an ní é go mbeadh tuairim agat cén fáth a bhfuil an tSín ag leathnú anois mar atá, go háirithe nuair a thagann siad chun lic an dorais chugat (agus ní le huimhir a 16 ar an mbiachlár). An bhean adúirt go raibh sí in Torremolinos ar a laethanta saoire ach nach raibh a fhios aici cá raibh sin mar chuaigh sí ar an eitleán, is dócha gur tháinig slán abhaile mar bhí tír eolas ag duine éigin.

READ MORE

Is cosúil gur cuma anois leis na cumhachtaí oideachais cad as a dtángamar, nó cá bhfuilimid ag dul, mar tá idir stair agus gheograif le díbirt ó chroíchuraclam na meánscoileanna.

Ionann croíchuraclam agus ráiteas de shaghas éigin maidir leis na luachanna atá againn. Nuair a bhíodh an Laidin láidir, ba chuige í d’fhonn go rachadh daoine le sagartóireacht, nó neachtar acu, gur chuid d’oiliúint an duine teanga na mbúistéirí a bheith ar bharr do ghoib.

Is é is brí le díbirt na staire agus le deoraíocht na geograife ná gur leor an aimsir láithreach agus an fód seo ar a mairimid anois. Slán leis an bpeirspictíocht laistiar díot, agus sorry slán le gach atá lasmuigh de dhíle na radharc.

Níl ann ach gur tharla de phlimp ghlanseansúil go bhfuilimid anseo, go bhfuil na páirtithe polaitíochta seo againn, go bhfuil an Éigipt trí thine, go mbíonn Iosrael á chosaint féin le fíochmhaireacht, go bhfuil caisleáin breacaithe ar fud na tíre, nach bhfeictear teimheal den Apache thuas i saol poiblí na Stát Stríopacha, nach ann do phobal dúchais Van Diemen’s Land níos mó, go bhfuil daoine geala san Afraic Theas...

Timpist is ea an uile ní, tarlú ann, cinniúint gan chúis, casadh inár measc, bualadh fúinn, gach ní gan bun, gan fáth, gan siocair, gan athair, gan mháthair. Sinn damnaithe chun cónaí buan a dhéanamh i mbulgóid de chuid na linne seo, sinn dár gcarcarú i mbaittíscóp gan chompás.

Ní hé nach fearann cogaidh agus láthair aighnis í an stair, go háirithe. Ach sin é is iontaí fúithi. Ní mholfainn le cuid mhaith den stair a mhúintear anois – i gcás na hÉireann, is minic nach bhfuil ann ach cuntas ar ghnóthaí rialtas Shasana inár measc.

Tá stair na hEorpa mós cúng don domhan a mairimid anois ann. Ní ghabhann an stair nua-aimseartha siar fada go leor leis an saol comhaimseartha a chiallú.

Ach is den deargriachtanas go mbeadh stair de shaghas éigin ann; mar is ansin a chromtar ar an spórt i gceart. Ná hargóintí fíochmhara, an rúscadh i measc na bhfoinsí, an mheastóireacht chlaonta, an dearmad mór, an mhíbhrí d’aon ghnó, an siúcra le cara, an suaitheadh síoraí siar is aniar. Dá mba earra aontoiseach simplí é ní bheadh ach leagan amháin againn di.

Mar géag den litríocht agus den fhealsúnacht araon is ea an stair, agus tugann oiliúint uaithi sna disciplíní sin ar fearr go minic í ná an bóthar díreach.

Tá an fhírinne i gcónaí idir dhá throm, agus
díospóireacht is ea an stair leis an aimsir láithreach.

Beidh an stair i gcónaí foirgthe le bearnaí. Ní féidir iomláine a bhfuil ar siúl i láthair na huaire féin a insint. Dá mbeadh cáipéisí uile na mbaincéirí lofa leata os ár gcomhair bheadh deich n-insint, agus 20 eireaball leis an gcuntas is simplí.

Is minic gurb iad na húrscéalaithe a líonann na bearnaí sin le taighde agus le samhlaíocht – Liam Mac Cóil, Darach Ó Scolaí, Hilary Mantel, Sigrid Undset agus eile.

Ach nárbh iontach smut éigin den bhfiuchadh intinne agus den smaointeoireacht seo a chur i gceartlár an oideachais?

Ná fíorais, is ea (cibé iad féin), agus an fráma, agus an foirgneamh ginearálta, ach is í an iomarbhá sna seomraí agus an t-allagar ag an doras an fhoghlaim fhírinneach.

A thuilleadh den oideachas le sruth, ach cén dochar, nach mbeimid saibhir arís, lá éigin?