Agus mé i mo mhac léinn, i mo shuí sa seomra ranga i gColáiste Mhuire i gCearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath, ag foghlaim faoin Aire Airgeadais sprionlaitheach ó Chumann na nGaedhal, a ghearr an pinsean seanaoise sna 1920í, is beag a thuig mé, murach Earnán de Blaghd nach mbeadh ann do mo scoil féin, ná b’fhéidir do stát neamhspleách na hÉireann.
Agus cúpla bliain caite agam ag léiriú clár teilifíse nua faoin mBlaghdach, is deacair dom smaoineamh ar aon pholaiteoir mór Éireannach eile a bhfuil a laghad aitheantais faighte aige as ar bhain sé amach. Fear é a rugadh gar do Lios na gCearrbhach, Co Aontroma, sa bhliain 1889 agus an t-aon duine go dtí seo ó chúlra aontachtach Ultach a bhí ina bhall de Rialtas Dála.
Cailín aimsire, is cosúil, a mhúscail a spéis sa Ghaeilge agus é an-óg. Nuair a bhog sé go Baile Átha Cliath sa bhliain 1906, ba é a spéis sa teanga a thug i dtreo an IRB é. Cé go raibh sé i bpríosún le linn Sheachtain na Cásca 1916, bhí ról tábhachtach straitéiseach aige in eagrú an Éirí Amach agus, níos déanaí, bhí ról mar an gcéanna aige le linn Chogadh na Saoirse.
In 1921 bhí an Blaghdach i measc na dTeachtaí Dála a vótáil ar son an chonartha, conradh a bhí ceaptha chun deireadh a chur leis an chogaíocht. Cé go raibh ceann an Rialtais, Mícheál Ó Coileáin, go poiblí ag tacú leis an chonradh, tá a fhios againn anois go raibh sé go ciúin ag tacú le hionsaithe an IRA frithchonartha a lean sa Tuaisceart agus sa Bhreatain.
Má bhí go leor den Dáil dall ar dhéstraitéis an Choileánaigh, níorbh amhlaidh don Bhlaghdach é. I gcur síos scríofa a d’fhág sé, luann sé go raibh sé sa seomra leis an Choileánach i Samhradh 1922, nuair a chualadar go raibh an IRA frithchonartha tar éis an Ginearál Sir Henry Wilson a dhúnmharú. Mar a deir de Blaghd, má baineadh stangadh as féin agus baill eile an Rialtais, ba léir nárbh aon nuacht an dúnmharú don Choileánach.
Chomh fada agus a bhain sé le de Blaghd bhí polasaí déstraitéiseach an Choileánaigh ag cur an Stáit óig i mbaol. Cúpla mí ina dhiaidh sin, dhréachtaigh sé meamram Rialtais, a mhol, ní hamháin gur chóir don Rialtas stop ó thacú le hionsaithe an IRA sa Tuaisceart, ach gur chóir freisin aon duine páirteach ina leithéid, a eiseachadadh.
Ghlac an Rialtas le moladh an Bhlaghdaigh, ar an gcoinníoll go nglacfadh Mícheál Ó Coileáin leis freisin. Bhí an Coileánach cúpla lá roimhe sin tar éis geallúint a thabhairt don IRA ó thuaidh go bhféadfaidís leanúint ag brath ar a chuid tacaíochta.
Ach sula raibh seans ag an Choileánach a thuairim a thabhairt ar mheamram an Bhlaghdaigh, maraíodh é. Go gairid ina dhiaidh sin ghlac an Rialtas le moltaí an Bhlaghdaigh agus cuireadh bonn faoi pholasaí úr Stáit i leith an Tuaiscirt.
Ní hé nár chreid de Blaghd in athaontú na tíre, mar chreid. Ach thuig sé gur bheag seans go bhféadfaí a leithéid a bhaint amach i gcoinne thoil an phobail ónar shíolraigh sé féin.
Ba mhó an seans, dar leis, go dtiocfadh athrú ar mheon aontachtóirí an Tuaiscirt dá mbunódh pobal anDeiscirt a bhféiniúlacht ar an nGaeilge seachas ar an gcreideamh Caitliceach.
Agus mar Aire Airgeadais le linn na 1920í mhaoinigh sé go flaithiúil agus riar sé polasaí Gaeilge an Rialtais le díograis nach bhfacthas ó shin. Chinntigh sé go mbeadh an Ghaeilge ina cuid lárnach de chóras oideachais agus córas státseirbhíse an Stáit nua. Bunaíodh coláistí ullmhúcháin do mhúinteoirí sna Gaeltachtaí faoina Aireacht; An Gúm, comhlacht foilsitheoireachta Stáit, agus dar ndóigh mo sheanscoil, Coláiste Mhuire.
Dá mbeimis ar bhealach ar bith i ndáiríre faoi athaontú na tíre, thabharfaimis aitheantas don bhfear seo a thrasnaigh an Rubicon, nó níos cirte, a thrasnaigh an Bhóinn agus a rinne éacht ar son na Gaeilge.
Thuig an Blaghdach go raibh go leor fimíneachta ag baint le go leor den reitric ó dheas a bhain le hathaontú na tíre agus le hathbheochan na Gaeilge agus ghníomhaigh sé dá réir sin.
An eagla atá ann chun aird a tharraingt ar an fhimíneacht seo is cúis le hEarnán de Blaghd a bheith glanta as an stair? Sin é Enigma de Blaghd.
Craolfar Enigma de Blaghd, comhléiriú idir Scun Scan Productions agus Imagine Media, ar TG4 anocht ag 21:30 agus arís ar 12ú Aibreán ag 19:15.