An seanscéal riamh

Tá teach agus tír agat – ach is fada ó bhí a leithéid ag Pailistínigh na cruinne


Nuair a bhíos cosligthe coséadrom fadó fadó ar maidin is cuimhin liom a bheith i lúib chomhrá i mBrú Óige sa Tuirc le daoine dem chomhaois féin maidir le seo, siúd agus an tuirnín lín.

Ní raibh aon chonspóid ann maidir leis an tuirnín lín, ach lean sioscadh mór gach aon ábhar eile. Bhí ár Vítneam fós ar siúl, agus mic léinn ag caitheamh clocha beaga sa bhFrainc, agus na Rúisigh ag seoladh tancanna trí shráideanna na sean-Seicslóváice ag iarraidh béasa a mhúineadh dóibh.

Bhí gach duine ar a shon féin mar a bhíonn, an gnátháiteamh go raibh a chríoch, is a fhearann, is a thírín dúchais níos macánta, níos dírí agus níos morálta ná cách a chéile.

Na Poncánaigh ag leathchosaint go leithscéalach agus le ceann faoi a raibh ar siúl acu ar an taobh eile den domhan, na Rúisigh teann ina gcuid cumannachais istigh, na Francaigh réidh ullamh athghabháil a dhéanamh ar áit ar bith a raibh gaineamh ag fás, na Sasanaigh ag maíomh mar a dhein siad cosaint ar an daonlathas ar fud an domhain gan lua ar sclábhaíocht, na hIodálaigh ag léim siar thairis cúpla míle bliain chun tráchta ar Impireacht na Róimhe, Brasaíleach aonair ag caint ar pheil, agus mise ag iarraidh a thabhairt le fios go rabhamair ann in aon chor.

READ MORE

Go deimhin, bhíothas nimhneach go maith im choinne toisc nár ghlacamair páirt sa chogadh mór barbarach in aghaidh na Naitsithe Gearmánacha; ach b’éigean dom a mhíniú le loighic, le réasún agus le béicíl nár throid na Poncánaigh ná na Rúisigh ná go leor eile go dtí gur déanadh ionsaí orthu féin.

Ba mhór an spraoi a leithéid, sinn teann inár gcuid aineolais féin, seanchas staire ag gluaiseacht ar fud an tseomra, ach sinn saor go maith óna iarmhairt.

Bhí duine amháin sa chúinne, áfach, nach ndúirt smid. Thug duine amháin broid dó de thoisc is a iontaí is a bhí an ciúnas uaidh. Bhí an chuma air nár theastaigh uaidh aon rud a rá.

Ar deireadh labhair sé: “Tá sibh go léir ag caint is ag allagar is ag tuairimiú mar gheall ar bhur gcuid tíortha féin. Nach iontach daoibh é! Fágfaidh sibh an áit seo, agus fillfidh sibh abhaile. Beidh teach ann daoibh. Beidh eochair sa doras. Ach níl aon tír agamsa. Ní féidir liom filleadh abhaile.

“Cuireadh as mo theach mé nuair a bhíos im bhuachaill óg. Níor tháinig siad san oíche. Tháinig siad i lár an lae. Tá daoine eile ina gcónaí im theachsa anois. Is Pailistíneach mé. Mo leithscéal, ní Pailistíneach mé, mar níl aon Phailistín ann níos mó. Ní bhainim le háit ar bith. Is neamhdhuine mé.”

Chuir sin corc ionainn ar feadh tamaill, mise á rá leat. Nuair a chrom na Poncánaigh ar phíopaireacht, níor oscail sé a bhéal níos mó. Ba dhóigh leat gurbh é a bhí á rá aige, ‘Sin é mo scéalsa, níl aon bhréag ann.’ Smid eile ní dúirt sé ach d’fhág sé a chuid focal ag snámh sa seomra.

Níor labhair sé ar ‘naqba’ ná ar dhíoltas ná ar dhíbirt na nIosraelach, níl ann ach gur labhair sé ar an eochair os cionn an dorais, eochair nach bhfuil aon doras ann di níos mó.

Nó, níos cruinne fós, doras atá glaiste in aghaidh pé eochair a ráineodh a bheith aige.

D’fhill scata de theaghlaigh aonair na ndíbeartach ar na tithe ar caitheadh amach astu iad in oirthear na hEorpa ar éis an chogaidh mhóir bharbartha. Fuair siad amach go raibh daoine eile ina gcónaí iontu go socair sách suaimhneach.

Ná bíodh aon amhras orainn, sna tithe sin, níl taibhsí ar bith á gcrá.