An nuacht nach gcraoltar ar na haerthonnta

Seo na cinnlínte nach bhfeictear go minic

Agus seo agaibh an nuacht:

“Foilsíodh leabhar inniu sa Phacastáin inar nochtadh an tslí ina gcaitear le cailíní óga ar fud na tíre sin, agus ar fud na coda is mó den Áise.

Deir na foilsitheoirí go bhfuil súil acu go dtabharfar aird air, agus go ndéanfar bearta chun an smál seo ar choinsias an domhain a chur ina cheart.

Tuairiscítear go bhfuil 0.2 faoin gcéad de laghdú ar líon na ndaoine a fuair bás den ocras san Afraic foShahárach anuraidh. Cé nach laghdú suntasach é seo, is léiriú éigin é ar dhul chun cinn an
phobail, go háirithe, nuair a chuimhnítear go
n-easportáiltear formhór an bhia ó dheisceart an domhain go tuaisceart an domhain.

READ MORE

Fuarthas polaiteoirí i 120 tír de chuid an domhain ciontach i gcoireanna
breabaireachta i mbliana. Bhain an chuid is mó díobh le páirtithe polaitiúla a bhí i gcumhacht le breis agus dhá bhliain. Bíodh is go bhfuil a bhformhór le hachomharc a dhéanamh in aghaidh a gcuid téarmaí príosún, meastar fós go gcaithfidh an chuid is mó acu an Nollaig sa charcair.

Rinne ceoltóirí ó Jiwaka i Nua-Guine Phapua
dlúthdhiosca dá gcuid amhrán den chéad uair. Ceaptar gur ceol ársa ar fad é seo nár chualathas a shamhail riamh roimhe seo. Cuirfear cibé airgead a dhéanfar ar an dlúthdhiosca chun leasa an phobail féin, go háirithe chun críche tobair d'fhonn fíoruisce a bheith ar fáil go saoráideach ina mbailte féin.

Thit praghas na dtithe arís in Iarthar na hEorpa.
Dea-scéal iontach é seo do dhaoine ar mian leo teach a cheannach ar chostas
réasúnta, agus drochscéal álainn do na súmairí de thógálaithe a d'fháisc airgead as daoine nach raibh sé acu le blianta anuas.

Tá tuairiscithe ó
Mhontevideo go gceapann dochtúirí go bhfuil céim sa bhreis eile tugtha acu chun druga a chur ar fáil a mhaolóidh ar chraobhú an ghalair Alzheimer. Fág go bhfuil sé róluath a bheith deimhnitheach maidir le feabhas an druga, táthar sásta go bhfuil comharthaí dóchais ann nach comharthaí dóchais amú iad.

Léiríonn páipéir aircíve a nochtadh san Ailgéir aréir go raibh arm na Fraince dlúthpháirteach i gcéasadh agus i marú príosúnach le linn an chogaidh ansin sna blianta 1954-62 agus as ar fhás saoirse na tíre sin. Cé go raibh an t-eolas seo ar fáil go fairsing cheana, beidh sé níos deacra anois ar staraithe agus ar ghiollaí na leithscéalta an fhírinne a sheachaint.

Díoladh pictiúr bunaidh de chuid Jacques Calonne ar ceant i Moscó ar maidin ar phraghas ba sheacht lú ná mar a bhíothas ag coinne leis. Ceaptar gurb é seo an chéad éachtaint go bhfuil ciall ag teacht don lucht ceannaithe, agus go bhfuil obair ealaíne á meas ar a luach aéistéitiúil, seachas ar a dtuillfidh sí ar mhargadh na madraí.

D’fhógair uachtarán na Rúise inniu le linn óráide a thug sé uaidh in Stát Ollscoil Leningrad gurb é saint san airgead a chomáin i dtreo na polaitíochta é den chéad uair, agus gurb í comhairle a thabharfadh sé uaidh do pholaiteoirí óga ná gurb é an t-athrú is fearr a dhéanfadh siad a gheallúint ná a n-intinn féin nuair a d’oirfeadh.

Maraíodh ochtar sibhialach i ngnáthruathar laethúil in oirthear an Chongó ag an deireadh seachtaine. Thaispeáin scrúdú fóiréinseach gur ceannaíodh na gunnaí lenar déanadh an sléacht go dleathach ón mBreatain agus ón tSualainn, ach gur déanadh páirteanna díobh in Éirinn.

Dúirt urlabhraí de chuid an rialtais go raibh sé sásta go mbeadh sciar tábhachtach de thionscail na harmála idirnáisiúnta anseo fad is go dtabharfadh sé fostaíocht don lucht oibre sa bhaile.

Chuaigh páistí agus oibrithe eile ar stailc i
monarcha déanta fobhrístí san Bhangladéis an tseachtain seo caite. Tá siad ag iarraidh ardú de taka amháin in aghaidh an lae, agus cead a bheith ag ógánaigh faoi bhun ocht mbliana d'aois sos 20 nóiméad a fháil i lár an lae.

Deir ráiteas oifigiúil ó
Chumann na bhFostóirí go gcuirfidh seo isteach ar shaoirse chaipitil agus go n-ardóidh go mór ar phraghas na bhfo-éadaí in Éirinn.

De réir suirbhé eolaíochtúil a rinne síceolaithe
ardchumais in Ollscoil Sugar Land, Texas, le déanaí, tá cruthaithe gurb iad an cine geal an cine is éirimiúla sa chruinne ar fad. De réir suirbhé eolaíochtúil a rinne síceolaithe léannta in Ollscoil Xi'an na Síne an lá céanna, cruthaíodh gurb é an cine buí an cine is cliste agus is mó dul chun cinn sa mbith.

Bhain cearrbhaigh áirithe ar an stocmhargadh inniu, agus chaill cearrbhaigh eile. Bainfidh cearrbhaigh
dhifriúla amárach, agus caillfidh a mhalairt de
chearrbhaigh dá réir."

Nárbh iontach í mar nuacht! Ach cé sinn in aghaidh na ndaoine a
chumann an saol?