An Intinn Chaol

Níor chreid mé riamh in Popeye, cé gur ghéill mé seal beag gairid do Sartre


Bíonn eagla ar lucht teilifíse go minic daoine a chur ag caint le chéile béal le béal agus pus le pus. Raidió é sin, dar leo.

Caithfear an ceamara a chur ag gluaiseacht, smut de chluais a thaispeáint anseo, fís bheoga a léiriú ansiúd, beola ag bogadh ina dhiaidh sin, seanghrianghraf a chaitheamh aníos ar eagla na heagla.

Is é eagla na heagla sin go dtitfeadh daoine ina gcodladh óir ní nós leo aird a thabhairt ar rud ar bith a mhaireann níos sia ná 20 éigin soicind.

Ina choinne sin thall, is iad cuid de na cláir ina bhfuil an chaint mar phríomh-aoi acu na cinn is éirithí agus is mó gean an phobail. Late Late Show RTÉ, gan amhras, nuair a bhí Gay Byrne agus Pat Kenny ina bhun go háirithe, pé ní mar gheall ar an tvuititwitidéaracht atá ann faoi láthair; Hanly's People tráth dá raibh; Comhrá Mháirtín Tom Sheáinín TG4 agus eile.

READ MORE

Tá an chuma air gur maith le daoine nuair atá ‘cloigne ag caint’. Is maith linn a bheith páirteach sa chabaireacht, go fiú is muran féidir linn cur isteach orthu, mór an trua.

Ní fhágfainn leabhar uaim d'aon ghnó chun féachana ar The Meaning of Life le Gé na teilifíse go speisialta.

Is rómhinic nach bhfuil ann ach leithscéal dul ag gogallach le pearsain mór le rá, gabháil siar ar a saol agus seans ar iad a thabhairt isteach sa seomra suite againn féin.

Ansin ar deireadh a fhiafraí go tromchúiseach leathéadrom cad déarfadh siad le Dia sa chás is go gcasfadh siad leis ar an taobh thall.

Sin é an fáth ar fhan mé lena agallamh le Richard Dawkins an tseachtain cheana agus mé ag seoladh leis an gcnapaire draíochta ó chlár go clár.

Duine suimiúil é Dawkins sa mhéid is go bhfuil sé chomh heaspagúil ina ráitis le tréadlitir chaorach ar bith.

Tá chomh cinnte le foireann iomána Chill Chainnigh ag imirt i gcoinne Chontae Liatroma. Chomh cinnte le drochbholadh ascaill imreora rugbaí sa chlibirt. Chomh cinnte le gur Caitliceach ar a laghad é duine amháin de na Pápaí.

Is fíor go bhfuil leabhair mhaithe mhóra eolgaiseacha scríofa aige. Cuimhním go háirithe ar The Ancestor's Tale, ina rianaíonn sé an tslí inar tháinig ann dúinn, ina bhfuaireamar súile agus crobhingne agus cosa agus inar chailleamar lainní agus gruaig agus eireabaill.

D’áiteodh sé umhlaíocht ar aon duine a shíl nár de shinsir ainmhíoch, glasraíoch agus mianraíoch iomadúil é.

Ina dhiaidh sin is go huile, ba dhóigh leat go raibh rud éigin tirim, rud éigin réaduchtach, rud éigin a thrombóisíonn meabhair bhuile oscailte aoibhinn an duine ina chuid áiteamh ar fad.

Chonacthas an taobh cúng beag sprionlaithe den aigne seo nuair a mhaígh sé gur dócha gur dhein síscéalta agus eachtraí fantaisíochta dochar don intinn óg, agus gurbh fhearr nach n-inseofaí dóibh iad.

Is fíor go raibh aithne agam ar pháiste amháin a dúirt nár chreid sí riamh sa stuif sin ar fad mar gheall ar Dhia, ach gur dhóbair gur briseadh a croí nuair a fuair sí amach nárbh ann do Shanta Claus!

B’fhéidir gur solaoid an méid sin féin ar an ngátar atá againn le rud éigin lasmuigh dínn d’fhonn an tsaoil a chiallú.

Nó, níos tábhachtaí mar sin, d’fhonn machnaimh ar bith a dhéanamh.

B’fhéidir gurb é an ficsean an fhionnachtain is mó dar dhein intinn an duine riamh. Is é is ficsean ann ná léim amach as d’intinn féin.

Is é is ficsean ann spástaisteal ón mblaoisc bhig sin go dtí an duine in aice leat agus go críocha deiridh na cruinne.

Is é is ficsean ann lingeadh ó linn na linne seo go láthair eile ar fad. Is é an ficsean a dheimhnigh go mbeadh eolaíocht ar bith againn.

Ó, is ea, níorbh ann do Chlóca Dearg, go bhfios dom, cé go mbíonn amhras orm ar uaire. Níorbh ann do Chailín an Luaithrigh, bíodh gur mhó sin banphrionsa nár tháinig slán ó chrúcaí na gCluasa Móra. Ní fhaca mé ach oiread Puf an Dragain Draíochta, cé go rabhas sna seomraí ina raibh a chuid deataigh á séideadh.

Is é nár thuig, is nach dtuigeann Dawkins agus a chamthaí, ná gur féidir leis an leanbh is óige deighilt a dhéanamh idir an rud atá samhlaithe acu, agus an t-earra fíorasach os a gcomhair. Ba mhaith liom Daithí Lacha riamh, fág go raibh mé sásta é a bhlaiseadh maidin lae Nollag.

Níor chreid mé riamh in Popeye, cé gur ghéill mé seal beag gairid do Sartre.

Is é atá in easnamh in aon díospóireacht tuisceana timpeall ar a bhfuil ar eolas againn ná conas a bhfuil ar eolas againn a bhfuil ar eolas againn?

Síscéalta freagra amháin.

Síscéalta freagra eile.