Dé Céadaoin a thabharfaidh Jean-Claude Juncker a aitheasc bliantúil ar staid reatha an Aontais Eorpaigh.
I gceanncheathrú Pharlaimint na hEorpa i Strasbourg a bheidh sé ag labhairt, os comhair na 751 feisire Eorpach. Is anseo a bhíonn an pharlaimint uair sa mhí – buaileann sí le chéile sa Bhruiséil an chuid eile den am.
Tabharfaidh Juncker súil chun cinn ar an reachtaíocht a chuirfear faoi bhráid na parlaiminte sa bhliain atá le teacht agus beidh díospóireacht ann ina dhiaidh sin.
Aitheasc den tsórt chéanna atá i gceist agus a thugann uachtarán na Stát Aontaithe, Barack Obama (state of the union), uair sa bhliain ag comhsheisiún na comhdhála i Washington – cé go bhfuil difríochtaí móra ann idir ról agus stádas na n-uachtarán sa dá aontas.
Tá seans ann go gcuirfear spéis níos mó ná mar is gnáth san aitheasc Dé Céadaoin ón taobh seo den Eoraip.
Tá a lán ceisteanna tromchúiseacha ar chlár oibre an choimisiúin le tamall: géarchéim na dteifeach, cúrsaí airgeadais, geilleagar, slándáil, Brexit, etc.
Ach anuas air sin, tá cás Apple tar éis an Stát agus an coimisiún a chur i gcoinne a chéile i slí nár tharla go dtí seo.
Dar leis an rialtas gur chuir an coimisiún a ladar in ábhar nár bhain lena chumas in aon chor, agus gur iarracht atá ann níos mó den chumhacht a bhaint ó na tíortha beaga, í a thógáil ar ais ón imeall agus a choimeád sa lár.
Sórt siombail ar an aontas sa lár is ea cathair Strasbourg féin mar a mbeidh Juncker ag labhairt, is é sin siombail ar an aontas (agus an t-easaontas) Francach-Gearmánach. Agus é suite ar abhann na Réine (Rhin) a scarann an dá thír óna chéile, mhalartaigh siad seilbh na cathrach eatarthu féin cúig uaire thar na blianta.
Is áit thábhachtach í mar sin i samhlaíocht an dá phobal. Mar shampla, outre Rhin (thar na Réine), mar a bhfuil Strasbourg suite a thugann na Francaigh uaireanta ar an nGearmáin.
Más baile ar imeall an impire Rómhánaigh a bhí ann uair amháin, tá áit lárnach aici i bpolaitíocht na hEorpa sa lá atá inniu ann.
Ach tá suntas ag baint leis an gcathair dúinne chomh maith, anseo in Éirinn, más ar an imeall féin atáimid.
Más fíor an méid atá le rá ag Charles Schmidt, ina leabhar ar stair na cathrach, Notice sur la ville de Strasbourg, a foilsíodh in 1842, ainm Ceiltise a bhí ar an mbaile san áit seo i bhfad siar, sular tháinig na Rómhánaigh nó na treibheanna Gearmánacha le lonnú ann.
Argantorati
Is é atá san ainm Strasbourg, ná aistriúchán ar an ainm Ceilteach a bhí ann ar dtús. “Argantorati” a thug na Ceiltigh ar an áit, bunaithe ar ‘arganto’ a chiallaíonn ‘airgead’, agus ‘rati’ a chiallaíonn ‘ráth’.
An bhrí liteartha a bhí sa logainm ná “an ráth san áit a ghabhann an t-uisce atá ar dhath an airgid tríthi”.
Ar ndóigh, tá ‘airgead’ agus ‘ráth’ na Nua-Ghaeilge síolraithe ó na préamha céanna agus is iomaí logainm in Éirinn a bhfuil an chéad chuid in úsáid, Ráth Luirc, Ráth Caola...
Agus féach go bhfuil Abhainn Airgid dár gcuid féin againn chomh maith in Uíbh Fhailí, ar Shliabh Bladhma.
Ghlac na Rómhánaigh leis an ainm Ceilteach, ach nuair a lonnaigh an treibh Ghearmánach, na Francs ann sa séú haois, Strateburg a thug siad air mar aistriúchán.
Ba é ‘strati’ an focal a bhí acu ar ‘arganto’ agus ciallaíonn burg ‘ráth’ nó ‘dún.’
Agus is as sin a tháinig ainm an lae inniu chun cinn. Is é is brí le Strasbourg mar sin, ná aistriúchán ar an ainm a thug na Ceiltigh air.
Míníonn Schmidt nach é an focal Gearmánach Strasse (‘sráid’) atá sa logainm in aon chor agus nach bhfuil aon bhunús leis an tuairim gur “baile ar an tslí” atá mar bhrí leis, mar a bheadh Burg an der Strasse sa Ghearmáinis.
Is eol dúinn ar ndóigh go raibh na Ceiltigh ina gceannairí ar mhórchuid na hEorpa i bhfad siar.
Ach is meabhrú é an logainmníocht seo ar ghné eile dár gcultúr Ceilteach.
Is oidhreacht í a cheanglaíonn sinn leis an Eoraip i slite nach mbíonn san aigne againn rómhinic. Dhealródh sé gur cóngaraí oileán agus muintir na Éireann le ceartlár na hEorpa, ná mar a cheapfaí.
Fáth eile chun cluas mhaith éisteachta a thabhairt ar Jean-Claude i gceann dhá lá. Is Léachtóir Sinsearach i nDámh an Oideachais, Coláiste Mhuire gan Smál, é an Dochtúir Cathal de Paor