1014 agus mar sin de

Is mithid go ngabhfaimis leithscéal anois leis an mbanríon


Is maith agus is mithid anois go bhféachfaimis go lom is go macánta ar ar tharla 1,000 bliain ó shin ar Aoine an Chéasta.

Rófhada atáimid faoi thráill ag na miotais a chum staraithe ar náisiúnaithe sa chéad dul amach iad, agus breathnóirí fuarchúiseacha oibiachtúla ina dhiaidh sin.

Tar éis an tsaoil, tá taispeánta agus ina dheimhin fadó againn gur ghabh roinnt scológ ar imeall Chuain an Bhainbh leis an ionradh Normannach an túisce is a chonaic siad na meirgí amuigh ar an bhfarraige, ionas gur chogadh cathardha dáiríre a bhí sa ghabháltas a thosnaigh sa bhliain 1169.

Agus is eol dúinn go raibh Gaeil ag troid le Mountjoy i gCionn tSáile chomh maith céanna. Agus go dingthe daingean, bhíomar ar an dá thaobh nuair a bhí na Séamasaigh agus na hUillimíní á fhéachaint le chéile for Bóinn agus in Eachdhroim an áir.

READ MORE

Seans gur urchar Gaelach a bhain an cloigeann den Mharquis de St Ruth, ar Gall Francach siar amach a bhí ann.

Bhí i bhfad an iomad bladair chomh maith céanna nuair a bhí comóradh á dhéanamh ar an nGorta tá tamall ó shin ann agus ar chosúla le ceiliúradh é, idir bhéilí méithe agus chainteanna bláfara. Ba mhór an faoiseamh a fháil amach nach bhfuair ach b’fhéidir 150,000 bás den ocras agus den ghalar murab ionann agus an milliún go leith a nglactaí leis roimhe sin. Bhí figiúir ag na staraithe a chruthaigh sin thar amhras anonn.

Chuige sin is maith agus is mithid féachaint ar Bhrian Bóroimhe arís, an fáslach beag den fhuil lábánach a phéac aníos in Iarthar na Mumhan le súil is go bhféadfadh sé an ceann is fearr a fháil ar an Duibhlinnigh. Bhí sé i bhfad rómheata le hionsaí díreach a dhéanamh ar an ardchathair, rud is dual do sceimhlitheoirí agus do throdairí slítheánta suaracha, ach ghabh sé timpeall laistiar agus lastuaidh ionas go mbeadh orthu casadh leis ar an trá nuair a bheadh an ghaineamh ina mbróga agus an fliuchras ina mbríste. Is léir nach aighneas cothrom a bhí ann de réir na gcúinsí sin.

Níos tábhachtaí ná, áfach, is ea gur Críostaithe Caitliceacha ba ea Brian agus a shluaite barbartha agus iad ag iarraidh a gcuid piseog a chur siar ar na daoine sofaisticiúla laistigh de na fallaí, dá n-éireodh leo. Ar leibhéal níos fairsinge stairiúla, b’aighneas é seo idir fórsaí dorcha na meánaoise agus unlaightinmint na ndaoine aduaidh. Tá scéalta ann gur theich buachaillí bochta agus cailíní caomha na hardchathrach laistiar de chosa na mbord nuair a chonaic siad na fir sna héadaí dubha ag teacht ions orthu agus leathair ina lámha á cheapadh gur Bráithre Críostaí iad.

Tá sa seanchas gur duine darbh ainm dó Bruadair a mharaigh Brian agus é ar a dhá ghlúin ag paidreoireacht ar imeall láthair an chatha.

Is é nach n-instear, áfach, ná gur á chosaint féin a bhí Bruadair nuair a nocht sé le teann caradais agus bráithreachta sa phuball.

Seans ar bith ní raibh ag Bruadair bocht a mhíniú gur ag teacht ag tabhairt sibhialtachta chun na nGael n-aineolach a bhí sé, ionas gur shíl Brian gur tua a bhí ina lámh ag an bhfear isteach seachas géag den chrann olóige ar leis a bhí a naimhde ag troid dá dtuigfí i gceart iad.

Bíodh seo á admháil gur ar son ag tabhairt sibhialtachta a bhí siad de réir na bhfoinsí is fearr. Mura mbeadh na Lochlannaigh ní bheadh Baile Átha Cliath againn, ná Port Láirge, ná Sligeach, ná Luimneach – cé go bhfuil díospóireacht bhríomhar ar bun ina thaobh sin féachaint ar smaoineamh maith a bhí ann. Dúirt Charlie McCreevy tráth mura mbeadh na Sasanaigh nach mbeadh foirgintí ar bith againn; bhí breall air, mar níor thug sé a gceart in aon chor do na Lochlannaigh. Mura mbeadh iad, is cinnte go mbeimis inár gcónaí i dtithe dóibe agus muca fós sa pharlús. Mura mbeadh iad ní bheadh airgead ná an Financial Services Centre againn, ná éadaí deasa, na béasa boird. Ba mhór an tubaist gur bhuaigh Brian agus a chamthaí Cath Chluain Tarbh mar chuir siad an stair siar cúpla glúin go dtí gur tháinig na Sasanaigh.

Is maith agus is mithid, mar sin, go ngabhfaimis leithscéal anois leis an mbanríon de dheasca ar tharla na glúnta sin ó shin. Ní hea! Gabh agat!

Ní hí an bhanríon sin atá i gceist agam, a ghamail, ach a Soilse, a Mórgacht, Margrethe II, ar banríon na Danmhairge í (tá sí 74 bliana d’aois inniu, dála an scéil, daoibhse nach dtuigeann cúrsaí ríogúla!); cé go maithfí dhuit dá gceapfá nach bhfuil ach an t-aon bhanríon amháin ar chlár na cruinne faoi láthair.

Ba cheart go dtroidfí Cath Chluain Tarbh arís, agus an t-am seo, go mbeadh an lá ag an taobh ceart.