Crobhingne: Is cuimhin liom an scéal a chloisint ag an am. Seachtain slán is ea a chaith sé ar dhíon na scoile agus ar dhíonta eile máguaird. Cara a choimeád bia éigin leis.
Is ina dhiaidh sin a tháinig clúmh agus craiceann ar an scéal, é ag lingeadh ó dhíon go díon, ag roinnt a choda leis na faoileáin, ingne ag fás air mar a bhí ar Shínigh sna scannáin. Ar chualamar ina dhiaidh sin mar gheall ar gharsúin fhiáine na coille, macra na bhfaolchon, buachaill mhac tíre Hesse, laoleanbh Bamberg, b'é é é. Ach nuair a bhain tú an screamh anuas de, bhí sé i bhfad níos neamhRousseauaí ná sin.
B'é tréimhse na scoláireachtaí é: deireadh na 1950í, tús na 1960í. An té nach raibh an gustal chuige ag a mhuintir, nó nach raibh sásta a bheith ina sclábhaithe pá ar son a gcuid páistí, níorbh acmhainn dóibh an mheánscoil. Déanadh giollaí rothair díobh, nó cuireadh ar phrintíseacht fhada ar phinginí gearra iad, nó chuaigh siad ar an mbád dubh bán chun na críche céanna thall thairis. An t-aon léaró solais a bhí ann don té a bhí beo bocht ar nós cáich eile, a raibh uaillmhian éigin ann, agus meabhair cinn dá réir, ná na scoláireachtaí bardais nó comhairle chontae. Thál siad seo táillí na meánscoile agus bhí caoi ag clann na ndaor cos a chur ar an dréimire in airde.
An bhunscoil ina raibh mise d'éiríodh leo formhór mór na scoláireachtaí cathrach agus contae a ghnóthú. Ba dheas liom a cheapadh gur bhain sin le hinniúlacht instinniúil dhúchais mhuintir Chorcaí ach níor mhar sin a bhí. Díocas buile aon ordbhráthar amháin a bhí ann, é sin fara eagla Dé, stialla leathair, béicíl bhrúidiúil agus saothar fuilallasta Domhnach, dálach, lá saoire, lá eaglasta ó mhoch na maidine go béal na hoíche. Má bhí cóip na sráide amuigh lá le Pádraig ag comóradh an naoimh, níor mhar sin do rang na scoláireachta; má d'éirigh Críost ó na mairbh Domhnach Cásca, níor éirigh rang na scoláireachta dá dtóin. Ní hionadh gur éirigh leo.
Seachas an duine gur theip ar a mheabhair agus a d'imigh ina Shuibhne Geilt i bhfolach ar dhíon na scoile, agus na scórtha eile a fuair oideachas meánscoile ach nár oscail leabhar ina dhiaidh sin. Ná na scórtha eile ar fhág an iarracht searbh-bhlas ina mbéal. Ná na scórtha eile ar theip orthu ina dhiaidh sin nuair gurbh éigean dóibh staidéar a dhéanamh ar a gconlán féin.
Ní heol dom cad a tharla do bhuachaill dhíon na scoile ina dhiaidh sin. B'fhéidir gur dhein sé rath, ach ní móide é. Cuimhním air mar gur samhlaoid é ar an ngá éigeantach a bhí ann don té gan mhaoin dul sa mheánscoil ag an am. Ní raibh aon ghlacadh leis i measc an phobail mhóir gur ghnáthrud coiteann, ghnáthbhóthar de bhóithre na beatha oideachas meánscoile a fháil. Suim bheag blianta ina dhiaidh sin nuair a d'fhógair an tAire Oideachais (gan eolaíocht) go mbeadh oideachas meánscoile saor gan chol, gan chonstaic, gan bhac, ag cách a chéile, chualamar an t-olagón agus an ghárthaíl agus an gheonaíl chéanna ón lucht eacnamaíochta agus a chloisimid anois. "Beidh an tír bancbhriste acu!" "Ní gá do gach duine dul ar choláiste!" "Tá slite níos fearr ann leis an airgead a chaitheamh!" "Ní thabharfaidh sé daoine bochta isteach sna meánscoileanna!"
Ach thug. Ina gcéadta agus ina mílte agus ina gcéadta de mhílte. In ainneoin tuartha tubaisteacha na heolaíochta dúire, chuir sé réabhlóid oideachais ar siúl sa tír. B'é réabhlóid a thug sé isteach gur tuigeadh do dhaoine go raibh sé i ndán dóibh dul ar aghaidh, gur bhain an foirgneamh mór liath sin ag ceann an bhaile chomh mór le Paidí Praisigh, Micí Muc agus Bidí na Binne a oiread le Quentin Queenstown agus le Yolanda Yacht. Shrac sé an meon as a chéile, dhein míreanna beaga de agus chuir i bpoll proibhí é go brách.
Téir siar corraíocht is 100 bliain roimhe sin arís agus bhí cur i gcoinne na bunscolaíochta. An mheánaicme á clasú chucu féin mar áis chun an jeaib inphinsin, agus feirmeoirí ag caoineadh gurbh fhearr dá gclann mhac is iníon bheith ag baint na dtornapaí soir siar seachas a bheith ag léamh ó chlé go deas.
Is ionann an t-oideachas tríú leibhéil anois agus an t-oideachas bunscoile don 19ú céad nó an t-oideachas meánscoile do lár an 20ú céad. Ceist mheon aigne í níos bundomhaine ná ceist airgid. Comhartha is ea oideachas gan táillí go mbaineann sé le cách. Ionann táillí agus gur pribhléid é. Ní pribhléid é an t-oideachas tríú leibhéil níos mó ach deargriachtanas.