TÁTHAR AG súil go mbeidh an chéad chruinniú eile den chomhchoiste Oireachtais atá ag plé le Straitéis 20 Bliain na Gaeilge ar siúl roimh dheireadh na míosa seo chugainn, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.
Is i gceantar Gaeltachta a reáchtáilfear an cruinniú speisialta seo ag a mbeidh deis ag eagraíochtaí Gaeltachta a gcuid moltaí maidir le leasuithe ar an dréachtstraitéis a dhéanamh le baill an chomhchoiste.
Ar ndóigh, is faoi chur chuige na dréachtstraitéise i leith na Gaeltachta a bhí cuid mhaith den díospóireacht go dtí seo. Tá rabhadh tugtha cheana féin ag saineolaithe teanga faoin easpa soláthair sa straitéis do riachtanais ar leith na gceantar ina maireann an Ghaeilge beo fós mar theanga phobail agus theaghlaigh.
Idir an dá linn, tugadh tacaíocht traspháirtí don phlean ag cruinniú den Chomhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an tseachtain seo caite. Ag an gcruinniú sin fuair ionadaithe ó earnáil na teanga éisteacht ó chomhaltaí an choiste maidir leis na laigí, dar leo, atá sa cháipéis a foilsíodh roimh an Nollaig.
Chuir toscaireachtaí éagsúla ceisteanna faoi struchtúr ceannais agus maoirsithe agus faoi cé go díreach a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm an phlean agus monatóireacht a dhéanamh air.
Bhí cuid mhaith de na moltaí a rinne na toscaireachtaí ag teacht leis an tuarascáil a chuir grúpa saineolaithe idirnáisiúnta, faoi cheannas Fiontar, le chéile mar threoir don Rialtas agus iad ag ullmhú na straitéise.
Mhol saineolaithe Fiontar, mar shampla, go mbeadh Oifig Comhordaithe Clár laistigh de Roinn an Taoisigh freagrach as cur i bhfeidhm na straitéise, moladh nár glacadh leis, ach moladh a chualathas arís ag cruinniú na seachtaine seo caite.
Dúirt an taighdeoir agus anailísí, Donncha Ó hÉallaithe, gur chóir cuireadh a thabhairt d’údair thuarascáil Fiontar teacht os comhair an choiste le plé a dhéanamh ar na moltaí uatha nár glacadh leo sa dréachtphlean.
I measc na moltaí eile a rinne na heagraíochtaí teanga bhí go gcuirfí cúrsa comhtháite céimnithe Gaeilge i bhfeidhm sna scoileanna; go mbeadh comhstádas ag an nGaeilge ar chomharthaí bóthair dátheangacha; agus go mbunófaí córas earcaíochta sa tseirbhís phoiblí a chinnteodh go bhfostófaí daoine le Gaeilge.
Dúirt roinnt de na hionadaithe ó na heagraíochtaí a d’fhreastal ar an gcruinniú go raibh gá le hidirdhealú níos soiléire sa straitéis idir ról Údarás na Gaeilge (Údarás na Gaeltachta mar atá) agus ról Fhoras na Gaeilge.
Mheas cainteoirí éagsúla gur laghdú stádais don Ghaeltacht a bheadh ann dá gcuirfí deireadh le hÚdarás na Gaeltachta agus gur buille a bheadh an do chruthú fostaíochta agus cothú fiontraíochta sa Ghaeltacht.
Dúirt toscaireacht TG4 go raibh gá le “comhthéacs siamsúil” níos leithne a chruthú don teanga agus mholadar go gcuirfí suíomh Idirlín nua ar leith ar fáil a dhéanfadh freastal ar riachtanais phobal na Gaeilge ar fud an domhain, go mbunófaí seirbhís theilifíse dhigiteach nua do dhaoine óga agus go ndéanfaí craoladh as Gaeilge ar mhórimeachtaí spóirt.